Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Seirbis & Cróitis - dhá theanga nó aon teanga amháin?

Last update - Thursday, August 1, 2013, 12:47 By Panu Höglund

Fuair an tAontas Eorpach ballstát nua, mar atá! Ceann de na stáit í an Chróit a tháinig ar an bhfód de thoradh chogaí na hIúgslaive. Stát ilnáisiúnta ilteangach a bhí san Iúgslaiv ach is minic a ligtear i ndearmad gur éirigh na cathanna ba chruálaí sna cogaí úd idir naimhde nach raibh difríocht teanga leo, go bunúsach. 

Cé nach maith le mórán sa chearn sin den domhan é seo a admháil, ní féidir a rá ach ar éigean gur teangacha éagsúla iad an Chróitis, an tSeirbis agus an Bhoisnis, agus go bhfuil an seanainm ‘Seirbea-Chróitis’ inúsáidte i gcónaí, más teangeolaí léannta thú nach dtugann aird ar éilimh na náisiúnaithe éagsúla.

Aon duine a chaithfeas súil ar théacsleabhair na Seirbea-Chróitise – nó ‘na Seirbise nó na Cróitise’, mar is fearr le húdair an lae inniu a rá ar mhaithe le cirte pholaitiúil na mBalcán – ní bheidh sé i bhfad ag fáil amach go bhfuil trí mhórchanúint ag an teanga, mar atá, Steocaivis, Cadhcaivis agus Seacaivis, agus ainmneacha na dtrí gceann bunaithe ar an dóigh a ndeirtear ‘céard’ nó ‘cad’ sna canúintí. 

Scéal eile áfach nach bhfuil Cadhcaivis agus Seacaivis á labhairt ach sa Chróit. Is í an Steocaivis is bunús leis an gcaighdeán scríofa sa Chróit, sa tSeirbia, i Montainéagró agus sa Bhoisnia araon, cé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na caighdeáin éagsúla. Mar shampla, ní hionann ainmneacha na ndúl ceimiceach sa Chróitis agus sa tSeirbis, de réir na gcaighdeán náisiúnta.

Sna háiteanna a raibh an daonra measctha roimh na cogaí ba í an chanúint chéanna a bhí á labhairt ag na Crótaigh, na Seirbigh agus na Boisniaigh. Scéal eile áfach gur chuir pleanáil oifigiúil na teanga sa tSeirbia agus sa Chróit béim ar ghnéithe éagsúla. Sa Chróit, bhí ról ní ba mhó ag an nglanteangachas, nuair ab fhearr leis na Seirbigh aitheantas a thabhairt do na focail iasachta ó theangacha eile a chuaigh greamaithe i gcaint na ndaoine. Mar shampla, is fearr leis na Seirbigh ainmneacha idirnáisiúnta na míonna na bliana, nuair a úsáideas na Crótaigh ainmneacha Slavacha.

Inniu, tá a caighdeán féin ag gach tír ina labhraítear leagan éigin den tSeirbea-Chróitis, agus iarrachtaí á ndéanamh leis na caighdeáin a dhéanamh chomh dothuigthe ag cainteoirí na ‘dteangacha’ bainteacha eile agus is féidir. Rud intuigthe é sin i bhfianaise na gcogaí cruálacha a cuireadh thiar sna nóchaidí, ach ina dhiaidh sin féin is dual don teangeolaí agus do léitheoir na litríochta Seirbea-Chróitise araon an fhorbairt seo a cháineadh. 

Scríobhadh a lán úrscéalta spéisiúla sa tSeirbea-Chróitis, agus bhí scéalaithe sciliúla ag saothrú na teanga: Danilo Kis, Milos Crnjanski, Milorad Pavic, agus Ivo Andric, ar bronnadh Duais Nobel sa litríocht sa bhliain 1961. Ba mhór an trua dá ligfí saothar na scríbhneoirí seo i ndearmad toisc nach bhfuil a dteanga agus a stíl ag cur leis na caighdeáin nua a thuilleadh.

 

Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund agus staidéar déanta aige ar an léann Slavach.

 

 


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links