Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Idir dhá bhliain

Last update - Sunday, January 7, 2007, 00:00 By Metro Éireann

CÓISIR NA HATHBHLIAINA AGUS MO SMAOINTE FAOI BHEITH IS AM. LE GEARÓID Ó COLMÁIN “Quid est enim tempus? Si nemo me quaerat, scio, is quaerenti explicare velim, nescio.” – Aguisín, Confessiones

Bliain eile thart. Goilleann sé orm i gcónaí nuair a mhacnaim faoi na rudaí go léir a theastaigh uaim a dhéanamh an bliain seo caite; Japánis a fhoghlaim i gceart, Breatnais agus snas a chur ar mo Pholannis! Tionscnaimh eile nár éirigh liom a chur i gcríoch arís. Agus an leabhar? Cá bhfuil sé sin? I mo chloigeann arís b’fhéidir? Ag fánaíocht thart, caillte i meascán mearaí m’intinne, an bhfuil sé? Ní raibh sé soléir dom riamh cén fáth go reachtálfaimid céilúradh mór gach bliain. Chun fáilte a chur roimh an athbhliain? Chun deireadh oifigúil a chur ar an bhliain seo caite agus a rá go bhfuil ré úr ag tarlú anois, ré nua inár mbeimid in ann ár mbionglóidí a fhíorú, b’fhéidir? Quid est enim tempus? Fiafraíonn Aguisín díom. Sea, cad is brí le ham ar aon nós?

Níl fhios agam cén t-am a thosaigh sé an bhliain seo caite. Tháinig mé sách déanach go dtí an chóisir I gCnoc Arbhor I mBaile Átha Cliath le mó chailín polannach agus mó chara Clemens as Beirlín. Dinnéir ar dtús. Tutto al dente caithfidh mé a rá! D’ith mé mo sháith agus d’ól mé an sop as an srathair! “tá an tsaol gear agus crua a chairde”arsa mé ‘ ergo bibamus!’ mar sin olaimis!

Dé réir a chéile, tháinig cuairteoirí eile isteach agus thosaigh an ragús ól i gceart. Níobh fháda ina dhiaidh sin gur shonríodh tóitíní féir ag sruth thart agus thaínig meascán de shaíocht mhéiscúil, fhealsúnacht áiféiseach agus smaointé óinmhideacha go croílár an chomhrá.

Díreach os mó chomhair sheas fear ard maol, Dubliner a bhuail isteach le slua eile, nach raibh aithne aige ar aon duine sa chóisir. Nach mbuaileann tú le daoine mar sin I ngach cóisír? Deoraí an domhain a bhí ann. Bhí sé tar éis bliainta a chaitheamh san Inde agus bhí sé soléir óna snua meidhreach go raibh suaimhneas intinne faite aige san Áis. Is ea Anagarika an t-anim a thugaidís air I Sanskrit. Fear a théann amach chun an fhírinne a fháil faoin tsaol. Ciallaíonn ‘an-agarika’ ‘duine gan teach, gan dídeann’ agus is coincheap lárnach é i mBúdaíochas.

Chas an díospóireacht i dtreo fhealsúnacht na hÉorpa arís agus rinne mé iarracht in ainneoin mó mheiscúlacht an bhunargóint den leabhar Sein und Zeit de Martin Heidegger a mhíniú dó.

“ bhí Heidegger ag iarraidh an cheist is bunúsaí a chur arís. Is í an cheist ná ‘ cad is brí le beith, was ist das Sein? Nó was ist Dasein in seinem Sein. Toisc go bhfuil gnáth ghníomhaithe féideartha, toisc go bhfuil réamheolais againne faoinár dtimpeallacht, ciallaíonn sé sin go bhfuil tuiscint áirithe againne faoi ‘sein’, etre, esse, beith. Ach nuair a ardaíonn muid an cheist, nuair a chuireann muid an chéist, cad is brí le beith, níl fhios againne. Ach bhí Heidegger den tuairim go raibh bunús ointeolaíoch taobh thiar de sin, an t-am. Ciorcal hermeneutach an tanim a dtugtar air.Ach pléann sé choincheapí difriúila den am. Tá Zeitlichkeit, sealadacht ann chomh maith ach céard a chaíllaíonn sé sin?’’

“Europa ist krank, Europa is krank,” arsa an geármánach agus thit sé ina tost arís. Ansin thosaigh mé breoiteacht na hEorpa a phlé leis an Anagarika agus an Ghearmánach chomh sásta is a bhí mé leis an gconnaltráth ach nuair a chas mé timpeall orm thug mé faoi deara go raibh mo chomhluadar tar éis éirí meathchodlatach.

Dúirt mó chara Seán go raibh sé práinneach níos mó deochanna a chaitheamh siar chun a bheith in ann mó ráiméis a fhulaing. Bhí mó chailín ag éirí méidhréiseach agus girréiseach, afách. Agus bhí orm craiceann a bhualadh leí. Ní he go raibh sé sin mar uallach orm, ach an fhadhb ná mar a dúirt Shakespeare: “Drink, sir, may be said to be an equivocator with lechery. It provokes the desire, but takes away the performance.” Tá sé sin rófhíor, ach rinne mé mó sheacht ndícheall! Nuair a bhíomar chríochnaithe, chodail sí go sámh. Ní dóigh liom go raibh sí róshásta liom tar éis chollaíocht. Ach , bhí mé den bharúil go raibh sí ag screadaíl le taitneamh seachas pian ar aon nós!

Bhí níos mó ól agus raithneach de dhíth orm. Mar sin, tháinig me ar ais go dtí seomra an chóisír. Anois bhí a lán fiodrincí agus fóisíocht á dhéanamh timpeall orm; méidhreoga spáinneacha agus iad ag venga venga venga agus ag vamos vamos vamos bailar! Riathar de ghluaiseacht i ribeog thoite! Nuevo ano feliz sea, ach cá as a dtagann an ‘felicidad’?

Bhí Clemens, der deutsche Wanderer, ina chodladh, caillte i Nacht und Traume. Bhí an Anagarika imithe chomh maith, ar shlí na fírinne, mar a dheirfá agus chuir cara éigin ceist orm:

“Cá raibh tú ag an am seo an bhliain seo caite?” Ní raibh mé in ann í a fhreagairt. “Ní chuimín liom in aon chor,” dúirt mé.

“Sin go díreach,” arsa sé. “Bhí sé chomh leadránach nach bhfuil tú in ann anois cuimhniú air. Olann an duine daonna chun fáil réidh leis an réaltacht agus le déachtóireacht ama. Ach nuair a dhéanfaimid ragús ól ceart is cuimhin linn an ocáid inár bhfuaireamar réidh le réaltacht don nóiméad beag bídeach, don nóiméad beag bídeach, an dtuigeann tú mó chara, an dtuigeann tú mé? Arsa sé agus dolás meiscúil ag spalpadh as a ghuth falmharánta.” Le breacadh an lae, d’éalaigh cúplá daoine eile go folaitheach uainn agus sheas mé go ciúin sa leaba le mo chailín bán ag eisteacht go caithiseach lena anáil, ag samhlú a brionglóidí ar feadh tamailín. Ansin, ag breathnú amach tríd an fhuinneog ar an tsráid fholmha, bhuail na focail ársa d’Aguisín orm arís. Cé hé am? muna n-iarrtar éinne orm, tá fhios agam, ach má tá orm é a mhiniú, níl fhios agam.

Dúirt mé na focail liom féin arís agus arís i Ladin ‘quid est enim tempus’ agus chodail mé ar mó shámhín só. Bliain eile thart, blian eile tosnaithe, agus mé caillte idir an dá linn arís. Quid est enim tempus, si nemo me quaerat scio, si quaerenti explicare velim, nescio’.

Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links