Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

‘Ar a seachnadh’ i ndiaidh 30 bliain san Fhionlainn

Last update - Friday, February 8, 2013, 12:38 By Panu Höglund

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh

An chéad achrann poiblí a tarraingíodh san Fhionlainn i mbliana, ba é an ciníochas ba chúis leis, ní nach ionadh. Tamall beag roimh Lá na Caille d'fhoilsigh Helsingin Sanomat, an nuachtán is mó sa tír, colún le hUmayya Abu-Hanna, bean de phór na Palaistíne a tháinig go dtínár dtír 30 bliain ó shin, nuair nach raibh sí ach 20 bliain d'aois. Bhí Abu-Hanna feiceálach go maith i saol na Fionlainne i rith na tréimhse seo, agus í ina polaiteoir i bPáirtí na nGlasach ar feadh i bhfad. Anois, áfach, chuaigh atmaisféar na tíre an oiread sin chun donais ó thaobh an chiníochais de is nach raibh an dara suí sa bhuaile aici ach aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch agus slán a fhágáil ag an bhFionlainn.

Ba é an rud ba mhó a chuir isteach uirthi ná an dóigh a gcaití lena huchtiníon Afracánach. Dúirt sí go raibh sí féin i dtaithí gach sórt maslaí ó na Fionlannaigh, agus iad ag cur sceimhlitheoireacht ina leith nó ag caitheamh anuas uirthi ar dhóigheanna eile. Mar sin féin ní raibh súil aici leis an bhfuath a tharraing dath craicinn a huchtiníne, ná leis na rudaí brúidiúla a chaithfeadh leanbh beag a chloisteáil ó dhaoine fásta san Fhionlainn. Sin é an tuige go ndeachaigh sí ar imirce go dtí an Ísiltír, tír a d'iompaigh amach i bhfad ní b'fháiltiúla, mar a scríobh sí – cé go bhfuil nua-Naitsithe agus ciníochaithe na tíre sin go mór mór i mbéal an tsaoil mhóir leis na blianta beaga anuas.

Go tiubh sna sálaí ag colún Abu-Hanna cuireadh an chéad aisfhreagra i gcló ar an tablóideach úd Ilta-Sanomat, aisfhreagra a tháinig ó pheann Ulla Appelsin, eagarthóir an nuachtáin. Bhain Appelsin  amach a clú mar iriseoir le scríbhinní faoi éacht na saighdiúirí Fionlannacha sa Dara Cogadh Domhanda, rud a chiallaíos go bhfuil dearcadh coimeádach náisiúnaíoch aici. Mar sin, ní díol iontais é gur ghlac sí masla agus í ag léamh cholún Abu-Hanna: nuair a bhí ciníochas á lochtú, ba dual di taobhú leis an gciníochaí.

An t-alt a scríobh Appelsin, bhí sé chomh searbh le liomóid, mar a dúirt lucht an mhagaidh (‘oráiste’ is brí leis an sloinne sin ‘Appelsin’). Chuir Appelsin i leith Abu-Hanna go raibh sí ag róghinearálú iompar aon bhean amháin – seanbhean ochtó bliain d'aois a thug íde bhéil chiníoch don uchtiníon, mar a d'inis Abu-Hanna – ar mhuintir na Fionlainne go léir (cé gur thrácht Abu-Hanna ar shuáilcí náisiúnta na bhFionlannach freisin, chomh maith leis an gcumha a bhí uirthi féin i ndiaidh ár dtíre, i ndiaidh na maslaí ciníocha go léir). Thairis sin, bhí Appelsin barúlach gur chóir d'Abu-Hanna cuid den locht a chur uirthi féin – ní mé ar chóir d'uchtiníon Abu-Hanna, tachrán cúig bliana d'aois, í féin a mhilleánú faoi chomh gorm is a bhí sí.

An drong linseála a thosaigh ag cur i dtíortha ar an idirlíon ina dhiaidh sin, is léir nár léigh siad ach aisfhreagra Appelsin, nó rinne siad neamhshuim ar fad de na ceisteanna tábhachtacha míchompordacha a chuir Abu-Hanna. Thar aon rud eile bhí sí míshásta le doicheall na Fionlainne aitheantas a thabhairt do thírghrá na n-inimirceach – a ngrá don Fhionlainn – agus glacadh leis an inimirceach mar dhuine de mhuintir na Fionlainne atá i dteideal grá a thabhairt don tír agus buille a bhualadh ar a son – agus locht a fháil uirthi nuair is gá. 

Sa deireadh thiar thall is beag úimléid a bhí san achrann poiblí seo, ach ar a laghad shoiléirigh sé an dóigh a bhfuil éirithe leis an eite dheis chiníoch a dioscúrsa féin a chur i bhfeidhm ar an tsochaí le cuidiú ó chomhghuaillithe a bhfuil baint acu leis an gcoimeádachas traidisiúnta ar nós Ulla Appelsin.

Na tuairimí ba suimiúla a chualathas i rith na diospóireachta seo tháinig siad ó éasaoránaigh Fhionlannacha i dtíortha eile. D'inis bean de lucht m'aitheantais a chaith tréimhsí fada thar lear san Ísiltír agus sa Ghearmáin, nach raibh súil aici leis an athrú atmaisféir a tháinig ar an bhFionlainn idir an dá linn: ó tá gruaig dhubh uirthi (cé gur Fionlannach go smior í, agus Fionlainnis ó dhúchas aici), caithfidh sí cur suas le híde bhéil ó dhaoine a shíleas gur Muslamach, Giúdach nó eachtrannach de shórt éigin í: duine acu siúd a mhaslaigh í thug sé ‘Anne dhamanta Frank’ uirthi.

Léiríonn cás m'aitheantais cé chomh mícheart is a bhíos na ciníochaithe agus iad ag rá nach bhfuil siad ach ag cur ar son ‘aontas’ an náisiúin. Le fírinne ní dhéanann siad ach an t-aontas sin a chur ó mhaith is a scrios go hiomlán, agus iad ag dealú grúpa i ndiaidh grúpa ón ‘bhfíor-náisiún’. Is iad na Muslamaigh is na gormaigh ar dtús, na Giúdaigh ina dhiaidh sin, agus sa deireadh, iad siúd a bhfuil gruaig dhubh orthu. 

Mar a dúirt Martin Niemöller, an t-eaglaiseach Gearmánach a chonaic laethanta an Naitsíochais lena shúile cinn féin: “Ar dtús, tháinig siad ar lorg na nGiúdach, agus d'fhan mise i mo thost, ó nach ar mo lorg féin a bhí siad...agus sa deireadh, tháinig siad ar mo lorg féin, agus ní raibh aon duine fágtha le mé a chosaint.” Rud a ligtear i ndearmad go minic áfach ná gur coimeádach náisiúnaíoch a bhí ann féin ó thús, duine a raibh luiteamas áirithe aige le cúis na Naitsithe. Mar sin, ní idéalachas atá i gceist leis na focail chlúiteacha seo faoi thábhacht na dlúthpháirtíochta ach ciall cheannaithe.

 

Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links