Le Michal Boleslav Mechura nó Micilín Mac Mìchúra
Is minic mé ag gearán faoin easpa infreastruchtúir atá in Éirinn don lucht siúil sléibhe (nó cnocadóireachta, mar is fearr liom féin tabhairt air). Creid nó ná creid, cé gur caitheamh aimsire í a chnocadóireacht a bhaineann leis an dúlra, tá infreastruchtúr ag teastáil chuici.
Nuair a deirim infreastruchtúr, is é atá i gceist agam ná dhá rud go príomha. Uimhir a haon ná dóthain bealaí marcáilte atá saor ó chonspóid maidir le cearta rochtana. Uimhir a dó ná iompar poiblí chun tú a thabhairt chuig na bealaí sin.
Tá Éire gann ar an dá rud ach, díreach le déanaí, tá rud tarlaithe i Sléibhte Chill Mhantáin ar tuar dóchais é. Tá an comhlacht Coillte, i gcomhar le Dublin Mountains Partnership, tar éis roinnt bealaí nua a mharcáil agus a oscailt i gceantar Thigh Bródáin (Tibradden) agus na Craobhaí (Cruagh) i nDeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, chuir siad seirbhís bus ar bun a théann ó stáisiún Luas Áth an Ghainimh go dtí na háiteanna seo agus ar ais.
Tá an togra seo le moladh. Bhain mé féin agus mo chailín trial as an deireadh seachtaine seo caite agus is féidir linn a thuairisciú go n-oibríonn sé. Dar ndóigh, níl clúdaithe faoin togra ach cuid bheag bhídeach de Shléibhte Chill Mhantáin. Siúlóid ghearr éasca atá ann.
Ach is tuar dóchais é. Is comhartha é go bhfuil Coillte, an t-úinéir talún is mó sa tír, tar éis a aithint nach aon namhaid iad na cnocadóirí agus gur fearr déileáil leo ach infreastruchtúr ceart a chur ar fáil dóibh.
Deir lucht a dhéanta gur scéim phíolótach atá ann. Tá súil agam go mbeidh rath air agus go spreagfaidh sé na húinéirí talún agus na húdaráis chuig dearcadh níos dearfaí i leith na cnocadóireachta.
www.cainteoir.com