Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Dioscúrsa bréagach na Stát Aontaithe sa Mheán Oirthear

Last update - Thursday, March 12, 2009, 18:48 By Gearóid Ó Colmáin

Chuir Hillary Clinton ag gáire mé le déanaí agus í tar éis cuairt a thabhairt don Mheán Oirthear. Tá eagla ag gach tir ansin  roimh an Iarán, dár le Rúnaí Stáit, mar go bhfuil siad ag cur isteach ar thíortha eile.

Tá a ladar i ngach mias acu dár Clinton. Is seanscéal bréagach é i ndáiríre. Maíonn na Stáit Aontaithe nach bhfuil aon aidhm acu sa réigiún ach síochan a chur ar bun agus mar sin de. Tá Rúnaí Stáit ann chun cabhair agus dóchas a thabhairt dá cairde sa Mheán Oirthear. Tá sí ann ar mhaithe le gach tír a theastaíonn uaidh síochán agus rachmas a chur i bhfeidhm.
Ach is í an fhadhb ná go bhfuil coinníollocha áirithe ag baint leis an bhfealsúnacht sin i gcónaí.Is cuimhin liom faoi thoscairí stáit Anne Catherine Glaspie, an taidhleoir deireannach a thug cuairt don Iaráic i 1990 roimh an Chogadh Murascaile. San agallamh sin dúirt Glaspie go raibh sí ag iarraidh caidreamh níos doimhne a chothú idir na Stáit Aonaithe agus Iaráic. Mhol sí an dul chun cinn eacnamaíochta déanta ag Saddam chomh maith. Ach bhí fadhb amháin aici.
Bhí Saddam ag seoladh trúpaí don teorainn le Kuwait agus bhí sé sin ag cur isteach beagánín ar Washington. Toisc gur cuid d’Iaráic í an Kuwait, theastaigh ó Saddam an tír a aontú. Ach bhí alán suíomhanna ola sa Kuwait chomh maith agus iad faoi smacht na Stát Aonaithe. Toisc go raibh an t-Aontas Sovéideach tar éis a thitim, bhí straitéis nua ag na Stáit Aontaithe: a chumhacht a leathnú ar fud an domhain. 
I gcás seo, mheas siad go raibh Saddam tar éis a bheith usáideach ach ba í an fhadhb ná go raibh sé ag iarraidh smacht a chur ar acmhainne na hIaráice: botún mór. Dúirt Glaspie san agallamh sin nach raibh aon suim ag na Stáit Aontaithe faoin bhfadhb idir ‘Arabaigh’. Tá sé soléir gur cheap Saddam go raibh solas glas tugtha dó ionradh a dhéanamh ar Khuwait. Mheallaigh na Stáit Aontaithe é chun é a scriosadh. Rinne siad rud cosúil san Afghanastán sna hochtaidí. Theastaigh uathu a ‘Vietnam’féin a thabhairt don Aontas Sovéideach.
Mar sin, d’éirigh leis an CIA Moscow a ghríosú chun cogaidh. Sheol Moscow an arm dhearg don Afghanistán agus thug an CIA gunnaí den chéad scoth do Mhuhadjedeen agus Bin Laden. Ag an am, thug Uachtarán Reagan ‘freedom fighters’ ar na sceimhlitheoirí Muhadjedeen. Ba í sin cúis an choincheap Jihad, coincheap a bhí á chothú ag Washington nuair a bhí sé in éadan an Aontais Sovéidigh, ar ndóigh. Theastaigh ó Rumsfeld na Muhadjedeen a usáid arís ar feadh an chogaidh san Iaráic chun cogadh rúnda a fhearadh in eadán rialtais na Iaráine. Ach scríobh Colin Powell litir do chun é a stopadh!
Samplaí den chur isteach déanta ag na Stáit Aontaithe Mheán Oirthear tríd na blianta. Chun an fhadhb leis an Iaráin a mhiniú duit, ba choir an coup d’état de 1953 a mhiniú nuair a  scrios an CIA Mohammed Mossedegh, fear éirimúil, daonlathach agus nua-aimseartha a chur ‘eagla’ roimh Washington agus Londáin lena bplean tobair ola na hIaráine a náisiúnú. Neartaigh na Stáit Aontaithe deachtóireacht den Shah Pahlavi. An toradh? Reabhlóid mhoslammach i 1979 agus coimhlint leanúnach in éadan na Stát Aontaithe ó shin i leith, an ‘New American Century’, mar dhea.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links