Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Fadhb na hAfganastáine. Béim nua san fheachtas Obama

Last update - Thursday, September 11, 2008, 00:00 By Metro Éireann

ANOIS AGUS FEACHTAS na huachtaránachta faoi lán seol sna Stáit Aontaithe, tá sé in am do na hiarrthóirí a ndintúirí mileata a thaispeánt don phobail.

 
Má theastaíonn ó Barack Obama, mar shampla, cruthú do votóirí agus go háirithe do phoblachtánaigh go bhfuil seisean an fear ceart don phost, ba choir dó plean mileata eachtranach a thogáil. Dá dheasca sin, tá sé ag cur béime ar fhadhb na hAfghanastáine anois.
 
Laghdóidh sé láithreacht na dtrúpaí meiricánacha san Iaráic agus neartóidh sé an troid in aghaidh na dTalibanach. Cé go bhfuil sé ina fhiric fhollasach nach bhfuil i gceist san Afganastáin ná teip mhileata amach is amach, tá sé sin curtha ar ceal don noméad. Ligeann Obama béim ar thábhacht an chogaidh in aghaidh na sceibhlitheoireachta agus leanfaidh Afganastáin mar thúsáite na coimhlinte sin.
 
Má theastaíonn uait bheith ina uachtarán na Stát Aontaithe, caithfidh tú naimhde éigin a choinnéal i súile an phobail, agus is é sin go díreach atá i gceist ag feachtas Obama. Sileann mórchuid an phobail go fóill go raibh ceart ag an gceanaireacht mheiricánach an tír a scrios agus trúpaí idirnáisiúnta a sheoladh chuig an réigúin chun an na Talabanacaidh a ruigeadh, ach is léir anois nár éirigh leis an bhfeachtas sin.
 
Rud nach gcloiseann tú sa dhíospóireacht mheiricánach faoin bhfadhb na hAfgan astáine, áfach, ná go raibh bunús an fhoréigin sin leagtha síos le seanfhear urramach Jimmy Carter nuair a bháigh sé an tír le hairm chun cuir i gcoinne ha huaillmhianta an Aontais Soivéidaigh sa tír, agus a chomhairleoir ag an am sin? Zbigniew Brzezinski.
 
Ba í an toradh an bheartais sin, ar ndóidh, ná láthair traenála do Osama Bin Ladin agus na Taliban ina chogadh leis na Stáit Aontaithe san am a bhí le teacht. Is comhairleoir do Obama anois é Brzezinski.
 
Cé go raibh Gulbuddin Hekmatyar, ceannaire don pháirtí Hezb-e Islami, ceann de na ‘cairde’ is mó do Washington sa Chogadh Fuar, is gníomhaí eochair é anois i gcoinne láithreachta na Stát Aontaithe sa tír. Níl sé dócúil, mar sin, go mbeidh aon dhifríocht chuimsitheach maidir le cúrsaí eachtranacha na Stát Aontaithe faoi uachtaránacht Obama.
 
Beidh béim eile agus reitric dhifrúil ann, ag chur in iúl do dhaoine go bhfuil ré nua na síochána ag teacht, ach sa deireadh beidh conraithe nua mileata á síniú ag na mórchomhlachtaí chun a nghó a choinneál dul, agus leanfaidh na Stáit Aontaithe ar aghaidh lena seachchogadh sa Mheán Oirthear.

Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links