Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Ciníochas san Fhionlainn: tragóid nó fronsa?

Last update - Saturday, October 1, 2011, 12:02 By Metro Éireann

San Earrach, nuair a bhuaigh páirtí tuathghríosaitheach na bhFíor-Fhionlannach an t-olltoghchán, baineadh scanradh as an tromlach mór de na Fionlannaigh nár chaith vóta ar son an pháirtí. Ach le fírinne níorbh é an páirtí féin an chúis ba mhó leis an míshuaimhneas seo, ach an bhaicle dhuairc dhiamhair ciníochaithe a neadaigh sna Fíor-Fhionlannaigh ag iarraidh teacht i dtír ar an bpáirtí. Suomen Sisu, nó ‘Sracadh na Fionlainne’, a bhí ar an mbaicle seo, agus ba é Jussi Halla-aho an duine ba mhó le rá de na hiarrthóirí Fíor-Fhionlannacha a raibh baint acu leis an ‘Sracadh”’.

Blagadóir é Halla-aho go bunúsach agus sraith bhlianta caite aige ag maslú na Muslamach, na nAfracánach agus na heite clé, agus é in ann an-tacaíocht a mhealladh óna chuid léitheoirí lena chuid scríbhinní ar an Idirlíon. Is féidir a rá gur sórt seicte ná cultais atá i gceist, agus lucht a leanúna á adhradh mar a bheadh íol reiligiúnach ann.
Le fírinne, áfach, níorbh é an ciníochas a thabhaigh an bua don pháirtí, ach an babht frith-Eorpachais a tháinig sna sálaí ag géarchéim eacnamaíoch na Gréige. Ba é an tEora-scéipteachas an chloch ba mhó ar phaidrín Timo Soini, cathaoirleach an pháirtí, riamh, agus is ar éigean is féidir ciníochas a chur ina leith.
Scéal eile é go bhfuil sé sách ciniciúil chomh sásta is atá sé lucht ciníochais a fháiltiú isteach le vótaí a tharraingt. Ba ghnách le Soini riamh buntáiste a ghlacadh ar thuathghríosóirí áitiúla lena leas féin a bhaint astu. Má chuaigh dream éigin chun ceannairce ae an lucht rialtais, agus iad den tuairim go raibh siad faoi leatrom ar leith, ní raibh moill ar Soini riamh polaitiú bunleibheil den chineál seo a shealbhú dá pháirtí féin. Ba é a straitéis ná dul ar lorg gluaiseachtaí spontáineacha pobalacha agus iad a cheansú.
Is dealraitheach áfach go ndearna Soini cabhóg a pháirtí nuair a chuaigh sé i gcomhghuaillíocht le lucht an t-Sractha, nó ní gluaiseacht spontáineach phoblach iad. Bhí inneall agus eagar ní ba déine ar an eagraíocht seo ná mar a chonacthas do Soini ar dtús. Níl siad ag tabhairt aird ar bith ar an disciplín sa pháirtí ná ar leas na tíre, agus is ar éigean a imíonn lá nach dtarraingíonn duine acu scannal nó seantithe de chineál éigin anuas air féin agus ar an bpáirtí. Ba é an callán ba mhó den chineál seo ná an uair a dúirt Halla-aho go poiblí gur chóir deachtóireacht mhíleata a chur ar bun sa Ghréig agus na tancanna a bheith amuigh ar na sráideanna le ceacht a mhúineadh do na léirsitheoirí agus na stailceoirí.
Ar ndóigh chuaigh na focail seo ar fud an domhain, nó ní raibh Halla-aho ina bhlagadóir gan iomrá a thuilleadh, ach ina Theachta Parlaiminte, agus é faoi dhiansúil na meán cumarsáide. Ní raibh an ráiteas seo ródhifriúil lena ndúirt sé roimhe seo, ach ba é an chéad uair a chuala an saol mór cad é a bhí le rá ag mo dhuine: bhí sé le léamh ar na nuachtáin sa Téaváin féin! Ba mhór an masla é do mhuintir na Gréige ar ndóigh, nó bhí deachtóireacht bhrúidiúil mhíleata ag rialú na tíre sin i ndeireadh na seascaidí agus i dtús na seachtóidí, agus maireann goimh na mblianta sin ag goilleadh ar a lán Gréagach go dtí an lá atá inniu ann.
Bhí Timo Soini ar cuairt sa Rúis nuair a chuala sé faoin rud a bhí ráite ag Halla-aho, agus i dtús báire gheall sé go gcuirfeadh sé a bhallraíocht siúd ar fionraí go ceann míosa mar phionós. Dúirt sé leis na meáin freisin go raibh sé leis an bpionós seo a chur ar vóta i ngrúpa parlaiminteach an pháirtí, lena fháil amach cé hiad na teachtaí a thugann tacaíocht dó féin agus cé hiad a roghnóidh Halla-aho. Sa deireadh, áfach, bhí sé sásta an pionós a scoilteadh: ní dheachaigh Halla-aho ar coraintín ach go ceann dhá sheachtain. Ní dheachaigh an pionós ar vóta ach an oiread.
Ar ndóigh, is é an chiall a bhain na meáin as an scéal seo gur comhghéilleadh a bhí ann leis an bpáirtí a choinneáil le chéile ar feadh tamaillín eile, agus go raibh ceannaireacht na bhFíor-Fhionlannach ag sleamnú ó Soini - go raibh an páirtí go léir ar tí titim as a chéile, b’fhéidir - ó nár sheansáil sé an vóta i ndiaidh an iomláin.
Cé go bhfuil faobhar ciníoch nó fiú Faisisteach ar ghuth a lán teachtaí de chuid na bhFíor-Fhionlannach i ndiaidh an olltoghcháin, is é an chuma atá ag teacht ar an scéal nach tragóid ach fronsa a bheidh ann tar éis an tsaoil. Is dócha go bhfuil géarchéim eacnamaíoch ag bagairt ar an bhFionlainn chomh maith leis an gcuid eile den Eoraip, ach ón taobh eile de beidh borradh mór ar na scéilíní magaidh faoin bpolaitíocht!

Tá Panu Höglund scríbhneoir Fionlannach ar líne agus aistritheoir.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links