Rinne an iar-Rós Thrá Lí agus cainteoir Gaeilge Aoibhinn Ní Shúilleabhán feachtas Fhoras na Gaeilge le leabhair Ghaeilge a mholadh mar bhronntanas Nollag a sheoladh go hoifigiúil. Ag an seoladh rinne Aoibhinn roinnt de na leabhair Gaeilge a léamh do pháistí scoile ó Scoil Náisiúnta Naomh Bhríde, An Com, i mBaile Átha Cliath.
Rinne an iar-Rós Thrá Lí agus cainteoir Gaeilge Aoibhinn Ní Shúilleabhán feachtas Fhoras na Gaeilge le leabhair Ghaeilge a mholadh mar bhronntanas Nollag a sheoladh go hoifigiúil.
Ag an seoladh rinne Aoibhinn roinnt de na leabhair Gaeilge a léamh do pháistí scoile ó Scoil Náisiúnta Naomh Bhríde, An Com, i mBaile Átha Cliath.
Tá rogha leathan leabhair Gaeilge, do pháistí agus dhaoine fásta, ar fáil arís i mbliana. Is féidir breathnú ar rogha na bliana seo ar an láithreán gréasáin Leabhar-Power.com agus tá na leabhair iad féin ar fáil ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.
I measc na leabhar Gaeilge atá ar fáil an Nollaig seo tá na cinn ar fad a bhain amach gearrliosta Gradaim Leabhar na Bliana i mbliana. San áireamh anseo tá, do pháistí, Fáinne Fí Fífí le Meadhbh Ní Eadhra, An Oíche Dhorcha le Tadhg Mac Dhonnagáin agus An Phleist Mhór le Susan Edwards agus Ré Ó Laighléis, agus do dhaoine fásta tá Aniar le Tadhg Mac Dhonnagáin, Seosamh Ó hÉanaí – Nár fhágha mé bás choíche le Liam Mac Con Iomaire, An Cléireach le Darach Ó Scolaí agus Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne.
Ag labhairt faoin bhfeachtas dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge úsáid agus sealbhú na Gaeilge a chur chun cinn. Tá rogha leathan leabhair Ghaeilge den scoth ar fáil i mbliana atá oiriúnach do gach aois agus do gach cumas. Is bronntanas neamhghnách é leabhar Gaeilge a chuirfidh go mór le ceiliúradh na Nollag don teaghlach ar fad.
“Tá Foras na Gaeilge tiomanta do chur chun cinn léitheoireacht, scríbhneoireacht agus fhoilsitheoireacht na Gaeilge” arsa Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge. “Fáiltíonn muid roimh an deis seo aird an phobail a dhíriú ar scoth na leabhar atá á bhfoilsiú i nGaeilge agus iad a spreagadh le leabhair Ghaeilge a chur ar an liosta siopadóireachta d’idir óg agus aosta an Nollaig seo.”