I dtús Mhí Bhealtaine chuaigh diospóireacht mhór faoi cheist na fuathchainte ar an aer ar theilifís na Fionlainne. Cé go bhfuil ionsaithe na dtreallchogaithe nua-Fhaisisteacha nó ciníocha ar aon duine nach n-aontaíonn leo ag dul chun coitiantachta ar idirlíon ár dtíre le cúig bliana anuas ar a laghad, níor cardáladh an fhadhb seo go hoscailte roimhe seo. Ina áit sin, bhí na hiriseoirí Fionlannacha ag iarraidh an plána mín a dhéanamh den scéal: ba ghnách leo trua a ghlacadh leis ”na daoine faoi leatrom nach raibh fágtha acu ach fuathchaint a chleachtadh ar an nGréasán”.
I dtús Mhí Bhealtaine chuaigh diospóireacht mhór faoi cheist na fuathchainte ar an aer ar theilifís na Fionlainne. Cé go bhfuil ionsaithe na dtreallchogaithe nua-Fhaisisteacha nó ciníocha ar aon duine nach n-aontaíonn leo ag dul chun coitiantachta ar idirlíon ár dtíre le cúig bliana anuas ar a laghad, níor cardáladh an fhadhb seo go hoscailte roimhe seo. Ina áit sin, bhí na hiriseoirí Fionlannacha ag iarraidh an plána mín a dhéanamh den scéal: ba ghnách leo trua a ghlacadh leis ”na daoine faoi leatrom nach raibh fágtha acu ach fuathchaint a chleachtadh ar an nGréasán”.
Cuid de chultúr pholaitiúil na Fionlainne é comhréiteach a lorg leis na radacaigh a cheansú, agus shíl na hiriseoirí ar feadh i bhfad gurbh é sin an dóigh ab fhearr ar lucht leanúna an nua-chiníochais chomh maith. Dealraíonn sé áfach go bhfuil an tuiscint ag fabhrú in intinn na n-iriseoirí féin nach féidir teacht in araicis daoine nach bhfuil de chuspóirí acu ach na cearta daonna a bhaint d’aon duine nach dtaitníonn leo.
Ar ndóigh is ar éigean is féidir a rá go bhfuil mórán úimléide leis an téarma sin ‘fuathchaint’ i gcoimhthéacs na Fionlainne. Tháinig an focal sin féin in úsáid an chéad uair riamh sna Stáit Aontaithe, agus tá a fhios ag Dia go gcinntíonn bunreacht na tíre sin cead cainte chomh cuimsitheach is go bhfuil gach uile shórt bagairtí agus dlíthiúil dlisteanach thall ansin. Mar sin, is í an cheist a chuireas an Meiriceánach, ar chóir cosc dlí a chur ar an bhfuathchaint. San Fhionlainn, áfach, tá an cosc sin ar leabhar na reacht cheana féin: ní cheadaítear duit, abair, daoine a shaighdeadh chun dream eitneach áirithe a ionsaí.
Is é an locht is mó a gheobhainn féin ar dhiospóireacht na fuathchainte, mar a thosaigh sí san Fhionlainn, ná go gcuirtear an bhéim is troime ar an dóigh a bhfuil gníomhaithe polaitiúla na heite clé thíos leis na hionsaithe ar an Idirlíon. Sin é an teachtaireacht, áfach, a bhíos ag antoiscigh na heite deise féin mar chuid dá mbolscaireacht: is é sin, nach bhfuil ina gcuid ionsaithe ach aisfhreagra inchosanta ar ghníomhaíocht na heite clé.
I ndáiríre, is iad na daoine is mó a chaithfeas cur suas le hionsaithe ó nua-Naitsithe an Idirlín ná iad siúd nach bhfuil dearcadh láidir polaitiúil acu agus nach bhfuil ach dea-bhéasaíocht ag teastáil uathu i gcaidreamh na bhFionlannach agus na n-inimirceach. Is é an gnáthscéal ná go bhfoilsíonn nuachtán áitiúil litir ó chailín macánta sna déagaí agus í ag cáineadh an chiníochais a mbíonn a cuid cairde agus comhaoiseanna gorma nó Muslamacha thíos leis; agus chomh túisce is a bheas a litir i gcló, beidh fóraim chomhrá an Idirlín san Fhionlainn ar coipeadh le fantaisíochtaí banéignithe na gciníochaithe faoin gcailín céanna.
A fhad is nach mbeidh an taobh seo den scéal á chardáil i meáin chumarsáide na Fionlainne, beidh gné thábhachtach de réaltacht na ”fuathchainte” ar lár sa diospóireacht. Agus is drochtheist ar chultúr mo thíre é, ar ndóigh. Má ghlactar leis go coitianta go bhfuil fir tríocha bliain agus níos sine i dteideal fantaisíochtaí banéignithe a scríobh faoi chailín óg ar an Idirlíon, beidh fíorchoireanna gnéis á ndéanamh i gceann tamaillín acu siúd a léas na fantaisíochtaí seo. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil vitimín mhorálta éigin ar iarraidh i sochaí na Fionlainne a chuirfeadh na daoine ag cosc iompraíocht den chineál seo.
Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund.