Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

‘Luach maith ar airgead na gcáiní-ocóirí i gceist le hOtharcharranna Pobail IRC na hÉireann’ - Ó Cuív

Last update - Thursday, February 19, 2009, 02:17 By Metro Éireann

Dúirt Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag seoladh trí otharcharr pobail de chuid Chumann Croise Deirge na hÉireann i nGaillimh um thráthnóna, go gcabhraíonn na scéimeanna a mhaoinítear faoi CLÁR go mór le comhionannas a ghnóthú maidir lena chinntiú go soláthraítear seirbhís ar chomhchaighdeán do na pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí ar chostas sách íséal don cháiníocóir.

Soláthraíodh cómhaoiniú do na trí otharcharr a seoladh faoi thionscnamh CLÁR a thug an tAire Ó Cuív isteach in 2007 chun deontais a chur ar fáil d’otharcharranna atá i bhfeidhm ag Seirbhísí Deonacha Otharchairr i gceantair CLÁR. Tá €1.5m á sholáthar ag an Roinn in aghaidh na bliana faoin Scéim, thar thréimhse dhá bhliain ar 80% per cent den chostas a ghearrtar ar otharcharranna pobail deonacha a cheannach. Cuireadh maoiniú €241,589 ar fáil in 2007 agus maoiniú €199,903 ar fáil in 2008 chun na trí fheithicil nua a cheannach, a n-úsáidfear iad i gCeatharlach, Sligeach agus Ros Comáin.
Dúirt an tAire Ó Cuív: “Ní hamháin go bhfeabhsóidh na trí otharcharr seo caighdeán saoil daoine; ach rachaidh siad céim eile chun cinn air sin trí bheathaí a shábháil. Ní féidir liom an-iomarca béime a leagan ar an tábhacht a bhaineann leis seo. D’fhéadfadh na trí otharcharr seo lasmuigh difríocht mhór a dhéanamh do mhuintir Sheanleithghlinne i gCeatharlach, Chnoc an Chorráin i Sligeach agus Bhealach an Doirín i Ros Comáin, ó thaobh cúrsaí báis nó beatha de.
“Solóthróidh siad slándáil agus modh chun rochtain a fháil ar an gcúram míocháine atá ag teastáil ó na daoine sa phobail CLÁR seo ar infheistíocht an-bheag. Creidimse gur chóir go mbeadh an cáiníocóir an-sásta leis an luach ar airgead a bhainfidh na hotharcharranna seo amach.”
Thug an tAire moladh don obair a dhéanann oibritheoirí deonacha Chumann Croise Deirge na hÉireann, a bheidh i gceannas ar na hotharcharranna, agus an méid seo a leanas le rá aige:
“Measann roinnt tráchtairí go bhfuil spriorad an phobail á chailleadh ag muintir na hÉireann, go bhfuil daoine níos leithleasaí agus nach bhfuil siad chomh toillteanach céanna chun a gcuid ama a chaitheamh ag cabhrú le daoine eile.
“Ní chreidimse go bhfuil an tuairim sin fíor. Buailim le daoine nuair a thugaim cuairt ar shráidbhailte, paróistí agus cathracha ar fud na tíre, atá cosúil libh féin agus a chreideann gur chóir an t-iarracht a dhéanamh chun bhur bpobail féin a threisiú. Buailim le daoine atá réidh le dianobair a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do na daoine sin ina bpobail a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu. Buailim le daoine atá an-ghnóthach ach d’ainneoin sin a chaitheann an beagán ama atá saor acu chun páirt a ghlacadh i bhforbairt phobail nó traenáil spóirt a chur ar fáil do dhaoine óga nó cairdeas agus cúnamh a léiriú do dhaoine níos sine.
“Tá a fhios ag na hoibrithe deonacha sin nach bhfuil a gcuid ama “á ghéilleadh” acu ach go bhfuil an t-am sin á infheistiú acu sa phobal. Cé go gcuireann an Stát tacaíocht agus treoir ar fáil i gcónaí, is ón taobh istigh a thagann spiorad an phobail.
“Léiríonn an scéim seo an méid is féidir a ghnóthú trí chomhpháirtíocht idir pobail, eagraíocht dheonach agus an Stát, agus cuirfidh iarrachtaí na bhfear agus na mban ó Chumann Croise Deirge na hÉireann go mór le acmhainn an-suntasach a dhéanamh as na hotharcharranna seo do na pobail a ndéanfar freastal orthu leo.”


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links