Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Dúisigh agus bolaigh na túilipí!

Last update - Thursday, May 27, 2010, 15:22 By Gearóid Ó Colmáin

Chonaiceamar réabhlóid bheag eile sa Phoblacht na Cirgise an tseachtain seo caite nuar a tháinig scaifte daoine amach ar na sráideanna chun deireadh a chur le rialtas d’Uchtarán Kurmanbek Baki-yev.

Ach nár bhfacamar rud éigin mar sin roinnt blianta ó shin?
B’shin an Reabhlóid na Túilipe, stráitéis an-éifeachtach de CIA chun rialtas cáirdúil le Washington a chur i bhfeidhm sa tír gar don Rúis. D’oibrigh an Réabhlóíd na Túilipe go han mhaith do Washington. Thóg siad bunáit mhileata sa Manas, áit a tá lárnach don chogadh san Afganastán. Ach ní raibh aon bhuntáiste do mhuintir na Cirgise.
Seachas roinnt postanna do striapacha sa bhunáit mhileata, ní raibh móran postanna eile ann do mhuintir na háite agus dár ndóigh, bhí geilleagar na tíre ag dul in olc ó athrú go dtí an ‘margadh saor’ chomh maith. Ina theanta sin, ghoill na Stáit Aontaithe go mór ar mhuintir na Cirgise nuair a fheallmharaigh saighdúirí ó bhunáit Manas saorthánach na tíre an bhliain seo caite.
Tá rudaí ag athrú ar fud na réigúin anois. Nuair a fheiceann tú ar phlean an réigúin is léir go bhfuil géarchéim ag teacht do Washington. Tá an Úcrán tar éis deireadh a chur le seafóid na Réabhlóide Oráiste, coup d’état frith-dhaonlathach eile a chothaigh an CIA chun amadán ar leas na Stát Aontaithe a cur i gcumhacht.
Fuair Victor Yushchenko níos lú na cuig per cent de votaí san olltoghchán le déanaí! Tá stráitéis mheiricánach ar meath sa Bhaltach agus san Áis Lárnach chomh maith.
Tá gach seans go ndéanfaidh Uchtarán Utunbayeva iarracht caidrimh idir Phoblacht na Cirise agus an Rúis a fheabhsú anois. Bean an-éirimúil í le hard-dochtúireacht i bhfealsúnacht aici.
Cé nach bhfuil sé soléir fós cén stráitéis a bheidh aici maidir le Manas, tá Washington an-bhuartha anois toisc go dteastaíonn ó Moscow an bhunáite a thógáil.
B’eachtra tábhachtach é an Réibhlóid dheireannach sa Phoblacht na Cirise maidir le geopholaitaíocht an domhain.

Gluais – Glossary

réabhlóid – revolution
Phoblacht na Cirgise
– Kyrgyz Republic (Kyrgyzstan)
bunáit mhileata – military base
striapacha – prostitutes
margadh soar – free market
fheallmharaigh siad
– they murdered
frith-dhaonlathach
– anti-democratic
éirimúil – intelligent
ar meath – in decline
saorthánach – citizen
fealsúnacht – philosophy
caidrimh – relations
cogadh – war
eachtra – event


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links