Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Níos mó faoin gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta

Last update - Thursday, April 29, 2010, 13:23 By Gearóid Ó Colmáin

Cé go bhfuil an cogadh san Afganastán ar siúl anois le níos mó ná naoi bliain, níl aon dhíospóireacht oscailte sna meáin cumarsáide faoi chuspóir buanach an chogaidh sin.

Cén fáth go bhfuil trúpaí ón Ecat (Eagríocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh), is é sin le rá, trúpaí ó 18 tíortha an domhain sa tír dhaibhir, iargúlta siúd ar aon nós?
Agus cén fáth nach bhfuil na méain cumarsáide in ann an cheist sin a phlé ar choi mhacánta gan dul in muinín na miotaseolaíochta maidir le ‘daonlathas’ no seafóid faoi ‘shláindáil idirnáisiúnta’? Tá a fhios againn, mar shampla, go raibh ola thaobh thiar den chogadh san Íaráic, ach cen fáth Afganastáin?
Sea, chualamar scéalta faoi Osama Bin Laden, al-Qaeda, sceimhlitheoirí agus a gcaidreamh leis na Taliban ach céard faoi Bhin Laden inniu? An bhfuil Ecat fós in a thóir? Dár le Iriseoir Bob Fisk, tá Bin Laden beo beathaíoch fós ach conas a bhfuil fhios aige? Go deimhin, chualamar roinnt físeanna le déanaí ón sceimhlitheoir sin ach deir taighdeoirí eile go bhfuar sé bás blianta ó sin.
Dúirt Benazir Bhutto, íarthóir polaitíochta na Pacastáine leis an BBC roimh a bás go raibh Bin Laden marbh. Dár le tuairisc a foilsíodh sa nuachtán meiricánach The Nation, maríodh an CIA Benazir Bhutto de dheasca an teolais a thug sí don BBC faoi Bhin Laden. Má tá sé sin fíor, is léir go bhfuil beatha tar éis an tsaoil nuair a éisteann tú leis na ráitis a chraolann al-Jazeera faoi láthair ón sceimhlitheoir clúiteach sin!
Muna bhfuil Ecat ag lorg Bin Laden agus an eagras sceimhlitheoireachta al-Qaeda san Afganastáin, cá bhfuil siad ag déanamh ann seachas daoine bochta a mharú? Measaim go bhfuil dhá rud lárnach don chogadh san Afganastán: drugaí agus stáitéis gheopolaíochta. Mínaíonn an tOllamh Peter Dale Scott coincheap a thugann sé ‘deep state’ air. In san leabhar.... léiríonn sé an chaoi ina chothaíonn na Stát Aontaithe a gcumhacht ar fud fad an domhain ag baint usáid as an CIA agus margadh na ndrugaí idirnáisiúnta.
Ó buníodh an CIA i 1947, bhí nasc dlúth acu le margadh idirnáisiúnta na ndrugaí: d’oibrigh siad le Mafia san Iodáil tar éis an dara cogadh domhanda agus arís sa Corse ag baint usáid as margadh na ndrugaí chun a nghíomhíochtaí rúnda a mhaoiniú. Rinne an CIA an rud céanna san Vietnám agus Laos sna seascaidí agus sna seachtaidí, agus, ar ndóigh, tharla an rud céanna san Afganastán chomh maith nuair a thug siad tacacíocht don Mujahedeen i 1978.
Mar sin, is chuid lárnach é gáinneáil neamhdhleathach drugaí de ghníomhíochtaí an CIA san Afganastán agus san Áis Láir i gcoitinne. Fadhb mhór í sin do ‘shláindáil idirnáisiúnta’ le heróin agus cocaon go flúirseach ar fud na cruinne!
Anois, is é an rud a tá ag tarlú san Afganastán. Ó tosíodh an cogadh in 2001, tá borradh buan na ndrugaí san Afganastán. Tá fios ag gach duine san Afganastán go bhfuil dearthair an uachtaráin Ahmad Wali Kharzai, ina mhangair drugaí agus gníomhaí CIA chomh maith. An dara cúis don chogadh san Afganastán ná stráitéis gheopolaíochta.
Tá Ecat ag iarraidh cumhacht a fháil san Áis Lárnach chun piplínte a thogáil chun gáis agus ola a thabhairt don Eoraip. Níl i gceist san Afganastán mar sin ach ‘al-Qaeda’, focail a chiallaíonn ‘bunáit’.
Is é sin le rá, bunáit mhileata an Ecat chun an domhain a rialú ar leas na gchomlachtaí idirnáisiúnta. Agus, ní féidir linn a rá nach bhfuil sé ag obair; is stráitéis an-bhrabúsach í.

Gluais - Glossary

cuspóir buanach
– fundamental objective
díospóireacht – debate
sceimhlitheoirí – terrorist
caidreamh – relation
taighdeoirí – researchers
gníomhíochtaí – activities
comlachtaí – companies


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links