Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Tá an Eoraip ar meath dár le fealsaimh na Fraince

Last update - Thursday, January 22, 2009, 05:18 By Gearóid Ó Colmáin

Bhíos ag féachaint ar Teilifís na Fraince le déanaí. Díospóireacht shuimiúil a bhí inti ina raibh roinnt fealsaimh dár linne (Michel Onfray agud Bernard Stiegler ina measc) ag tabhairt aghaidh ar na mórcheisteanna a bhaineann le todhcaí na hEorpha tar éis na gearchéime airgeadais. Ní gá dom a chur in iúl daoibh nach raibh a dtuairimí ro-dhócasach!

Dúirt Bernard Stiegler go mbainnean an phríomhfhadb le huileláithreacht na bomántachta, nó ‘betisse’ mar a thugann sé uirthi. Is é sin le rá, toisc go bhfuil caiteachas agus síopadóireacht ina bhuan an domhain iarthair, is cineál mire atá á cothú ar fud na sochaí go léir. An toradh? Easpa fhuinnimh agus go háirithe comhíos ginearálta.
Tá Stiegler den tuairim nach féidir le sin leanúint ar aghaidh agus go mbeidh sé dosheachanta dúinn ar ball an fhiríc sin a ghlacadh. Measann Micheal Onfray go bhfuil créimeadh le feiceáil dár ndúthracht dó bhunsmaointí an Léargais ionas nach bhfuil aon duine faoi láthair sásta bás a fháil ar son a chúise.
Le antoisceachas religúinach ag dul i méid ar fud an domhain maille le dílárnú ghéilleagair na hEorpha i dtreo na Síne agus na hInde, is beag meas, dár le Onfray, atá orthu súid do ról intleachtúil ná hEorpa maidir le cearta daonna agus mar sin de. Síleann Onfray go bhfuilimid ag féachaint ar mheath na hEorpa dá bharr sin.
Ar ámharaí an tsaoil, d’éirigh an cómhrá níos dearfaí nuair a tháinig an t-údar meiricánach Paul Auster isteach chun a leabbhar nua a sheoladh sa Fhrainc. Nuair a fhiafraigh an láithreoir dí an raibh sé dóchasach faoin mbliain nua atá romhainn, dúirt sé go raibh. Is féidir linn, dar Auster, a bheith ag súil le athrúithe suntasach móra ó Uachtarán Obama.
Cé gur d’aontaigh gach duine le tábhacht thoghcháin Obama i dtaobh fhadbh an chiníochais de, ní raibh na fealsaimh eile d’aon tuairim le Auster maidir le athruithe móra. Bhféidir go mbeach sé ceart a áiteamh go bhfuil sé sin an difríocht idir na Stáit Aontaithe agus an t-Aontas Eorpach. Measann na Meiricánaigh go bhfuil na hEorpaigh ró-dholásach faoin saol, agus measaimid go bhfuil lé acusan an réaltacht a chur i gcéill faoi scáileán an shiorbhíochais bhréagaigh!
Ba bhrea liom Auster a chreidbháil ach nuair a smaoiníonn tú faoin sceimhlitheoireacht mhilteanach feartha ag Iosrael ar mhuintir na Gaza ar feadh míosa anois, agus an dhílseacht dhaingean a fhaigheann siad ón dTeach Bán cibé ainghníomh a dheánann siad, ní foláir duit a bheith réalaíoch. Beidh iontas an domhain orm má fheicim athrú suntasach ó Obama maidir le dluthchairdeas idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael.
Tá an iomarca forsaí rúnda ag feidhmiú taobh thiar na faidhbe sin a chuirfidh cosc ar aon athrú na bpolasaí. Is í an chontúirt le toghchán Obama ná go bhfuilimid uile faoina dhraíocht. Tá an-dhúil againn an bhrionglóid a chréidiúnt ach is annamh a chuirtear aghaidh nua tarraingteach ar sheanchóras lofa. É sin ráite, tá sé ró luath anois a bheith cinnte faoi dhearcadh Obama maidir le Meán Oirthear.
An t-aon rud atá soléir, áfach, ná thapaigh na hiosraelaigh an deis a n-ainghhíomhartha a dhéanamh san idirthreimhse rialtais na Stát Aontaithe. Tá eagla orthu roimh mhíshástacht an uachtaráin nua. Ach céard a dhéanann an t-Aontas Eorpach faoi sceimlitheoireacht na hIosraele? Níl aon athrú beartais an tAontais Eorpaigh maidir le stádas de Hamas. Is sceimhlitheoirí iad, dár leo. Is comhartha é seo nach féidir linn a shéanadh, comhartha a thaispeánann nach bhfuil aon mhoráltacht pholaitiúil fágtha san Eoraip.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links