Ag déanamh mo mharana ar conas ba chóir litríocht Gaeilge ár linne a fhorbairt is minic a ritheas liom go bhfuil an teanga in anás ficsean eolaíochta.
Chuideodh sé go mór leis an teanga dá n-aistreofaí rogha chlasaicigh an tseánra seo go Gaeilge – ar ndóigh ba chóir dúinn a chinntiú gur Gaeilge mhaith a bheadh ann, stíl a mbeadh cuma Ghaeilge na Gaeltachta uirthi ó thaobh na comhréire de.
Ceann de na clasaicigh a theastódh uaimse a aistriú is ea Flowers for Algernon le Daniel Keyes. Ó fuair Keyes bás le déanaí, ar an gcúigiú lá déag de Mheitheamh, is mithid dom cúpla focal a bhreacadh síos faoina leabhar.
Tháinig Flowers for Algernon i gcló an chéad uair sa bhliain 1961, agus ní raibh ann san am ach gearrscéal. Rinne Keyes fairsingiú ar an scéal ina dhiaidh sin, agus foilsíodh ina úrscéal é cúig bliana ina dhiaidh sin. Is éard is ábhar don scéal, go bunúsach, ná leasú saorga na hintleachta. Cineál leathdhuine é laoch an scéil, Charlie (nó Charly) Gordon, ar dtús, agus é ar chiall na bpáistí. Go tobann, tagann athrú ar a chás.
Castar saineolaí air atá ag déanamh taighde ar an intleacht, agus é barúlach go bhféadfadh sé intleacht Charlie a shlánú. Roimhe sin, chuaigh an luchóg bheag úd Algernon faoi scian an dochtúra seo, agus ba é ba toradh don lansóireacht ná gur cuireadh go mór mór le héirimiúlacht na luchóige: bhí sí in ann dul tríd an gcathair ghríobháin ba chasta amuigh, agus Charlie ag streachailt leis ag iarraidh an bealach amach a aithint lena pheann luaidhe. Ar ndóigh, tá náire ar Charlie agus an luchóg féin níos éirimiúla ná eisean; mar sin tá an fear bocht sásta triail a bhaint as an máinliacht thurgnamhach chéanna.
I ndiaidh na hobráide, téann a intleacht an oiread sin chun feabhais is go sáraíonn sé an chuid is mó den chine dhaonna. Ansin, áfach, faigheann sé amach nach n-oibreoidh an obráid ach seal, agus go dteipfidh a intleacht air arís. I ndeireadh an scéil tá Charlie mar a bhí sé roimh an lansóireacht, agus is san abairt dheireanach iarrann sé ar an léitheoir bláthanna a thabhairt go huaigh na luchóige, Algernon.
Bhí seal caite ag Keyes féin ag múineadh ranganna do dhaltaí faoi mhíchumas foghlama, Duine acu siúd a bhí ag teacht ar a chuid ceachtanna tháinig feabhas air dá dtoradh, ionas go raibh sé in ann léitheoireacht a dhéanamh; ach nuair ab éigean dó éirí as, d’imigh na scileanna nua go sciobtha, ionas nach raibh ceá ná ciú fágtha ag an dalta nuair a casadh ar Keyes in athuair é. Bhain an eachtra seo an-stangadh as Keyes, agus bhí spreagadh ann don úrscéal.
Chuaigh scéal Charlie agus Algernon i dtáin an fhicsin eolaíochta, ach má chuaigh, bhí fadhbanna ag an scríbhneoir é a fhoilsiú. Ba leasc le hirisí an tseánra an chéad leagan, an gearrscéal, a chur i gcló, agus ní raibh na tithe foilsitheoireachta róshásta leis an úrscéal ach oiread, toisc go raibh deireadh chomh traigéideach ann: b’fhearr leo Charlie a bheith in ann a éirimiúlacht nua a choinneáil.
Mar sin féin, chonaic Keyes an dá leagan i bprionta sa deireadh díreach mar a scríobh sé féin iad, agus is dócha gurb é conclúid an scéil a rinne clasaiceach de. Chaith Keyes seal fada ina scriptscríbhneoir coimicí, ina scríbhneoir agus ina mhúinteoir scríbhneoireachta, ach inniu is é Flowers for Algernon is bunús le pé clú iarbháis atá air.
Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund.