Le Michal Boleslav Mechura nó Micilín Mac Mìchúra
Is nós don stát seo daonáireamh a réiteach gach cúpla bliain agus na staitisticí a bhaintear as a chur ar fáil don phobal. Is maith an rud é sin ach tá fadhb amháin leis: tá staitisticí leadránach agus ní léann éinne iad. Dá bhrí sin, shocraigh mise, bhur mblagadóir dílis, cuid de na staitisticí ón daonáireamh deireanach (2006) a shimpliú agus iad a léiriú i bhfoirm léarscáileanna.
Seo é an scéal: déan dearmad go bhfuil breis is ceithre mhilliún duine ag maireachtáil i bPoblacht na hÉireann agus samhlaigh nach bhfuil ann ach 100 duine...
Inimirce
Mura mbeadh in Éirinn ach 100 duine, bheadh...
l 89 díobh ina nÉireannaigh
l 4 díobh de bhunadh mhór-roinn na hEorpa
l 3 díobh de bhunadh na Ríochta Aontaithe
l 1 díobh de bhunadh na hÁise
l 3 díobh de bhunadh thíortha eile
Tá na huimhreacha seo bunaithe ar an mhéid a thuairiscíonn daoine fúthu féin ar fhoirm an daonáirimh. Feictear anseo gur céatadán íseal é céatadán na n-inimirceach sa tír, d’ainneoin a mhó is atá an inimirce mar scéal sna meáin chumarsáide.
Reiligiún
Mura mbeadh in Éirinn ach 100 duine, bheadh...
l 87 díobh ina gCaitlicigh
l 4 díobh gan reiligiún
l 3 díobh ina bProtastúnaigh
l 1 díobh ina Moslamach
l 5 díobh ag baint le reiligiúin eile
Rud atá suntasach anseo dar liom ná chomh hard is atá líon na gCaitliceach agus líon na gcráifeach go ginearálta. Ná déantar dearmad, áfach, gur sonraí féintuairiscithe iad seo. Ní gá gur cleachtóir gníomhach é gach duine a chuireann tic sa bhosca.
Cónaí
Mura mbeadh in Éirinn ach 100 duine, bheadh...
l 28 díobh ina gcónaí i mBaile Átha Cliath
l 26 díobh ina gcónaí i gCúige Laighean (seachas BÁC)
l 28 díobh ina gcónaí i gCúige na Mumhan
l 12 díobh ina gcónaí i gCúige Chonnacht
l 6 díobh ina gcónaí i gCúige Uladh
Is léir go bhfuil Baile Átha Cliath chomh plódaithe go bhfuil sé ag goid i bhfad níos mó achair ar an léarscáil seo ná mar is dual dó. Agus tá breis is leath de dhaonra na tíre ina gcónaí i gCúige Laighean (BÁC san áireamh), ar geall le bruachbhailte den phríomhchathair iad codanna de. Tá líon Chúige Uladh chomh híseal sin de bharr formhór an chúige sin a bheith taobh amuigh den Phoblacht, dar ndóigh.
Teangacha
Mura mbeadh in Éirinn ach 100 duine, bheadh...
l 55 díobh ag labhairt Béarla amháin
l 39 díobh ag labhairt Béarla go príomha, agus Gaeilge uaireanta
l 2 díobh ag labhairt Gaeilge go príomha
l 1 díobh ag labhairt Polainnise
l 3 díobh ag labhairt teangacha eile
Anois a éiríonn cúrsaí suimiúil. Is léir gur airde go mór líon na mBéarlóirí ach bhí sé sin ar eolas againn cheana.
Rud atá níos suimiúla ná go bhfuil líon sách ard ann de dhaoine a bhfuil ról éigin ag an Ghaeilge ina saol, bíodh gur Béarla a labhraíonn siad go príomha. Ní fios áfach cé chomh fíor is atá an uimhir seo mar, arís, sonraí féintuairiscithe atá ann.
Fógra séanta
Tá na léaráidí seo bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2006 mar atá fáil orthu ar shuíomh Idirlín Phríomhoifig Staidrimh na hÉireann. Bhí orm léirmhíniú faoi leith a bhaint as na huimhreacha uaireanta chun iad a shimpliú. Éinne a cheapann go bhfuil an scéal simplithe an iomarca agam, bhuel, ní dó é seo.
Bónas
Tá na ceithre léaráid seo réitithe agam i bhfoirm ceithre phóstaer daite atá le híoslódáil anseo mar chomhad PDF (www.cainteoir.com/cainteoir_files/eire100.pdf). Priontálaigí iad, crochaigí ar bhallaí iad, agus scaipigí tuiscint níos fearr ar an staitistic!
www.cainteoir.com