Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Dónall Mac Amhlaigh: fear oibre agus scríbhneoir

Last update - Saturday, September 1, 2012, 00:54 By Panu Höglund

Duine de na scríbhneoirí is líofa ó thaobh na Gaeilge de a bhí ann riamh, agus é ar an múinteoir is fearr is féidir leat a fháil más í stíl na dea-Ghaeilge atá tú a fhoghlaim. Bhí sé ar duine de na húdair ba mhó le rá a chuir exodus na nGael go Sasana i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda i míotar in aon teanga, agus cé gur dhearc sé ar Chill Choinnigh mar bhólaí dúchais, d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ó mhuintir Chonamara, agus é chomh maith á scríobh leis an gcainteoir dúchais is fearr amuigh. Dónall Mac Amhlaigh ab ainm dó.

Ba í Dialann Deoraí an chéad leabhar a tháinig óna pheann, i dtús na seascaidí, agus mar a dúirt Alan Titley, is lomchuntas é ar shaol na bhfear oibre ó Éirinn a chuaigh ar lorg jabanna i Sasana sna caogaidí.
An foghlaimeoir Gaeilge a bhfuil sé ag dul rite leis teacht ar na focail chearta cur síos a thabhairt ar gharbhobair an láithreán tógáila – nó na ‘buildeála’ mar a déarfadh an scríbhneoir féin - tógfaidh sé a lán rudaí riachtanacha ag déanamh a staidéir ar an ‘lomchuntas’ sin. Thairis sin, áfach, is cur síos spéisíúil é leabhar Mhic Amhlaigh ar an gcaidreamh a bhí ag na fir oibre Éireannacha le chéile sna hallaí céilí agus sna tithe tábhairne agus ar an dóigh a bhfuair siad aithne ar dhaoine ó thíortha eile i Sasana. Níor rith an focal mór úd "ilchultúrachas" le haon duine go fóill san am, ach bhí cuid mhór den earra féin le haithint ar fud Shasana, agus ba chuid den ilchultúrachas sin iad na fir oibre ó Éirinn.
Cé gur náisiúnaí Éireannach agus Caitliceach dílis den tseandéanamh a bhí i nDónall Mac Amhlaigh, ní fear cúngaigeanta a bhí ann. Ní féidir ruainne ciníochais a aithint ar Dialann Deoraí. A mhalairt ar fad dearcann sé ar na hAfracánaigh, ar na hIamáicigh agus ar na Meiriceánaigh ghorma mar dhaoine cosúil leis féin, agus ar ndóigh is ábhar suilt agus sásaimh dó a fháil amach go bhfuil dearcadh fáiltiúil acu siúd ar na hÉireannaigh go minic.
Anseo a aithnítear go bhfuil traidisiún áirithe dlúthpháirtíochta leis an Tríú Domhan – le muintir na dtíortha a bhí faoi chois ag impireacht na Breataine Móire cosúil le hÉirinn féin – ag baint leis an náisiúnachas Éireannach. Nuair a bhí Dónall ag scríobh a leabhair, bhí an traidisiún seo beo bíogúil i bpolasaí eachtrach na hÉireann freisin, agus an sean-Phoblachtá-nach Proinsias Mag Aodhagáin ina Aire Gnóthaí Eachtracha.
Ar an drochuair, dealraíonn sé nach léitear eachtraí Mhic Amhlaigh sna scoileanna féin: an chóip de Dhialann Deoraí a cheannaigh mise le déanaí, agus an tseanchóip ag titim as a chéile cheana chomh minic is a léigh mé í, ba seanstoc ó na seachtóidí a bhí ann. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair cultúr léitheoireachta Gaeilge a chothú, agus go bhfágtar cuid mhór de na leabhair is fearr ag tiomsú caonach liath in uireasa léitheoirí.
Ní féidir liom an cineál seo neamhshuime i leith Dhónaill a mhaitheamh do mhuintir na hÉireann ach ar éigean, ós scríbhneoir atá i gceist atá chomh soléite agus atá sé bainteach le saol na nÉireannach inniu agus inné.

Aistritheoir agus teangeolaí é Panu Petteri Höglund a d’fhoghlaim Gearmáinis, Polainnis agus Rúisis in Ollscoil Åbo Akademi san Fhionlainn.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links