Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Eagla roimh an Rúis

Last update - Thursday, September 4, 2008, 00:00 By Metro Éireann

IS É AN LÁ inniu ná 21 Lúnasa 2008 agus tá mé á scríobh seo i bPoblacht na Seice.

 
Tá sé 40 bliain inniu ó rinne fórsaí míleata an Aontais Shóivéadaigh ionradh ar an tSeicslóvaic, eachtra a chuir deireadh le hEarrach Phrág. Iarracht a bhí in Earrach Phrág réimeas polaitiúil níos liobrálaí a chur ar bun sa tír. Ach chonacthas do na comrádaithe Sóivéadacha go raibh sé sin ag dul thar fóir agus ní raibh drogall orthu leas a bhaint as foréigean chun an tSeicslóvaic a tharraing ar ais isteach sa champa cumannach.
 
Is lá suntasach é seo i saol na tíre agus tá oidhreach na heachtra á plé sna meáin inniu mar a bhíonn gach bliain. Ach tá déine breise ag baint le comóradh na bliana seo mar gheall ar ar thit amach idir an Rúis agus an tSeoirsia le déanaí. An cheist atáthar á cur ná, an bagairt don domhan í an Rúis arís?
 
Chuaigh uachtarán na tíre, Václav Klaus, ar an taifead chun a thuairim ar an cheist a nochtadh. Anois, ní duine é an tuasal Klaus ar leasc leis tuairimí conspóideacha a nochtadh: tá sé i gcoinne an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás, agus ní dóigh leis gurb ann don téamh domhanda. Sa bhreis air sin, tá bá speisialta aige don Rúis. Sa chaint a thug sé uaidh, mhaígh sé nach ionann Sóivéadach agus Rúiseach. Réimeas cam na Sóivéadach a rinne an t-ionradh ar an tSeicslóvaic, dar leis, ach tá an réimeas sin caite amach anois ag an Rúis agus ní haon bhagairt d’éinne an tír níos mó.
 
Easaontaímse go láidir leis an tuairim sin. Bhíodh claonadh an impiriúlachais ag an Rúis riamh anall, cuma cé a bhí i gceannas, an Sár nó an Páirtí Cumannach.
 
Níl aon athrú tagtha air sin anois agus daonlathas – mar dhea – i bhfeidhm sa tír. Cheaptaí ar feadh tamaill tar éis dheireadh an Chogaidh Fhuair go bhfuil tuirse tagtha ar Bhéar na Rúise faoi dheireadh, ach tá an Béar céanna ag éirí óna chodladh anois agus a chuid á héileamh aige.
 
Feictear do mhóruaisle na Rúise gur éagóir a bhí ann nuair a baineadh a gcuid smachta dhomhanda díobh sna 1990í. I ndáiríre, tá an Rúis mar atá inniu an-chosúil leis an Ghearmáin mar a bhí roimh thús an Dara Cogadh Domhanda: tá sí maslaithe, tá sí armtha, agus tá sí trioblóideach. Sin an fáth a bhfuil eagla orm roimh an Rúis. Michal Boreslav Mechura is a Czech blogger writing in Irish at www.cainteoir.com

Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links