Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Pléascadh an tSamhraidh

Last update - Thursday, May 20, 2010, 12:42 By Siún Ní Dhuinn

Deirtear gurb iad na rudaí beaga a thaispeánann treo na gaoithe sa saol seo agus le roinnt seachtainí anuas sa tír seo is fíor seo. Ó thosaigh an bolcán Eyjafjallajökull san Íoslainn ag pléascadh tá muintir na hEorpa imníoch faoi chúrsaí taistil an tsamhraidh.

De réir Met Éireann ní fadhb ghearrthéarmach í seo ach fhadhb a bhéas linn go ceann cúpla mí ar a laghad. Má ghlacfaimid leis an ráiteas sin, beidh clanna agus lánúin ag dul chuig an aerfort dá laethanta saoire agus ag fáil scéalta nach bhfuil aon eitilt ag teacht nó ag imeacht ón tír.
Fadhb mhór í seo dár ndóigh, má smaoinímid ar thuismitheoirí le páistí óga nach bhfaigheann ach deis amháin le dul thar sáile i rith na bliana. Ar an drochuair, níl aon neart ag éinne ar an scéal seo agus mar sin nílimid in ann an locht a chur ar an rialtas don fhadhb áirithe seo.
Mar thoradh ar seo ar fad, is dóigh liom go gcaithfimid teacht ar ár réiteach féin.
Rith sé liom le déanaí nach bhfuil gach cúinne den tír álainn seo feicthe agam. Chaith mé laethanta saoire m’óige sa bhFrainc le mo theaghlach, ag campáil. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar na laethanta fada, geala agus suaimhneacha a chaitheamar ansin. Ach, tá seoda nach bhfuil feicthe agam in Éirinn. Ní raibh mé i gcontae an Chláir riamh i mo shaol, áit atá lán le ceol, cultúr agus radharcanna breátha.
B’fhéidir gurbh fhiú do mhuintir na hÉireann féachaint ar a bhfuil timpeall orthu. Tá fáth déthoiseach leis an moladh seo. Laghdódh sé díomá agus buairt an-chuid daoine atá le taisteal thar lear ach nach bhfaighfidh níos faide ná geataí an aerfoirt agus d’fhéadfadh an tír neart airgid a dhéanamh as na ‘staycations’ seo.
Braithim go ndéanfadh sé seo an-mhaitheas do mhuintir na hÉireann. Tuigim go maith nach bhféadfaimis brath ar an aimsir sa tír seo ach tá cultúr dúchasach fite fuaite i bhformhór na mbailte in Éirinn nach bhfuil gathanna na gréine riachtanach dóibh.
Dá dtabharfadh teaghlach faoi chuairt a thabhairt ar Chorca Dhuibhne agus am a chaitheamh cois fharraige agus ag sú isteach atmaisféar síochánta na háite ghlanfadh sé scamaill a mbuartha.
Thabharfadh sé deis do dhaoine anam na tíre a fheiceáil arís agus íomhá dearfach a dhéanamh do rud a d’fhéadfadh a bheith diúltach.

Is scríbhneoir agus léachtóir le Gaeilge í Siún Ní Dhuinn in UCD


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links