Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Ungáir: ag cailleadh an daonlathais

Last update - Wednesday, May 1, 2013, 12:13 By Panu Höglund

Tá sé i mbéal an phobail le fada an lá go bhfuil an Ungáir ag iompú ina stát neamh-dhaonlathach, nó nuair a d’éirigh leis an bpáirtí úd Fidesz agus a chuid comhghuaillithe dearbhthromlach a bhaint amach i bparlaimint na tíre cúpla bliain ó shin, thosaigh an rialtas nua ag cur athrú cuma ar bhunreacht na hUngáire. Idir an dá linn chuaigh atmaisféar na tíre go mór mór chun donais, nó tá gach cineál ciníochais, an frith-ghiúdachas agus an frith-Ghiofógachas ach go háirithe, ag dul i dtreise in aghaidh an lae, agus na healaíontóirí liobrálacha ag éalú leo is ag tabhairt droim láimhe lena dtír dhúchais.

Tá sé i mbéal an phobail le fada an lá go bhfuil an Ungáir ag iompú ina stát neamh-dhaonlathach, nó nuair a d’éirigh leis an bpáirtí úd Fidesz agus a chuid comhghuaillithe dearbhthromlach a bhaint amach i bparlaimint na tíre cúpla bliain ó shin, thosaigh an rialtas nua ag cur athrú cuma ar bhunreacht na hUngáire. Idir an dá linn chuaigh atmaisféar na tíre go mór mór chun donais, nó tá gach cineál ciníochais, an frith-ghiúdachas agus an frith-Ghiofógachas ach go háirithe, ag dul i dtreise in aghaidh an lae, agus na healaíontóirí liobrálacha ag éalú leo is ag tabhairt droim láimhe lena dtír dhúchais.

Is é an rud is mó a bhaineas mealladh as aon duine ar cuimhin leis fós saoradh oirthear na hEorpa ó bhráca an chumannachais ná ról an pháirtí sin Fidesz sna himeachtaí seo. Seasann an giorrúchán sin Fidesz do na focail Ungáirise a chiallaíos Comhghuaillíocht na nDaonlathach Óg, agus nuair a cuireadh an páirtí ar bun, ní raibh cead ballraíochta ag aon duine a raibh cúig bliana déag is fiche slánaithe aige. Páirtí liobrálach a bhí ann san am agus na polaiteoirí óga a raibh baint acu leis bhí siad an-ghníomhach ag éileamh saoirse toghchánaíochta. An dóigh ar thréig an Ungáir an cumannachas ar mhaithe leis an daonlathas liobrálach ba mhór an inspioráid don domhan mhór é san am, ó seachnaíodh gach cineál barbarthachta agus foréigin, agus na polaiteoirí ag teacht le chéile go sibhialta le todhchaí na tíre a phlé i gcainteanna comhstádais.

D’imigh sin, áfach, agus tháinig seo. D’iompaigh Fidesz ina pháirtí ‘náisiúnaíoch coimeádach’ le fada an lá – sofhriatal é an téarma seo a thagraíos do pháirtithe radacacha na heite deise nach bhfuil ag déanamh lomaithris ar na sean-Naitsithe cé go bhfuil a lán dá gcuid polasaithe ag teacht salach ar choincheap an daonlathais Iartharaigh, ar na cearta daonna agus ar riail an dlí, go fadtéarmach ar a laghad.

Is minic a bhíos baint an ‘phóilín bhoig’ ag na ‘náisiúnaithe coimeádacha’ le ‘póilín crua’ na bhfíor-Nua-Naitsithe brúidiúla: nuair a bhíos an dara dream acu ag bagairt an mhíle murdal ar na mionlaigh eitneacha agus ar na hintleachtóirí, tosaíonn na daoine ag creidiúint gurb iad na náisiúnaithe coimeádacha rogha an dá dhíogha agus go bhfuil sé riachtanach iad a chur ag rialú na tíre mar sciath chosanta ar choinscleo na bhfíor-bhithiúnach. Níos minice, áfach, beidh na náisiúnaithe coimeádacha breá sásta na hathruithe polaitiúla go léir a chur i gcrích a bhí ag teastáil ó na Nua-Naitsithe. Tá a leithéid de ‘phóilín chrua’ san Ungáir freisin – Jobbik atá air. Is léir gur ghluais Fidesz i bhfad ar dheis faoi thionchar Jobbik.

Tá eagraíochtaí cosanta na gceart daonna buartha faoi láthair go bhfuil Fidesz ag iarraidh córas a chur ar bun a bheadh cosúil leis an deachtóireacht Chumannach, ach amháin go mbeadh sé bunaithe ar idé-eolaíocht oifigiúil eile – coimeádachas náisiúnaíoch an pháirtí féin. An bunreacht nua a chuaigh i bhfeidhm faoi choimirce Fidesz sa bhliain 2012 tá sé á lochtú ag freasúra na hUngáire agus ag lucht saineolais ar dhlí bhunreachtúil sna tíortha coimhthíocha araon, nó cuireann sé ar chumas an rialtais a ladar a chur in obair na mbreithiún agus na meán, gan aon trácht a dhéanamh ar athroinnt na ndáilcheantar leis an tromlach a chinntiú do Fidesz amach anseo.

 

Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Höglund, agus breacaireacht Ungáirise aige freisin. Tá sé an-tugtha d’úrscéalta na scríbhneoirí Ungáracha Jenö Rejtö agus Ferenc Molnár.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links