An fíor-bhundúchasaigh na Fionlainne
Tá an teanga amháin a labhairt san Fhionlainn ina n-aonar nach bhfuil Fionlainnis Sáimis Aanaar, ceann den trí theanga Shámacha a chloisfeá i dtír na Sámach, an Laplainn, i dtuaisceart na Fionlainne.
Tá lúb bheag gaoil ag na teangacha Sámacha leis an bhFionlainnis, ach ní thuigeann an Fionlannach mórán díobh. Agus cé go bhfuil siad gaolmhar go maith le chéile, is teangacha difriúla iad. An difríocht atá idir Sáimis an Tuaiscirt, arb í an ceann is mó de na teangacha Sámacha, agus í á labhairt san Iorua agus sa tSualainn chomh maith leis an bhFionlainn, agus Sáimis Aanaar, tá sí chomh mór leis an difríocht idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge Mhanann, ar a laghad. An tríú teanga Shámach a labhraítear san Fhionlainn, tháinig sí ón Rúis, agus í breac le hiasachtaí ón Rúisis; tá cúpla cainteoir dúchais fágtha sa Rúis go fóill.
Níl Sáimis Aanaar ó dhúchas ach ag trí chéad duine, a bheag nó a mhór, agus an chuid is mó acu tá siad ina gcónaí timpeall Loch Aanaar i dtuaisceart na tíre, i gcóngar do theorainn na hIorua. Ceann d'iontais mhóra na Laplainne é an loch céanna, agus é ar an tríú loch is mó achar san Fhionlainn? tír a bhfuil clú na loch uirthi. Scríobh Zachris Topelius, duine de scríbhneoirí móra na Fionlainne sa naoú haois déag, amhrán a bhfuil gnaoi an phobail air faoin bhfear ón Laplainn ar theastaigh uaidh a fháil amach cé chomh domhain is a bhí an loch, ach theip an obair air, agus chuala sé guth an locha féin ag rá? gurb ionann m'fhad is mo dhoimhneacht?. Ní mar sin atá, áfach, nó tá an chuid is mó den loch sách tanaí dáiríre, agus bráití maithe ann don iascaire.
Tá muintir an cheantair, lucht labhartha na teanga, go mór mór i dtuilleamaí an locha le haghaidh maireachtála. Sinne, na Fionlannaigh, nuair a chloisfeas muid trácht ar an Laplainn agus ar na Sámaigh, is é an chéad rud a rithfeas linn ná na tréada móra réinfhianna agus iad ag déanamh a n-imirce trasna na tíre. Ní tréadaithe réinfhianna iad Sámaigh dhúchasacha Aanaar, áfach, ach iascairí, agus an samhlófá a mhalairt leo, ós chois locha is áitreabh dóibh? Ba é an loch a slí bheatha riamh, agus is é an liús triomaithe siombail neamhoifigiúil Shámaigh Aanaar.
Creidtear gurb iad Sámaigh Aanaar an t-iarsma deireanach de Shámaigh na gCoillte. Ar dtús, ní raibh lucht labhartha na Fionlainnise (nó na gcanúintí as ar fáisceadh an Fhionlainnis) ina gcónaí ach ar na cóstaí, agus ba leis na Sámaigh na coillte i gcroílár na tíre. In imeacht na gcéadta bliain, chúlaigh na Sámaigh aneas, go dtí nár fhan ach dornán acu sa tuaisceart. Ruaig na Fionlannaigh rompu iad, agus níor fágadh díobh ach logainmneacha. I ndeisceart na Fionlainne féin is féidir teacht ar logainmneacha nach féidir a mhíniú ach mar fhocail Sháimise.
Mar sin is iad Sámaigh Aanaar, an beagán acu, fíor-bhundúchasaigh na Fionlainne. Bhí a dteanga ag saothrú an bháis sna blianta i ndiaidh an chogaidh, nó chuir cuid mhór Fionlannaigh fúthu i gceantar Aanaar san am, agus ós dream fial fáiltiúil iad Sámaigh Aanaar, ba leasc leo a dteanga féin a bhrú ar an muintir isteach. Nó bhí an Laplainn go léir scriosta go dona i ndiaidh an chogaidh, agus na Fionlannaigh ag cuidiú le bunadh na háite atógáil a dhéanamh. Theastaigh ó bhunadh na háite a chinntiú go mbeadh seans ag a sliocht dul chun cinn maith a dhéanamh sa tsochaí mhór ina raibh an Fhionlainnis chun tosaigh. Ba dhóbair don teanga dul in éag ar fad, agus tógadh glúin úr na Sámach in Aanaar le Fionlainnis.
Sna hochtóidí, áfach, tháinig tuiscint nua ag muintir Aanaar ar thábhacht na teanga, agus anois, tá athbheochan ag dul ar aghaidh i measc na ndaoine óga. Is é Petter Morottaja, seanchaí agus scríbhneoir óg, atá ar thús cadhnaíochta sa chath seo, agus é tar éis úrscéal fantaisíochta a fhoilsiú atá bunaithe ar mhóitífeanna na miotaseolaíochta Sámaí.
Scríbhneoir agus teangeolaí ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund.