Nach ionann fógraíocht Hunky Dorys agus gach fógra eile atá le feiceáil ar an teilifís agus sna nuachtáin?
Mar atá i scríobh, níl an IRFU sásta leis na fógraí a thaispeánann mná leath-nocht ar pháirceanna rugbaí. Tá rí-rá agus ruaille buaille ar siúl faoi láthair i ngeall ar na fógraí seo a luann go dtacaíonn siad le rugbaí na hÉireann.
B’fhéidir go bhfuil an dallamullóg ormsa, ach mar bhean Éireannach a bhíonn ag breathnú ar an teilifís agus ag léamh irisí, feictear domsa go bhfuil an rud ceannann céanna á dhéanamh a bheag nó a mhór ag gach comhlacht eile.
Is cuma más ag fógairt seacláide nó peitril atá an comhlacht; baintear úsáid as íomhá de bhean óg chun an táirge sin a dhíol.
Is dóigh liom go bhfuil an oiread sin taithí agamsa ar an gcleas fógraíochta seo nach gcuireann sé isteach nó amach orm nó faoin am seo nach dtarraingítear mo dhá shúil ar na fógraí seo. Measaim gurb é an rud is measa faoin raic seo ar fad ná nár aithin mé aon rud mícheart leis na fógraí seo.
Dá mbeinn beo sna seascaidí agus dá bhfeicfinn a leithéid bheinn amuigh ar shráideanna na cathrach agus mé ar buile, ach sa bhliain 2010 ligim gáire beag mar go bhfuil siad chomh hamaideach.
Cruthaíodh agus cruthaítear, go laethúil an bhean mar rud a mheallann fir i dtreo rud éigin, bíodh sé bainteach le mná nó ná bíodh. Tuigim go maith do na comhlachtaí fógraíochta mar go n-oibríonn na fógraí seo agus díoltar na hearraí ach braithim go bhfuil cuid d’eitic an chomhlachta á chaitheamh san aer acu agus iad ag brath ar an gcleas céanna arís is arís eile.
Bí cinnte de nach ndéanann na grianghraif seo maitheas d’intinn éinne.
Samhlaítear na mná mar rudaí a dhíolann táirgí tríd a gcorp a thaispeáint. Ní hamháin sin ach go gcaithfidh an corp sin a bheith beag in áiteanna áirithe agus mór ina áiteanna eile, mé thuigeann sibh leat mé.
Glactar leis an teachtaireacht agus ansin bíonn mná an domhain feargach le fir agus maslaithe ag fir a bhfuil droch-íomhá ina seilbh acu i taobh na mban. Déantar dochar do-athraithe do mhná freisin. Bíonn mná, agus mná óga ach go háirithe ag tabhairt airde ar na fógraí seo agus ag leanúint na samplaí seo ina saoil, rud nach bhfuil nádúrtha.
Bíodh sin mar atá, má tá Hunky Dorys ag díol níos mó criospaí de bharr na bhfógraí, ní dócha gur chuma leo faoin mbean óg agus a féiniúlacht.
Is scríbhneoir agus léachtóir le Gaeilge í Siún Ní Dhuinn in UCD