Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Daoirse agus Éadóchas sa Háití go síoraí - cen fáth?

Last update - Thursday, May 13, 2010, 13:00 By Gearóid Ó Colmáin

Is minic a chloiseann muid faoi sháinn na Háití, an crith talún, an bochtanas agus mar sin de. Ach níor chloistear aon rud faoi stair na tíre agus troid na ndaoine um cheartais, um shaoirse is um shláindáil.

I bhfírinne, níor athraigh móran ó bhain siad neamhspleáchas amach ó na Francaigh i 1794. Bá sclábhaí iad an chuid is mo den tir sin faoi smacht na bhFrancach le céadta blianta. Ach nuair a fuair siad neamhspleáchas ón bhFrainc, chur rialtas na Fraince coinníollacha casta orthu.
Bhí ar na Háitígh 150 milliún franc a aisíoc do phoblacht na Fraince mar chúiteamh ar chaillteannas á slábhaí mar ní raibh aon rogha eile ag na Háitígh chun aitheantas idirnáisiúnta a fháil mar shaorstát.
O shin i leith, ní raibh morán fhorbairt thionscaíoch le feiceáil sa tír. D’fhulaing muintir na Háití coilíniú eile nuair a rinne na Meiricánaigh an ionradh ar an tír i 191. Cé go ndearna muintir na Háití iarracht chróga chun na hionróirí a ruaigeadh, chuir na Stáit Aontaithe smacht ar an tír le sléachteanna agus an ‘corvée labour’, córas oibriúil cosúil le slábhaíocht.
Nuair a tharaing Uachtarán Roosevelt na trúpaí amach as an tír i 1934, níor athríodh morán sa Háití ó shin i leith. Thug na Stáit Aonaithe an-thacaíocht do dhéachtóir brúidiúil Francois Duvalier agus a mhac ‘Baby Doc’ in a dhiaidh sin.
Mar sin, lean an slábhaíocht ar aghaidh go dtí teacht an uachtaráin Jean Bertrand Aristide i 1986. Fear éirimiúil, morálta agus macánta ab ea Jean Bertrand Aristide. Theastaigh uaidh an tír a fhorbairt agus deireadh a chur leis an mbochtanas.
Ach chun é sin a dhéanamh bhí air an tír a shaorú ó choinníollacha an CAI (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) chun go mbeadh an tír neamhspleách sa deireadh. Ach ní raibh sé sin ar leas na Stát Aontaithe agus thóg siad amach é sa coup d’état i 1991.
Chun teach ar ais mar uachtarán na tíre, bhí ag Aristide ‘conradh’ a dhéanamh le Bill Clinton. Bhí air cloí leis na coinníollacha an CAI. Bhí a fhios ag uachtarán Aristide nach raibh aon rogha aige ach cé nárbh fhéidir leis na coinníollacha cúnga an CAI a sheachaint, d’éirigh leis a lán rudaí a dhéanamh don tír.
Thóg rialtas Aristide níos mór scoileanna ná aon rialtas eile i stair na tíre. Ach, tháinig traigéide eile do mhuintir na Háití nuair a fhuadaigh forsaí specialta na Stát Aontaithe agus na Fraince uachtarán Aristide i 2004.
O shin i leith, is ‘business as usual’ do mhuintir na tíre; is é sin le rá, bochtanas, daoirse agus éadochas.

Gluais – Glossary
chloiseann muid – we hear
sáinn – predicament
troid na ndaoine um cheartais, um shaoirse is um shláindáil – people’s fight for rights, freedom and security
i bhfírinne – in truth
coinníollacha casta – difficult conditions
aitheantas – recognition
a ruaigeadh – to chase
forbairt thionscaíoch – industrial development
tacaíocht – support
éirimiúil, morálta agus macánta – intelligent, moral and honest
daoirse agus éadochas – enslavement and despair


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links