Tá club nua Gaeilge bunaithe ag grúpa díograiseoirí na teanga i mBaile Átha Cliath. Is í aidhm an chlub ná deiseanna cainte agus spraoi a eagrú do lucht na Gaeilge ionas gur féidir leo a gcuid teanga a labhairt
Dár le preasráiteas a thabhairt siad do Mhetro Éireann dúirt urlabhraí an chlub: “Tá Sonas dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge, ar lucht foghlama na teanga agus ar aon duine ar spéis leis ceol Gaelach, Ceol Domhanda, amhránaíocht,damhsa agus spraoi!
“Bhí an chéad oíche den chlub ceoil agus Gaeilge seo ar siúl ar an 26 Feabhra thíos staighre in Break for the Border, Sráid Stiabhna Íochtarach. Deis iontach a bhí ann an Ghaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu sa teanga.”
Nuair a d’oscail an club ar an 26 Fearbhra bhí an-shuim léirithe i measc daoine éagsúla idir óg agus shean, Éireannaigh agus inimircigh araon. Is dea-scéal é seo agus léiríonn sé an dúil atá ag lucht óige na Gaeilge eagraíochtaí spreagúila a bhunú chun an teanga a chothú.
An t-aon fhadhb a bheas agam leis an gcoinceap seo, áfach, ná go mbíonn an ceol ró-ard uaireanta, rud a chuireann isteach ar dhaoine a theastaíonn uathu a labharit! Chomh maith le sin, sílim go bhfuil sé deacair cairde nua a dhéanamh nuair a bhuileann tú isteach ar chlub Gaeilge don chéad uair. Ina theanta sin, bheadh sé go deas dá gcuirfidís daoine i dteagmháil le chéile nuair a thagann siad isteach. Chun an club a seoladh, beidh John Spillane ag seinm. Amhránaí spleodar agus fuinniúil..
Ina theanta sin, bhí oíche den scoth Dé Domhnaigh seo caite sa Sráid Vicar. Bhí ceol agus amhráin ón ghrúpa clúiteach sin Kíla; bhí Reggae agus ceol spleodrach ó iarthar na hAfraice ann ón ghrúpa Ojembe; chomh maith le Paddy Courtney, fear grinn, (le seó nua as Gaeilge á dhéanamh aige go spéisialta le haghaidh na hoíche seo) Daithí Ó Dronaí o All Ireland Talent Show agus cleasghleacaí sorcais i measc na réaltaí a bhí ag déanamh spraoi in Vicar St.
Tá teachtaireacht an chlub soléir: “Fag do bhuarthaí i do dhiaidh agus lig do Sonas tú a chur ag gáire agus ag rince le scoth an cheoil agus togha an chomhluadair!
“Tá an club nua eagraithe ag na daoine céana a chur an oíche ‘Sult’ i bhúr láthair anuraidh Tá tuilleadh eolais ar fail síos.”
n Tá ráta speisialta de €15 an duine a thairiscint againn do ghrúpaí de chúigear nó níos mó, ach teangmháil a dhéanamh linn ag clubsonas@gmail.com go luath. Tá lion na dticéad atá ar fáil ar an bpraghas speisialta seo teoranta.
Guíonn Metro Éireann gach rath ar Chlub Sonas agus tá súil againn go spreagfaidh sé suim sa Ghaeilge in san phobail go léir. Go n-éirí an bother libh!
Chlub Sonas @ Break for the Border (Ríomhphost: clubsonas@gmail.com; Suíomh gréasáin: www.clubsonas.com)