Mar is cuimhin linn is é an chéad bhreithiúnas a thug chéad siciatraí an dlí ar Anders Behring Breivik – slua-mharfóir ciníoch na hIorua – go raibh scitsifréine pharanóideach air.
Tháinig chun solais, áfach, nach raibh an diagnóis seo ag teacht i gceart le fíorchás an fhir.
Sa deireadh thiar thall, d’iompaigh sé amach nárbh fhéidir speabhraídí Breivik a chur síos d’aon chineál mheabhairghalar nach mbeadh ach air féin go pearsanta. Bhí an fear mire seo sáite i bhfochultúr idirlín ina raibh glacadh forleathan lena chuid idéanna. Le fírinne b’ón bhfochultúr sin a fuair sé an chéad tolgadh, mar a déarfá. Agus deir sainmhíniú an mheabhairghalair – mar choincheap – nach comhartha meabhairghalair é duine a bheith ag tabhairt creidiúna do phiseoga a chultúir féin, míréasúnta is uile mar a bhíos siad. A mhalairt ar fad is dócha gur duine an-fholláin tú agus caidreamh maith agat le do chomhleithéidí féin.
An fuath agus an faisisteachas, an confadh agus an ciníochas atá ag rith damhsa ar fud na hEorpa inniu, is léir gur daoine bréana brúidiúla iad lucht a chraobhscaoilte. San am chéanna áfach is dócha nach bhfuil galar intinne – síocóis – ag luí ar an gcuid is mó acu. Bithiúnaigh iad cinnte ach ní gealta iad. Sin an chéad rud a chreidimid.
Dealraíonn sé áfach go bhfuil an scéal níos casta ná sin. Ó chuaigh na blaganna i bhfaisean is dóigh le gach uile amadán go bhfuil a gcuid tuairimí i leith gach uile shórt ó neamh go hÁrainn ag teastáil ón saol mór. Cuid de na blagadóirí is airde guth a reiceas an teachtaireacht chiníoch faoi thonn ‘tuile’ na n-imirceach is deacair gan an cheist a chur, an bhfuil ciall ar bith acu don réaltacht a thuilleadh, chomh torrach is atá a n-intinn le teoiricí comhcheilge.x
A lán de na blagadóirí ar mire, áfach, cé go bhfuil siad féin, fiú, diagnóisithe mar othair shiciatracha, is féidir leo lucht tacaíochta agus leanúna a earcú as measc daoine folláine féin. An chuid is mó againn níl taithí ná cleachtadh againn ar speabhraídí na n-othar síocóiseacha agus ní féidir linn a aithint cad é atá i gceist leo. Creideann na hothair seo chomh dian chomh daingean ina gcuid aislingí is gur féidir leo a bheith an-áititheach ina leith, agus má chuireann na siabhráin lenár dtuairimí polaitiúla (nó lenár réamhbhreithiúnais) féin, is dual dúinn sochar an amhrais a ghéilleadh don duine mire féin. Mar shampla, is féidir linn a áitiú orainn féin nach bhfuil sa chuid is mó buile dá chuid reacaireachta ach reitric.
Dúirt duine d’fhealsúna comhaimseartha na Fionlainne tráth, agus é ag trácht ar an dóigh ar athraigh coincheap na héirimiúlachta i rith na gcéadta bliain, gur bua luachmhar ab ea an scitsifréine sna laethanta a bhí, ó bhí na hothair scitsifréine ag bunú reiligiúin ar a gcuid siabhrán. Tá mé cineál míshásta le dearcadh chomh ciniciúil ar an reiligiún mar rud, ach is dócha go raibh cuid den fhírinne aige i ndiaidh an iomláin, an dóigh a mbíonn blagadóirí paranóideacha in ann seicteanna polaitiúla ciníocha a thosú inniu.
Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund.