Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Tar éis Gaza

Last update - Thursday, January 29, 2009, 18:04 By Gearóid Ó Colmáin

Tá arm na hIosraele tar éis tarraingt as Gaza le scrios graosta agus éadochas doimhin a fhágáil ina ndiaidh. Le níos mó ná 1300 daoine maraithe acu, tá siad ag tabhairt aghaidh arís don Teach Bán agus an tUachtarán nua. Céard atá i ndán do mhuintir na Pailistíne anois? Cén athruithe a fheicimid ón gcéad primus inter pares i Washington chun deireadh chur leis an slad leanúnach sa réigiún?

Tá polaiteoirí na hEorpha ag súil le ré nua na taidhleoireachta faoi stúirth-eoireacht Obama. Ach tá dearcadh Obama maidir le todhcaí na hIosraele neamhsholéir go fóil. Go deimhin, bhí an-bhrú air roimh an olltoghcháin tacaíocht rí-thábhachtach ó ‘lobby’ iosraelach a fháíl. Mar sin, ní dheachaigh sé ró-fhad ó sheasamh tradisiúnta na Stát Aontaithe maidir le colúnaíocht an stáit Giúdaigh sa réigiún na Pailistíne.
Ceann de na céad rudaí a rinne Obama, áfach, nuair a thosaigh sé ag obair sa Teach Bán ná glaoch a chur ar phríomh-aire Olmert agus Mahmoud Abbas. Ach caithfidh sé a bheith ar eolas aige anois nach leor é sin. Má tá a ráiteas faoi chonradh a dhéanamh le gach taobh na comhlinte fíor, caithfidh sé comhrá a thosú le Hamas. Tá sé furasta a thuiscint an drogall ata ar pholaiteoirí na hEorpha agus na Stát Aonaithe dul chun margaidh le Hamas.
Cuireann a bhfealsúnacht ioslammach agus a ngráin d’Iosrael déistin ar na cumhachtaí iartharacha, agus is constac mór é gan amhras. Ach caithfidh an ghráin sin de Hamas a bheith níos measa anois, agus iad fós i gcumhacht sa Stráca Gaza. Chomh maith le sin, ní féidir linn a shainordú daonlathach a shéanadh fiú amháin mura gcloínn an sainordú antoisceach sin lenár ndearcadh tuata. Tá sé tharr am a ghlacadh go bhfuil an soi-disant; Údarás Pailistíneach’ de Mahmoud Abbas as feidhm, sa Gaza ar aon nós. Mura nglacann na Stáit Aontaithe agus an t-Aontas Eorpach é sin, bhí bheith aon seans acu réiteach buan a fháil don choimhlint.
Athrú eile atá le déanamh ná deireadh a chur le lánchosc in éadan mhuintir na Pailistíne. Níor chuir sé iontas orainn ro raibh rialtas Bush ar son na beartais sin, ach is náire mhilteannach í go bhfuil an tAontas Eorpach sásta an lánchosc sin a thoiliú. An gcuimhin leat an téarma dlí idirnáisiúnta? Nach bhfuil sé tharr am an téarma a tharaingt as an ndíchuimhne agus an dlí a chur ar Iosrael de bharr a n-ainghníomhaithe sceimhlitheoireachta? Céard a dhéanfaidh Cúirt an Domhain faoi usaid an fhosfair d’airm na hIosraele? Thug Bush praiseach ollmhór eachtrannach do Bharack Obama agus is í ceist na Pailistíne a chéad dushlán.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links