Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Madra, gunna agus litir dlíodóra

Last update - Thursday, June 25, 2009, 16:17 By Metro Éireann

Le Michal Boleslav Mechura nó Micilín Mac Mìchúra

Tá sé in am labhairt faoi chearta rochtana faoin tuath arís. Tá sé in am labhairt fúthu arís mar tharla an “eachtra” arís. Bhí mo chailín agus mise ag siúl i gCill Mhantáin an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuail feirmeoir feargach orainn, madra lena chois, gunna ina lámh agus litir dlíodóra sa lámh eile.
Ceart go leor, tá mé ag áibhéal rud beag, ní raibh gunna aige, ach tuigeann sibh an saghas teacht le chéile a bhí ann. Cairdiúil ní raibh sé.
“Is liomsa an talamh seo, níl ceart agaibh dul air”. Ach bhí mise ag mothú cróga an lá sin (ní raibh gunna aige mar a dúirt mé) agus thosaigh mé ag cur cainte air. Bhog sé sin de bheagán é. Dúirt sé go gcothaíonn strainséirí trioblóid ar a thalamh. Dúirt sé go ndearnadh damáiste dá mhaoin agus go ndearnadh ionsaí ar a mhuintir. Dúirt sé nach bhfuil uaidh ach an Domhnach a chaitheamh go síochánta.
Bhuel. Nár chuala mé an port sin cheana. Tá mé dubh dóite den líne argóna a bhíonn ag feirmeoirí gurb iadsan na híospartaigh agus nach mbeadh deacracht ann murach go mbíonn daoine ag déanamh damáiste dá gcuid taracóirí, ag corraí a gcuid caorach nó ag bagairt ar a muintir. Níl aon fhianaise agam ach tá tuairim agam go bhfuil na scéalta seo aibhéalta acu, agus aibhéalta go mór. Tá tuairim agam nach bhfuil sna feirmeoirí seo ach cancráin nimhneacha chúngaigeanta, daoine a fheiceann an namhaid i ngach duine eile. Ceapaim gurb é sin fíorchúis na faidhbe, seachas drochiompar na strainséirí.
Ag deireadh na comhráite dúirt mo dhuine nach raibh trioblóid ar bith aige le siúlóirí sléibhe macánta ar nós linne, nach mian leis an lá a loit orainn agus lig sé dúinn dul ar aghaidh tar éis an tsaoil. Bhí sé sin go deas, ach bhí sé mícheart. Ní ceart bheith ag brath ar dheathoil na bhfeirmeoirí.
Ba cheart dlí soiléir a bheith ann a chuirfeadh feoil ar chnámha an choincheapa teibí sin ar a gcuirtear “ceart slí poiblí”. Ba cheart go mbeadh marcáil shoiléir déanta ar na bealaí agus slite agus cosáin agus eile a bhfuil an ceart sin ag baint leo. Ba cheart go mbeadh cinnteacht ann i gcónaí, cibé bealach a dtéann tú sa tír, a bhfuil nó nach bhfuil ceart slí poiblí ann. Agus ní gá dul i bhfad ó Éirinn chun féachaint ar shampla de thír ina bhfuil a leithéid seo déanta: tá córas iontach soiléir ann sa Bhreatain Bheag agus is mór an faoiseamh é bheith ag siúl ann.
Go dtí go mbeidh a leithéid in Éirinn, ní bheidh deireadh tagtha le feirmeoirí binbeacha ar nós mo dhuine a loit an lá orainn in ainneoin go ndúirt sé nár mhian leis é.

www.cainteoir.com


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links