Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Tá rud éigin níos drochthuarthaí ag tarlú anseo

Last update - Thursday, April 1, 2010, 13:40 By Gearóid Ó Colmáin

De réir fóinsí oifigiúila d’fheallmharaigh ETA póilín francach le déanaí. Dúirt uachtarán na Fraince Nicolas Sarkozy an lá ina dhiaidh sin go raibh an grúpa ETA taobh thiar an dhúnmharú.

Go deimhin, bhain Sarkozy an thairbhe as an eachtra. Dúirt uachtarán na fraince nach mbeadh aon eagla ar stát na Fraince roimh sceimhlitheoirí spáinneacha. Sin é Nicolas Sarkosy, fear láidir ag cosaint na tíre ó ‘sceimhlitheoirí’.
Ach bhí fadhb amháin leis an scéal. Chuir na seirbhisí rúnda na Fraince fís amach ina raibh grúpa d’fhir dóiteáin ag siopadóireacht san ollmharaigh i ndeisceart na Fraince.
Dúirt na méain cumarsáide go raibh siad ina sceimhlitheoirí. Ach fuarthas amach ina dhiaidh sin nach raibh baint acu leis an dúnmharú agus scaoileadh amach iad.
De réir dealraimh tá ETA ciontach as an dúnmharú ach tá fadhb mhór leis an scéal. Tá géarchéim throm idir an Spáinn, Veiniséala agus an Cholóim faoi láthair.
Bhris an ghéarchéim amach roinnt seachtaine ó shin nuair a chúisigh uachtarán Uribe na Colóime uachtarán na Veiniséala Hugo Chávez Frías ar a bheith ag cosaint ‘sceimhlitheoirí’ de Farc sa Véiniséala agus go raibh baint acu le sceimhlitheoirí d’Eta.
Is fíor go bhfuil iar-ghníomhaithe ón Eta ina gcónaí sa Véiniséala ach b’shin conradh a shínigh iar-uachtarán na Veiniséala Pedro Andres Peres le rialtas na Spáinne blianta ó shin.
Ansin chuir rialtas na Spáinne a ladar sa scéal nuair a chúisigh siad Hugo Chavez arís faoi na ‘sceimhlitheoirí d’Eta. Anois céard atá ag tarlú maraíonn Eta an chéad póilín francach i stair na Fraince agus cuireann na seirbhísí rúnda físeanna bréagacha amach ar fud fad na tíre?
Beidh na Stáit Aontaithe ag déanamh a liosta ar ball maidir le Stáit atá ag coimirciú ‘sceimhlitheoirí’ agus iad ag iarraidh feachtas bréagach a cruthú chun chur ina luí ar dhaoine san Eoraip go bhfuil Veiniséala ina ‘stát rógaire’.
Tá rud éigin níos drochthuarthaí ag tarlú anseo, i mo bharúil.

Gluais - Glossary

foinsí – sources
dhúnmharú – murder
sceimhlitheoirí – terrorists
físeanna – videos
feachtas – campaign
drochthuarthach – sinister


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links