Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An t-aisfhreagra is fearr ar an gciníochas sráide

Last update - Saturday, June 15, 2013, 09:57 By Panu Höglund

An lá ar thosaigh mé ag obair ar an gcolún seo, chuaigh scéal iontach ar fud na meán sóisialta san Fhionlainn – díreach mar a bheadh víreas ann, le culaith Gaeilge a chur ar leagan cainte an Bhéarla

Fear óg darbh ainm Ricky Ghansah a d'inis an scéal agus mar is léir óna ainm ní de phór na Fionlainne é, cé go bhfuil teanga na tíre chomh líofa aige is nach n-aithneofá ar a chaint é. An duine a gcasfar mo dhuine go pearsanta air feicfidh sé ar an toirt gurb as an Afraic dá chuid sinsear. Ach is cuma. Is é an rud is tábhachtaí ná an ceacht a mhúin sé do chiníochaí a thosaigh ag caitheamh anuas air sa tsráid.

Bhí Ricky díreach ag fanacht leis an mbus, nuair a chuir an ciníochaí sonrú ann, agus ar ndóigh thosaigh sé ag tabhairt íde bhéil dó, toisc gur Gormach a bhí ann. D'aithris an fear an liodán is gnách ina leithéid seo de chás: is dóchúla ná a mhalairt go raibh sé ag cur i leith an ógánaigh gur homaighnéasach ón gcoigríoch a bhí ann a chuir faoi san Fhionlainn lenár gcuid ban a ghoid uainn, nó go raibh sé ag tarraingt airgead dífhostaíochta agus ag fágáil Fionlannaigh dífhostaithe chomh dúthrachtach is a bhí sé ag obair. 

Ansin stop an bus agus chuaigh Ricky ar bhord chomh maith le duine. Maidir leis an gciníochaí fuair sé amach nach raibh sciúrtóg airgid ná fiú buschárta aige, agus thosaigh sé ag impí ar an tiománaí síob a thabhairt dó saor in aisce, nó theastaigh uaidh go géar ar fad ceann a scríbe a bhaint amach (ní bheifeá ag súil lena mhalairt). 

Meas tú cad é a rinne Ricky? Tá, thairg sé ticéad an chiníochaí a íoc as a phóca féin! Chuaigh praghas an turais ó lámh go lámh agus ansin shín Ricky an ticéad chuig an bhfear a bhí á mhaslú díreach roimhe sin. Fágadh an ciníochaí ina stangaire ar fad, ach sa deireadh bhí sé in ann a bhuíochas a chur in iúl os íseal. 

Is é an freagra a thug an fear óg dó ná gur chuma leis faoina bhuíochas, ach gurbh é a leithscéal an rud ba mhó a bhí ag teastáil. Ansin ní raibh an dara suí sa bhuaile ag an gciníochaí ach a leithscéal a dhéanamh os ard, i gcomhchlos do na paisinéirí go léir, agus fios fátha an scéil a mhíniú dóibh. Níor lig a náire dó fanacht i bhfad ar bhord, nó ní raibh ach dhá nó trí bhus-stad thart nuair a d'fhág sé slán agus beannacht arís. Maidir leis na paisinéirí eile, áfach, d'éirigh siad ina seasamh ag bualadh bos do Ricky.

 

 

Scríbhneoir Gaeilge ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links