Nuair a bhí mé ag taisteal timpeall na Veiniséala an t-seachtain seo caite, bhuail mé le roinnt daoine ón gColóim. D’fiafraigh mé an raibh aon tacaíocht i measc na daoine sa Cholóim do mhilíste Farc, fuerzas armadas revolutionarias de Colombia.
Dúirt siad liom go raibh formhór na dtuathánach báúil le Farc mar go measann siad go bhfuil na FARC ag troid ar son a gcúise: saoirse ó mhangairí drugaí agus saoirse ó mhórchomhlachtaí atá ag saothrú na daoine. Ar ndóigh, tá na Farc ag troid chun na hachmhainne nádúrtha fuinnimh na tíre a chosaint ó lámha na Stát Aontaithe chomh maith.
Is aisteach an méid aineolais a tá ann faoi na Farc san Eoraip. Dár le hAontas Eorpach, is ‘sceimhlitheoirí’ iad na Farc. Tugadh roinnt gníomhaithe os comhair na Cúirte i nDanmhairg le déanaí de bharr t-léinte a rinne siad le bolscaireacht ar son na Farc.
Go háthúil, tharla sé gur chinnigh an cúirt sa deireadh nach raibh an grúpa de ghníomhaithe ina ‘sceimhlitheoirí’. Ach taispeánann an scéal sin an fadhb mhór atá ann san Eoraip sa lá atá inniu ann: an fhíric go bhfuil coiriúlú an easaontais ag méadú an t-am ar fad.
Tá na Farc ag troid le Stát na Colóime le daichead bliain anuas. Nuair a rinne oibrithe le comhlacht mheiricánach United Fruit Company, stailc i 1928, mharaigh arm na Colóime faoi ord na Stát Aonaithe níos mó na 2000 oibrithe. Bhris cogadh sibhialta amach sna caoigaidí, eachtraí foréigeanacha a tugadh ‘La Violencia’ orthu.
Ba é Jorge Eliécer Gaitán an polaiteoir librálach meallacach a bhí i bhfabhar athruithe a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an mbochtanas sa tír. Nuair a mharaigh forsaí anathnide Gaitán i 1948 bhrís coimhlint mhór amach ar fud na tíre idir librálaigh/ communaigh agus coiméadaigh.
Bá é Pedro Antonio Marín Marín (nios déanaí ‘Manuel Marulanda’) ceann de na daoine a bhunaigh na Farc i 1964 chun saoirse a bhaint amach ó chaipitleachas meiricánach. Fuair Marulanda bás i 2008. Níl aon dabht ach go raibh sé ceann de na trodaithe ba cróga agus ba láidre i stair na mór-roinne. Anois is é Alfonso Cano ceannaire an Farc agus cé go bhfuil Bogata a rá go bhfuil siad i bhfad níos laige anois, maíonn an t-Ollamh Jame J Britain ina leabhar Revolutionary Social Change in Columbia go bhfuil siad fíor-neart fós.
Measann an t-Ollamh go mbuafaidh an míliste Marxach-Leiníneach mar go bhfuil a dtionscaidail shóisialacha ag obair go han-mhaith. Ta siad ag iarraidh feirimeoireacht bhuan éiceolaíoch a chothú ar fud na tíre chun spleáchas na dtuathánach a laghdú agus feirimeoireacht inbhuanaithe a fhorbairt.
Anois, tá an Farc agus an ELN, grupa réibhlóideach eile aontaithe. Le seacht mbunáiteanna mileata á togáil ó na Stáit Aontaithe ar fud na Colóime, tá gach cosúlacht go n-éireoidh an troid níos foréigní as seo amach.
Gluais - Glossary
coiriúlú an easaontais – criminalisation of dissent
tacaíocht – support
formhór – majority
mangairí drugaí – drug traffickers
a chur i bhfeidhm – put in place; implement
tuathánach – peasant
báúil – sympathetic
meallacach – attractive
bolscaireacht – propaganda
eachtraí – event
tionscaidail shoisialacha – social projects
bunáiteanna mileata – military bases
inbhuanaithe – sustainable