O shlánaigh Nel-son Mandela, laoch na troda in aghaidh na hapair-téide, cúig bliana déag is ceithre scór, ní miste dom súil a chaitheamh ar ais ar laethanta na hapairtéide.
Mar is eol dá lán, tháinig an focal mór sin féin, an apairtéid, as an Afracáinis, an leagan den Ollainnis a labhraítear san Afraic Theas, agus is é is brí leis go bunúsach ná scarthacht nó scarúint. Chuaigh sé i stór focal an tsaoil mhóir mar théarma ar an gcineál cinedheighilt a bhí i bhfeidhm san Afraic Theas go dtí gur cuireadh deireadh léi i dtús na nóchaidí.
Nuair a bhí mé óg thiar sna hochtóidí, bhí an focal sin apairtéid i mbéal an phobail ar fud an domhain. Bhí daoine óga idéalacha ag eagrú feachtas i ndiaidh feachtais in aghaidh na hapairtéide. Ón taobh eile de, bhí a lán daoine coimeádacha barúlach go raibh an iomarca tionchair ag an bpáirtí cumannach sa cheann is tábhachtaí de na heagraíochtaí frith-apairtéadacha, is é sin, ANC, nó Comhdháil Náisiúnta na hAfraice. Bhí siad buartha freisin go marófaí na daoine geala sa tír scun scan, dá gcuirfí deireadh leis an apairtéid. Fealsamh éadóchais ab ea an cineál sin coimeádachais sa deireadh.
Is fíor go raibh blas na heite clé ar an ngníomhachas frith-apairtéadach, ach san Fhionlainn bhí na polaiteoirí agus na taidhleoirí féin, agus iad réasúnta coiméadach ina ndearcadh, ag cáineadh na hapairtéide os ard. Duine acu siúd, fear a bhí ar pinsean i ndiaidh gairmréim fhada ag obair do na Náisiúin Aontaithe, seo mar a chuir sé i bhfocla an locht a fuair sé féin ar an apairtéid mar rud: “Is dócha nach bhfuil teacht againn ar thír gan éagóir gan éagothrom. Sa chuid is mó de thíortha den chineál sin imrítear éagóir agus éagothrom ar na daoine in aghaidh an dlí atá i bhfeidhm. San Afraic Theas, tá dlíthe reachtaithe leis an éagóir agus leis an éagothrom a choinneáil i bhfeidhm.”
Focail láidire ab ea iad seo san Fhionlainn, chomh domhain is a bhí an urraim don dlí mar rud fréamhaithe in ithir ár dtíre. Nuair a bhí an tír faoi dhaorsmacht na Rúise Impiriúla, ba é an dlí a tháinig anuas ó laethanta chumhacht na Sualainne an t-arm ba mhó a bhí ag na Fionlannaigh in éadan an anlathais. Mar a scríobh an file náisiúnta, Johann Ludvig Runeberg: “An dlí a tháinig ar an bhfód roimh mo laethanta féin, fágfaidh mé i mo dhiaidh é.” Mar sin, bhain sé creathnú as a lán againn go bhféadfadh an dlí féin bheith chomh héagóir sin.
Nuair a bhí an apairtéid agus an cath ina haghaidh faoi lán an tseoil, chuaigh cultúr na hAfraice Theas go mór i bhfeidhm ar an Eoraip. Chualathas amhrán na gluaiseachta saoirse, ‘Nkosi sikelel’ iAfrika’ le hEnoch Sontonga, á chanadh ina lán teangacha. hAistríodh a lán litríochta ón Afraic Theas, leabhair le scríbhneoirí geala ar ndóigh, cosúil le hAndré Brink, Alan Paton, Nadine Gordimer agus Breyten Breytenbach. Ar an drochuair níor chuala muid iomrá ar bith san am sin ar scríbhneoirí cosúil le hAdam Small (daiteachán a raibh Afracáinis ó dhúchas aige) nó Benedict Wallet Vilakazi (a chuir bun leis an litríocht nua-aimseartha ina theanga féin, an tSúlúis). Mar sin, d’fhéadfá a rá go raibh cineál apairtéid chultúrtha i bhfeidhm ina measc siúd féin a bhí ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an apairtéid san Afraic Theas.
D’imigh sin agus tháinig seo, ach ina dhiaidh sin féin tá cuid mhór de chultúr na ngorm san Afraic Theas dofheicthe san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe i gcónaí. Ar ndóigh, tháinig roinnt téacsleabhar maith i gcló dóibh siúd ar mhaith leo teangacha móra an chine ghoirm san Afraic Theas a fhoghlaim, an Chóisis agus an tSúlúis. Sa bhliain 2006, chuala an saol iomrá ar U-Carmen eKhayelitsha, leagan Cóisise de cheoldráma clasaiceach Georges Bizet, Carmen, inar haontaíodh ceoldráma na hEorpa agus traidisiún fonnadóireachta na hAfraice ar bhealach an-chliste. Chuaigh scannánú an cheoldráma fhíor-ilchultúrtha seo ar fud an domhain, agus is léir gur tharraing sé súil na ndaoine ar an teanga Chóisise féin.
Mar sin féin, níl róchuma ar thodhchaí na dteangacha bundúchasacha san Afraic Theas. Is é oighear an scéil gur bhain an rialtas apairtéide a leas féin as na teangacha sin: an cineál oideachais a bhí ar fáil sna teangacha bundúchasacha, ní raibh ann ach ‘oideachas Bantúch’ – is é sin, oideachas maolaithe nach raibh inchomórtais le scolaíocht na ngeal.
Téarma teangeolaíochta é? Bantúch? a thagraíos don fhine teangacha lena mbaineann teangacha na ngorm san Afraic Theas, ach mar a d’úsáid an rialtas é, ba gheal le masla ciníoch é. Le teacht na saoirse, bhí an chuid ba mhó de na Gormaigh sa tír ag éileamh oideachas trí mheán an Bhéarla ar aon leibhéal le scolaíocht an chine ghil. Dá mbeifeá ag trácht ar oideachas trí mheán na dteangacha dúchais leo, shílfidís gurb ionann é agus ‘oideachas Bantúch’.
Mar sin, dealraíonn sé go bhfuil stádas na dteangacha Bantúcha an-íseal san Afraic Theas i gcónaí, agus lucht an chine ghoirm ag éirí astu ar mhaithe leis an mBéarla? teanga na fuascailte agus na saoirse. Ní tógtha orthu é, ach is dual dom féin, mar theangeolaí, bheith buartha faoi chinniúint na dteangacha bundúchasacha. Nuair a thagas an crú ar an tairne, ní ar na teangacha féin atá an locht má bhain an rialtas apairtéide a mhí-úsáid féin astu, agus ní féidir a rá gur ‘drochtheangacha’ iad nach bhfuil fóirsteanach do shaol an lae inniu.
Teangacha beo bríomhara iad i gcónaí, agus bheidís lán chomh hoiriúnach leis an mBéarla féin le cur síos a thabhairt ar fhisic na ndúpholl nó ar theicneolaíocht na faisnéise, dá mbeadh teacht ar an duine a bheadh sách eolach ar an ábhar sin agus ar an teanga féin araon.
Teangeolaí agus scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund.