I rith an chéad chúpla mí den bhliain seo caithfidh sraith nua teilifíse súil eile ar stair na Fionlainne: Suomi on ruotsalainen an teideal, is é sin, ‘Tír Shualannach í an Fhionlainn’. Agus sa deireadh thiar thall níl ann i ndáiríribh ach lomlán na fírinne. Chaith an Fhionlainn agus an tSualainn timpeall is seacht gcéad bliain faoi aon bhratach amháin agus aon choróin amháin, agus is léir gur fhág na cianta cairbreacha sin a sliocht ar an tír.
I rith an chéad chúpla mí den bhliain seo caithfidh sraith nua teilifíse súil eile ar stair na Fionlainne: Suomi on ruotsalainen an teideal, is é sin, ‘Tír Shualannach í an Fhionlainn’. Agus sa deireadh thiar thall níl ann i ndáiríribh ach lomlán na fírinne. Chaith an Fhionlainn agus an tSualainn timpeall is seacht gcéad bliain faoi aon bhratach amháin agus aon choróin amháin, agus is léir gur fhág na cianta cairbreacha sin a sliocht ar an tír.
Sa bhliain 1809 ghabh saighdiúirí Impireacht na Rúise an Fhionlainn, agus ansin b’éigean dár sinsir slán a fhágáil ag an rí i Stócólm agus dílseacht a mhionnú don tSár i gCathair Pheadair – cathair atá suite in aice leis an bhFionlainn, dála an scéil.
I ré an tSóivéadachais ba pholasaí oifigiúil san Fhionlainn é dea-thoil a spreagadh i measc mhuintir na tíre i leith an Aontais Shóivéadaigh – nó na Rúise. Cuid de seo ab ea é go mbítí ag tagairt don naoú haois déag, nuair a bhí an Fhionlainn ina hArd-Diúcacht faoi fhorlámhas na Rúise Impiriúla, mar ré órga i stair na tíre roimh an neamhspleáchas. Ba ghnách béim a chur ar an rialtas fairsing forbartha dúchais a bhí againn san am, ar an gcead a bhí againn an Fhionlainnis a chur chun cinn mar theanga chultúrtha.
San am chéanna is minic a ligtear i ndearmad gurbh ionann an tsaoirse a bhí againn san am sin go bunúsach agus an tsaoirse a bhí againn i ré na Sualainne. Is éard a bhí i gceist leis an rialtas dúchais ná gur fhág an tImpire Rúiseach seandlí na Sualainne i bhfeidhm san Fhionlainn. Socrú praiticiúil a bhí ann thar aon rud eile: nuair a bhí a gcóras seanbhunaithe rialtais féin ag na Fionlannaigh, bheadh sé róchostasach córas nua a chur ina áit.
Níl ceist pholasaí na dteangacha féin chomh simplí is ba ghnách a áitiú fadó. Nuair a bhí mé féin ag dul ar scoil, ba é an fhírinne oifigiúil ná gur tháinig an-fheabhas ar stádas na Fionlainnise sa naoú haois déag, chomh sásta is a bhí na himpirí Rúiseacha comhoibriú le gluaiseacht na Fionlainnise. Bhí an stair ní ba chasta mar sin féin. Ní raibh an teanga faoi chois roimh an tréimhse Rúiseach ach an oiread: cuireadh Fionlainnis ar dhlíthe na Sualainne san ochtú haois déag, nó bhí gnáthdhaoine nach raibh Sualainnis acu ina mbreithiúna cúnta, agus theastaigh leabhar na reacht uathu mar uirlis riachtanach oibre.
Má chuirimid Éire i gcomparáid leis an bhFionlainn tabharfaidh muid faoi deara gan mhoill go raibh difríocht mhór amháin ann: d’athraigh muintir na Fionlainne béasa le teacht an Reifirméisin chomh maith le muintir na Sualainne sa chiall chúng. Mar sin ní raibh contrárthacht reiligiúnach ann. Is é an meas a bhí ag ríthe na Sualainne ar mhuintir na Fionlainne gur géillsinigh agus Protastúnaigh dhílse a bhí ionainn, agus níor sheas an teanga don reibiliúnachas, dar leo.
Dá gcloífeadh na Fionlannaigh leis an seanchreideamh Caitliceach, bheadh cuma eile ar an scéal gan dabht gan déidearbhadh, nó i ndiaidh do na Sualannaigh dul le Protastúnachas d’iompaigh an tSualainn ina stát ”bunúsaíoch” nár cheadaigh aon chineál easaontais i gcúrsaí an chreidimh. Le fírinne bhí lucht an Ortadocsachais – an mionlach reiligiúnach in Oirthear na Fionlainne a chuaigh le creideamh na Rúise – go mór mór faoi leatrom nuair a bhí an dian-Phrotastúnachas i réim sa tSualainn.
Is dócha go mbeadh an chuid eile de mhuintir na Fionlainne go léir sa chruachás chéanna, dá bhfanfaidís dílis don Chaitliceachas i ndiaidh an Reifirméisin.
Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair.