Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Comhdháil Dhomhanda in aghaidh an Chiníochais, mar dhea!

Last update - Thursday, March 19, 2009, 19:04 By Metro Éireann

Tionóilfidh Comhdháil Dhomhanda in aghaidh an Chiníochais i nDurban arís i mbliana. Tá fadhb mhór ag baint leis an gcomhdháil seo dár liom.

Is í aidhm an chomhdháila ná cearta daonna a phlé, ach go háiraithe, chun dul i ngleic leis an ndaorsmacht stairúil curtha i bhfeidhm ag na sean chumhachtaí domhanda cóilíneacha; impireacht na Breataine, na Fraince agus tíortha eile.
Ach is í an fhadhb ná go bhfuil tíortha san Afraic agus sa Mheán Oirthear go hairaithe, ag baint usáid as an ndiospóireacht chun aghaidh a gcraois a thabhairt ar dhaoine bána go coitinne. Mar sin, caithfear ceist a chur faoi chuspóir an díoscúrsa seo. a Cen mhaitheas a tá ar dhíospóireacht mhioscaiseach, aiceaseach seo?
Is cinnte go bhfuil coincheap mar Geschichtebewältigung – an dul i ngleic le stair mar a thugtar air sa Ghearmáinis, ríthábhachtach má theastaíonn uainn ár nádur daonna  agus na meancóga déanta againne ar feadh na mblianta fada a thuiscint.
Ach níor chualamar sna  comhdháila roimhe seo ach fuath agus gearán; dúil ag roinnt tíortha díoltas a bhaint amach as daoine bána. Sa chaoi sin, ní raibh an chomhdháil ach scigphictiúr áiféiseach den bhunsmaoineamh.
Bhain tíortha arabacha usáid as an gcomhdháil chun roisceadh cáinte a dhéanamh i gcoinne Stáit na hIosraela. D’fhéadfaí é sin a thuiscint mura mbeadh fimíneacht mhór ag baint leis i roinnt gcásanna. Cúr i gcás, Ali Mohammed Osmar Yasin, an t-aire dlí na Sudáine.
D’éiligh se cúiteamh ó thíortha na hEorpha de bharr na daoirse stairiúla a chur siad orthu, cé go bhfuil an córas sin fós beo bríomhar sa tir sin faoi láthair!
Agus céard faoi mhuintir an Darfúr? Is í an fhadhb dár le morán rialtais sa Mheán Oirthear ná ár bhfuath don Ioslam, ach céard faoin bhfuath moslammach do chríostaíocht, bhudeachas agus aindhíogas sna tíortha moslamach?
An bhfuil cearta daonna agus cearta cainte ag aindiachaí nó do creidimh éagsúla san Aráib Sáidí nó Sudáin? Agus céard faoin bhfrithghiúdachas?
Nach raibh an Shah san Iaráin agus an Mufti an Iarúsaléim ar thaobh naitsíoch sa dara cogadh domhanda?
Maíonn tíortha moslammacha go bhfuil rialtais na hEorpa ‘cíníoch’ nuair a chuireann siad chosc ar shéal moslammach sna scoileanna mar shampla ach níl aon fhadhb acu le séal éigeantach ina scoileanna féin. Sé a tá ag tarlú anseo ná go bhfuil tíortha neamhdhaonnlathacha ag baint usaid as dhíoscúrsa um chearta daonna chun cearta cráifeacha a chur i bhfeidhm ina áit. Mar sin níl ach cur i gcéill agus fimíneacht i gceist leis an gcomhdháil seo.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links