Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh Feliks Dzerzhinsky ag filleadh

Last update - Sunday, December 1, 2013, 15:03 By Panu Höglund

Scéala a bhí ann a bhain scanradh as gach uile dhuine a bhí eolach ar stair na Rúise agus an Aontais Shóivéadaigh: chinn Comhairle Cathrach Mhoscó deilbh Feliks Dzerzhinsky (nó DzierżyÅ„ski, más fearr leat an litriú Polainnise) a chur ina seasamh in athuair i bPlás Lubyanka.

Is ionann ainm Dzerzhinsky i stair an Aontais Shóivéadaigh agus ainm Himmler i stair na Naitsithe, nó ba eisean a bhí i gceannas ar an Cheka, an chéad seirbhís ‘slándála’ a bhíodh ag imeaglú mhuintir na Rúise Sóivéadaí. Agus tá blas searbh ar ainm Lubyanka féin, nó is ansin a bhí ceanncheathrú na seirbhísí slándála.
Cad é is brí le ‘Cheka’? Cosúil lena lán focal nua Rúisise a chuaigh in úsáid i ndiaidh réabhlóid na mBoilséiveach, is giorrúchán é. Dhá litir in aibítir na teanga iad ‘Che’ agus ‘Ka’, agus iad ag seasamh do na focail ‘Chrezvychaynaya Komissiya’ (an Coimisiún Urghnách). Bhí fíorainm an choimisiúin i bhfad ní ba troime: ‘Coimisiún urghnách na huile Rúise le haghaidh na troda in éadan frithréabhlóide agus sabaitéireachta.’ Na gníomhairí a bhí ag obair don Choimisiún, thugtaí ‘Chekisty’ orthu, agus sin é an leasainm atá ar lucht na seirbhísí slándála sa Rúis inniu féin.
Thit sé ar chrann na Chekisty cumhacht na mBoilséiveach a chur i bhfeidhm ar an tír, agus ba iad na dóigheanna a bhí acu ar an tasc ná an céasadh agus na slua-bhásuithe. Lena cheart a thabhairt do na Boilséivigh, ní mór a admháil go raibh cogadh cathartha á chur sa Rúis san am, agus dronga éagsúla armtha ag rith damhsa ar fud na tíre. Sa chiall seo, is féidir a rá gur cuid d’aindlí choitianta na linne ab ea an Cheka agus na huafáis a ceadaíodh don eagraíocht a chur i gcrích. Scéal eile áfach nár tháinig rialtas an dlí in áit an aindlí sin nuair a bhain an tAontas Sóivéadach amach cobhsaíocht pholaitiúil. Na modhanna oibre a chleachtadh an Cheka, mhair siad in úsáid ag na húdaráis a tháinig i gcomharbas ar an Cheka.
Sa bhliain 1922, cuireadh an GPU – Stiúrthóireacht Pholaitiúil an Stáit – in áit an ”Cheka”, agus sa bhliain ina dhiaidh sin, 1923, hathraíodh ainm an údaráis go OGPU, is é sin, Stiúrthóireacht Aontaithe Pholaitiúil an Stáit. Ba é Dzerzhinsky a d’fhan i gceannas an údaráis seo go lá a bháis sa bhliain 1926. Polannach de phór uasal a bhí ann, rud nach samhlófá le ceannaire de chuid an Aontais Shóivéadaigh; le fírinne chuaigh éirleach ar na Polannaigh san Aontas sin, agus ba é an t-údarás a bhunaigh Dzerzhinsky a mharaigh nó a chimigh iad.
Ar bhealach chuaigh dúchas Polannach Dzierzhinsky chun míleasa don díospóireacht inmheánach sa Rúis iar-Shóivéadach faoi bhaint na tíorántachta Sóivéadaí le cultúr na Rúise féin. Is é an ráiteas is minic a chluinfeá ó náisiúnaithe Rúiseacha ná gur rudaí neamh-Rúiseacha amach is amach a bhí sa Chumannachas agus sa Bhoilséiveachas, rud a smuigleáil gníomhairí Iartharacha isteach. Cuid den bholscaireacht seo é béim a chur ar dhúchas na bhfeidhmeannach neamh-Rúiseach i measc na gceannairí Boilséiveacha. Mar sin, seachnaítear ceist na freagrachta Rúisí – an cheist dheacair, an raibh cúiseanna cultúrtha ar leith leis go ndeachaigh antoiscigh radacacha na heite clé i gcumhacht sa Rúis, thar aon stát Eorpach eile, sa ghéarchéim i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda.
Caitheadh an aisling Chumannach faoi chothrom na Féinne i dtraipisí sa Rúis i ndiaidh don Aontas Shóivéadach dul de dhroim an tsaoi. Dealraíonn sé áfach nár tréigeadh taobh duairc an Chumannachais – an deachtóireacht, slua-mharfóireacht na n-easaontóirí polaitiúla, na campaí géibhinn. A mhalairt ar fad. Tá iar-Chekist ina Uachtarán ar an Rúis inniu, agus dá réir sin, táthar ag athshlánú cháil an fhir a bhunaigh an Cheka. Tuar tubaiste é sin, do mhuintir na Rúise agus don domhan go léir.

Scríbhneoir Fionlannach é Panu Höglund a rinne staidéar ar chultúr na Rúise.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links