Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Tagann an ghrian

Last update - Thursday, April 22, 2010, 11:29 By Le Siún Ní Dhuinn

Trí ghruamacht, dorchadas agus duairceas an tsaoil, tagann an ghrian.

Tá a fhios ag gach mac máthar go bhfuil an tír ina praiseach ó thaobh fostaíochta, airgeadais agus córas éagsúla an rialtais, Tá muid ar fad cráite ag an iriseoireacht ghruama laethúil atá ag béicigh orainn ó phríomhleathanach gach nuachtán in Éirinn.
Ach nuair a bhriseann an ghrian amach tríd scamaill an duaircis, tapaíonn formhór na n-Éireannach an deis agus tagann na bristí gearra amach a caitheadh sa chófra bliain ó shin leis an tuáille don trá.
Le seachtain anuas, tá craiceann geal na hÉireann nochtaithe ar shráideanna na cathrach agus ar bhóithríní na mbailte beaga. Glanann aimsir bhreá buairt dhaoine agus déanann muintir na hÉireann dearmad ar dheacrachtaí airgid, ar Seánie Fitzpatrick agus ar Michael O’Leary agus a tháillí breise.
Nach deas an nós é go bhfuil an cumas sin ionann mar dhaoine an ghrian na cheiliúradh?
Casann cairde ar a chéile, rud nach ndéanfaidís murach gathanna na gréine. Eagraítear cóisirí barbaiciú agus tugtar cuireadh do chomharsan agus baill theaghlaigh teacht le chéile agus am a chaitheamh i dteannta a chéile.
Is minic nach dtugann muid aon aird ar an aimsir go dtí go dtaispeánann déithe na n-aimsir cé aige a bhfuil an chumhacht. Fanfaidh cuimhní an gheimh-ridh a bhí againn i mbliana in aigní na ndaoine go ceann tamall fada ach, ar bhealach nach iad cúrsaí aimsire a chuireann daoine ag caint ar bhusanna na cathrach agus thar gheataí pháirceanna na tíre.

Is scríbhneoir agus léachtóir le Gaeilge í Siún Ní Dhuinn in UCD

Gluais - Glossary

gruamacht – gloominess
tapaíonn formhór na n-Éireannach an deis – most Irish people seize the opportunity
táillí breise – extra fees
murach gathanna na gréine – if it weren’t for the sun’s rays


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links