Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Ceiliúradh a dhéanamh ar cé muid féin

Last update - Sunday, May 1, 2011, 13:40 By Siún Ní Dhuinn

I láthair na huaire in Éirinn is annamh a thugar aitheantas do rudaí dearfacha atá ag tarlú sa tír seo atá faoi scáth fadhbanna airgeadais. Cé gur déanadh neart damáiste don tír nuair a bhí an Tíogar Cheilteach i mbarr a réime, d’fhorbair an tír as cuimse ó thaobh leathnú na gcultúr de.

Ba thír choimeádach muid go dtí gur tháinig daoine as tíortha eile inár measc. Chothaigh na daoine seo cultúir nua agus chuir siad lenár gcultúr féin. Beidh sé seo á cheiliúradh ag Gradaim MAMA i mbliana.
Bronnfar gradaim ar dhaoine aonáracha, grúpaí, comhlachtaí agus iriseoirí a chuireann tuiscint ar eagsúlacht nagcultúr seo chun cinn ag Gradaim MAMA na b liana seo. Tá fáilte is fiche roimh an bpobal dul ar líne agus iontrálaigh a ainmniú do na gradaim ag www.mamaawards.com.
Bhunaigh Metro Éireann na gradaim sa bhliain 2002 agus tá urraíocht curtha ar fail i mbliana ag An Post, Dublin City Council Office for Integration, Foras na Gaeilge, The Irish Times agus MK Design Studio.
Deir eagarthóir an Metro Éireann, Chinedu Onyejelem, go bhfuil an tábhacht níos mó ag baint leis an tionscnamh seo faoi láthair agus dúshláin mhóra roimh an tír.
Beidh gradam speisialta ag Foras na Gaeilge dóibh siúd a chuireann an Ghaeilge agus culture na hÉireann chun cinn i measc eachtrannach.
Is é spriocdháta ná 20 Bealtaine agus déanfar gearrliosta a fhógairt ag deireadh mhí Bealtaine agus bronnfar na gradaim i mí an Mheithimh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó chomhordaitheoir na nGradam ag 01 878 3223 ríomhphost a chur chuig info@mamaawards.com.

Is scríbhneoir agus léachtóir le Gaeilge í Siún Ní Dhuinn in UCD


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links