“Is tóg ar imram mé ar do long atá ar strae…” Nuair a chantar Mr Tambourine Man de chuid Bob Dylan sa Ghaeilge is é Fear an Bhodhráin é agus níl aon rud cearr leis sin.
Ní hamháin gur spéis le IMRAM gach gné dár ndúchas; nithe atá lasmuigh dár ndúchas déantar iad a dhúchasú, a ghaelú agus a thabhairt abhaile. Bhí féile thar na bearta againn anuraidh agus na tithe lán gach oíche.
Tá clár uaillmhianach curtha le chéile againn i mbliana a shásóidh gach éinne, tá súil againn: léitheoireachtaí mar is gnáth, díospóireachtaí, ceardlanna, imeachtaí do na scoileanna, scannán, lainseálacha leabhar, coirmeacha ceoil. Beidh sé go diail!
I measc na n-imeachtaí móra beidh oíche ómóis do phríomhéigeas na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi; mórfhilí Rúiseacha ón Ré Airgid tiontaithe go Gaeilge agus go Béarla agus, ar ndóigh, Tionscadal Dylan, amhráin de chuid an Bhaird aistrithe go Gaeilge ag cuid de mhórfhilí ár linne agus á gcur i láthair ag réaltóga glioscarnacha, ina measc Liam Ó Maonlaí agus Steve Cooney.