Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Fimínteacht, bréagchrábhadh agus cealg faoi mhuintir na Pailistíne

Last update - Thursday, February 26, 2009, 17:29 By Gearóid Ó Colmáin

‘Gníomhaithe na sceimhlitheoireachta’ dár le hUachtarán Obama agus níl aon amhras air faoi chéannacht an sceimhlitheora Le Gearóid Ó Colmáin

Cé gur dúirt Barack Obama le linn an olltoghcháin nach mbeadh an lámh in uachtar ar na ‘lobbies’air sa Capitol Hill, dealraíonn sé go bhfuil lobby éigin speisialta beo agus bríomhar go fóill.
Sa ráiteas a thug sé do Roinn Stát  le déanaí, bhí sé rí-sholéir nach mbeadh aon athruithe ar dhearcadh na Stát Aontaithe maidir le daorsmacht na hIosraela  sa Ghaza. Chúlaigh an t-uachtarán mheiricéa cinneadh rialtais na hIosraela cogadh a fhearadh ar mhuintir na Pailistíne.
Ní raibh aon athruithe le chloisteál ina chuid ráitis. Labhair sé faoi cheart na hIosraele é féin a chosaint de dheasca “gníomhaithe na sceimhlitheoireachta” ó Hamas. D’fhéadfaí a rá ag an bpointe seo nach gcuireann sé sin iontas orainn; tá polasaí eachtrannach na Stát Aontaithe bunaithe ar chothú a mhaithe féin.
Ach an bhfuil an dlúchchairdeas dobhriste idir Tel Aviv agus Washington ar mhaithe leis na Stáit Aontaithe? Is follasach é nach bhfuil. Bhí dóchas an domhain ardaithe le teacht i láthair Obama i mbliana  le comharthaí tábhachtacha ag teacht ó thíortha mar an Iáráin go raibh siad toilteannach comhrá dearfach a chur i bhfeidhm leis an Teach Bán maidir le todhcaí an Mheáin Oirthear.  Anois agus áthas an domhain ag laghdú le radharc dolásach rialtas ar dheis a fhéiceál sa Kneset, tá gach cosúlacht go leanfaidh an choimhlint ar aghaidh.
Is léir go bhuil brú mór ar Uachtarán na Stát Aontaithe. Tá an geilleagar ag éirí as smacht agus ciallaíonn sé sin go mbeidh sé ag cur níos mó béime ar fhadhbanna inmhéanacha ná cogaí eachrannacha.
Ach caithfimid a bheith inamhrais faoi Hillory Clinton mar aire ghnóthaí eachtracha. Bhí sise bruínneach agus trodach le cogadh a fhearadh ar Iaráic roinnt blianta ó shin. Bhí alán daoine dóchasach faoi cheapachán do George Mitchel mar thoscaire speisiatla  sa Phailistín. Rinne sé dea-obair i dTuisceart na hÉireann ach mar a dúirt an t-ollamh Noam Chomsky le déanaí, bhí sé ina thost faoin bplean stát na Pailistíne a bunú nuair a thug sé cuairt don réigúin ar na mallaibh.
Dúirt Chomsky: “Mitchell had nothing to say about it. He carefully avoided what he knows for certain is the core problem: the illegal, totally illegal, the criminal US-backed actions, which are systematically taking over the West Bank, just as they did under Clinton, and are undermining the possibility for a viable state.”
Plus ça change agus mar sin de.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links