Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Deartháracha móra an fhicsin eolaíochta san Aontas Sóivéadach

Last update - Wednesday, December 12, 2012, 06:12 By Panu Höglund

FUAIR BORIS Strug- atsky bás ar an naoú lá déag de Mhí na Samhna 2012, agus a dheartháir Arkady ar shlí na fírinne ón mbliain ar tháinig deireadh leis an stát Sóivéadach. Nuair a bhí an bheirt deartháracha seo beo breabhsánta i gcónaí, chuala an saol iomrá orthu mar scríbh- neoirí, nó is as a bpeann bisiúil a tháinig rogha an fhicsin eolaíochta san Aontaa Sóivéadach.

 

FUAIR BORIS Strug- atsky bás ar an naoú lá déag de Mhí na Samhna 2012, agus a dheartháir Arkady ar shlí na fírinne ón mbliain ar tháinig deireadh leis an stát Sóivéadach. Nuair a bhí an bheirt deartháracha seo beo breabhsánta i gcónaí, chuala an saol iomrá orthu mar scríbh- neoirí, nó is as a bpeann bisiúil a tháinig rogha an fhicsin eolaíochta san Aontaa Sóivéadach.

Bhí ráchairt ar an bhficsean eolaíochta sa stát Sóivéadach riamh, agus ba seánra é a thar- raing a lán scríbhneoirí chuige

chomh maith. Cuid de theagasc oifigiúil an Chumannachais ab ea adhradh na heolaíochta a bhí le fadhbanna an domhain go léir a fhuascailt.

Ba é an tAontas Sóivéadach an tír ba luaithe a scaoil satailít shaorga chun bealaigh, agus ba Rúiseach é Yuri Gagarin, an chéad duine sa spás. Cleas maith bolscaireachta a bhí sa spáseitilt chomh maith. Bhí bród náisiúnta ar na Sóivéadaigh go léir as éacht a dtíre i gcúrsaí spáseitilte, fiú an chuid acu nach raibh róshásta leis an gcóras Cumannach.

Mar sin, d'fhás traidisiún beo ficsin eolaíochta go sciobtha i ndiaidh bhás Stailín, nuair a thosaigh litríocht cheart ag teacht i gcló sa tír arís.

Is dócha gurbh é Piknik na obochine (Picnic cois an bhóthair) an t-úrscéal ba táb- hachtaí dár scríobh siad. Is é is ábhar don leabhar ná an dóigh a ndeachaigh "cuairt" na neachanna eachtardhomhanda i bhfeidhm ar chathair bheag i gCeanada a fágadh ina fothrach i ndiaidh na ‘cuairte’, agus na fisiceoirí ag iarraidh ciall éigin a bhaint as an tre- alamh ardteicneolaíochta a d'fhág na cuairteoirí i measc na

bhfothrach. Ceist dheacair eile é cén fáth a ndéanfadh na neachanna a leithéid de léirscrios gan bacadh leis an bpláinéad a shealbhú ná scláb- haithe a dhéanamh de na daoine. Is é an t-aon fhreagra

sásúil a ritheas leo ná nach raibh ann ach ‘picnic chois an bhóthair’, agus na daoine cosúil leis na seangáin a thagas ag póirseáil i measc na n-iars- maí.

Is é Red Schuchardt príomh-

laoch an úrscéil: fear óg atá ina ‘stalker’ – focal Béarla a tháinig in úsáid sa Rúisis i ndi- aidh don leabhar seo dul i bhfeidhm ar na léitheoirí. Is é is brí le ‘stalker’ i gcoimhthéacs an leabhair ná

duine atá ag iarraidh teacht ar ghléasra luachmhar sa lim- istéar timpeall ar fhothrach na cathrach. Crioslach cosctha é go bunúsach, agus mar sin, is ceird leath-neamhdhlíthiúil é ceird an ‘stalker’. Cuireann na scríbhneoirí an-bhéim ar an dóigh a dtéann an cheird agus a mbaineann leis i gcion ar shaol an ‘stalker’, agus tá craiceann inchreidte ar ‘bhéaloideas na stalkers’ mar a chuirtear os comhair an léitheora é san úrscéal. Cuireann sé go mór leis an atmaisféar dúisitheach timpeall an chrioslaigh.

Teideal é Stalker do cheann de na scannáin is cáiliúla dá ndearna stiúrthóir mór an Aontais Shóivéadaigh, Andrey Tarkovsky. Ba iad Arkady agus Boris Strugatsky a scríobh an script don scannán seo, agus é bunaithe ar phríomhs- maoineamh an úrscéil. Tá an leabhar i bhfad níos saibhre in imeachtaí agus i bpearsana ná an scannán, agus cuirfidh a lán daoine suim ann nár thuig an scannán riamh.

Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair. 

 


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links