Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

Bainistíocht an léargais Obama faoin ‘coup d’état’ sa Hondúras

Last update - Thursday, July 30, 2009, 13:06 By Gearóid Ó Colmáin

Tá sé soléir anois go raibh Washington taobh thiar an coup d’etat sa Hondúras an mhí seo caite. Bhí réamheolas ag an Peintagán agus bhí fhios ag Roinnt Stát chomh maith go raibh rún ag na golpistas an coup a chur i bhfeidhm.


Cé hiad na daoine a chomhordaigh an coup seo? Tá John Negroponte, comhairleoir do Hilary Clinton an-bhainteach le polaitaíocht sa Mheiriceá Theas. Bhí ról lárnach aige le linn an chogaigh in aghaidh an rialtais dhaolathaigh, an scannal ‘Iran-Contra’ nuair a bhí Colonel Oliver North ag baint usáid as an bhunáit mhíleata Soto Cano, áit ina bhfuil Southern Command Task Force Bravo, an láidir go fóill.
Is iadsan an fhíorchumhacht sa tir i ndáiríre agus tá arm Hondúrach traeláilte agus maoinaithe le Peinteagán. Fuair  na golpistas a gcuid oideachais sa School of the Americas sa Seorsia, NSA.
Rinne uachtarán Zelaya botún mór. d’éist sé le toil an phobail. Theastaigh ó Zelaya aerfort  sibhialta a thogáil sa bhunáit mhíleata i Soto Cano. Chuirfeadh sé sin deireadh le bunáit mhíleata mheiricánach sa tír agus láithreacht mhíleata na Stát Aontaithe sa Hondúras. Tá Soto Cano fíorthábhachtach d’impireacht na Stát Aontaithe, áfach; ba Soto Cano an áit inár chothaigh siad alán oibríochtaí san aimsir chaite an oibríocht Iran/Contra san áireamh.
In ionad an coup d’etat a cháineadh thug Washinton cuireadh do na golpistas chun an fhadhb a ‘phlé’. Bhí Robert Carmona Borjas an fear a rinne an coup i gcoinne Chavaz i 2002 agus Otto Reich, iarthaidhleoir na Stát Aontaithe  agus Adolfo Franco, iar-riarthóir an eagrais ‘USAID’ do Chúba an bhainteach le heagríocht an coup d’etat agus san idirbheartaíocht atá faoi lán seol anois sa Washington.
Dúirt  urlábhraí ón Roinn Stáit sa Washington an chéad lá de mhí Lúil go raibh réamheolas ag Washington faoin bplean coup d’etat a dhéanamh ach go raibh siad ag iarraidh bealach eile a aimsiú chun an chonspóid a réiteach. Bhí ról láidir sa coup ag taidhleoir meiricánach Hugo Llorens chomh maith.
Bhí seisean  a rá cúpla mí roimh an coup nár aontaigh se le  cinneadh an uachtaráin Zelaya reifreann a dhéanamh chun aithruithe súntasacha a chur i bhfeidhm sa tír. Fuair daoine a bhí i bhfabhar na golpistas airgead ó USAID, National Endowment for Democracy (CIA). Bhí Larry Davis fostaigh ag CEAL Conselho Empresarial de América Latina, chun brú a chur ar dhaoine sa Capitol Hill agus go háirithe bolscaireacht a eagrú sna meáin chumarsáide ar son an coup d’état.
Is eiseamláir uathúil í ar cé chomh eifeachtach is atá bolscaireacht ar son Uachtaráin na Stát Aontaithe faoi láthair agus an bhainistíocht léargais atá curtha ar bun aige nach bhfuil aon duine ag caint faoin gcéad coup d’état faisisteach atá déanta aige.

Gluais - Glossary
bhainteach – involved
bunáit mhíleata – military base
cumhacht – power
oibríochtaí – operations
iar-riarthóir – former administrator
taidhleoir – diplomat
bolscaireacht – propaganda


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links