Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Léirscríos na hÁise Láir: Tá an phíblíne ag éirí nios costasaí gach lá

Last update - Thursday, July 16, 2009, 17:56 By Gearóid Ó Colmáin

Tá níos mó ná 100 milliún dídeanaigh i bPacastáin faoi lathair de bharr an chogaidh idir na Stáit Aontaithe agus na Taliban agus tá daoine ag fáil báis gach lá.


Anois tá na Stáit Aontaithe ag dul sa tóir ar na trodaithe a chruthaigh siad féin  le cabhair ó arm na Pacastáine. Ach tá chuid mhór d’airm na Pacastáine báúil leis na Taliban agus deirtear go bhfuil roinnt trodaithe sa Taliban fós ar phárolla de ISI, an tseirbhís rúnda na Pacastáine!
Mar sin, ní féidir le Washington an cogadh sin a bhuachaint ar aon chaoi. Cé go bhfuil a fhios againn gur chruthaigh an CIA maille le ISI na Pakistáine an Taliban sna hochtóidi, nuair a ghríosaigh siad na Rúissigh chun cogadh a dhéanamh san Afghanastáin, níl sé soléir go fóill cén ghaol atá idir an Taliban agus an CIA faoi láthair.
Dúirt an t-iriseoir Seymour Hersh cúpla bliain o shin gur ndéarna arm na Pacastáine aertharlú de níos mó ná 3,500 trodaithe d’Al Qaeda le cead ó Washington! 
Tá Seirbhís Rúnda Arabach Sádach bainteach le ISI na Pacastáine chomh maith. B’iadsan a sheol Osama Bin Laden don Afganastáin chun an Jihad a chothú ann sna hochtoidí nuair a d’iarr an CIA cabhair orthu chun a gcogadh rúnda in éadan an t-Aontais Sovéidigh a threisiú. Ba radacú an réigiúin ar fad an toradh le togáil an mhadrasa in áit na scoile.
Dé réir roinnt tuairiscí bhí Bin Laden ag obair go díreach leis an CIA ag an am agus ba Tim Osman an t-ainm a thug siad dó.  Nuair a smaoinaíonn tú faoi dhluthcheangail idir an CIA, ISI agus Al Qaeda tá sé deacair a rá cé hiad na sceimhlitheoirí sa réigiún i ndáiríre!
Cé go bhfuil a fhios ag ionadaithe an Pheinteagáin nach féidir leo an cogadh a bhuachaint anois, mar sin féin níl aon chosúlacht  go dtarraingeoidís amach na trúpái ar ball. Ach céard atá i gceist san Afganastáin i bhfírinne?
Le titim an t-Aontais Sovéidigh fuair na Stáit Aontaithe amach go raibh alán acmhainní ola san Fharraige Chaispeach. Bhí an Fharraige Chaispeach lárnach do pholasaí eachrannach na Stát Aonaithe o shin i leith. I 1995 shínigh siad comhaontú le Tuircméanastáinchun cead a fháil tionscal na hola sa tír a fhorbairt d’fhonn píblíne a thógáil ó Thuircméanastáin trí mheán na hAfghanastáine go dtí an Phacastáin.
I 1998 dúirt John Maresca ó chomhlacht ola ilnáisiúnach mheiricánach Unicol do Theach na nIonadaithe na Stát Aontaithe go mba choir go gcuirfí an Taliban as rialtas na hAfganastáine chun go mbeadh rialtas sibhialta ann a mbeadh báúil lena mbeartas.
Dar le Jean Charles Brisard agus Guillaume Dasquie a scríobh an leabhar La Verité Interdite, sin an foláireamh deiridh a thug an  Pheinteagán dóibh: “Either you accept our offer of a carpet of gold, or we bury you under a carpet of bombs.”
Bheul, tá cairpéad na mbuamaí ag leathnú ar fud fad na hÁise Láir anois agus éagobhsaíocht an réigiúin ag dul in olc gach lá. Dá bhrí sin, níl aon chosúlacht go n-éireoidh leo anois an phíblíne a thógáil ach oiread. Mar sin is cogadh gan chiall gan deireadh atá i ndán don réigiún as seo amach.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links