Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Ben Ali: an deachtóir cairdúil

Last update - Thursday, November 5, 2009, 09:25 By Gearóid Ó Colmáin

Nuair a bhíos ag léamh an páipéar L’Humanité an tseachtain seo caite, thugas faoi deara go raibh olltoghchán ar siúl sa Túineis. Olltoghcháin, mar dhea! Tá an déachtóir Zine El Abidine Ben Ali ina uachtarán sa tir le níos mó na fiche bliain anois agus níor chuir sé aon iontas ar mhuintir na tíre nuair a bhuaigh sé an olltoghchán arís.

Is cara dlúth é Ben Ali le uachtarán na Fraince Nicolas Sarkozy agus is minic a dhéanann rialtas na Fraince iarrachtaí nuacht agus tuairiscí faoin rialtas truallithe na Túineise a fholaigh lena gcuid dea-ráitis faoi ‘cairdeas mór’ idir an Fhraince agus an Túineis. I bhfirinne, is cuma le Sarkozy faoi chearta daona sa Túineis agus an easpa mór an dhaonlathais sa tir sin. Is stát-cliant é an Túineis don Fhrainc agus is é sin an rud is tábhachtaí do Palais de l’Elysée.
I bhfírinne níl aon daonlathas sa Túineis. Is stát d’aon-pháirtí é an Túineis agus tá míchlú uafásach ag baint leis i dtaobh cearta daonna. Cur i gcás, tá an Páirtí Cummanach crosta sa Túineis maile le haon eagras eile atá i gcoinne an rialtais.
Chiapann na póilíní gníomhaithe um chearta daonna, saoithe agus iriseoirí eile le formheas óna gcairde sa Palais de l’Elysée i bParas. Nuair a tháinig Hamma Hammani, urlabhraí do Pháirtí Cumm-anach na Túineise agus a bhean Radhia Nasraoui (dlíodóir um chearta daonna) ar aerphort sa Tunis ó bPáras sa Mheán Fomhair, thug na póilíní greasáil dóibh. Ach is cuma le rialtas na Fraince faoi rudaí mar sin.
Cén fath? Bhuel, tá plean ag Nicolas Sarkozy le fada an lá Aontas na Meánmhara a fhorbairt le tíortha san Aifric Thuaidh. Is é cuspóir an eagrais seo ná cumhacht eacnamaíochta agus polaitíochta na Fraince a láidriú sa réigúin. Mar sin, is cara fíorthábhachtach é Uachtarán Ben Ali do Nicolas Sarkozy.
Tacfaidh an Fhrainc an troid um chearta daonna i ngach cearn den domhain. Ach céard atá ag tarlú sa Túineis? Dar le Human Rights Watch, tá céas agus mí-usáid an-choitianta sa Túinéis agus tá sé ag iarriadh níos measa an t-am ar fad. Tá caidreamh idir Paris agus Tunis, áfach, ag dul o neart go neart.

Gluais/Glossary:
olltoghchán – general election
cara dlúth – close friend
truallithe – corrupt
cumhacht – power
gníomhaithe – activists
caidreamh – relationship


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links