Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh

Last update - Friday, April 12, 2013, 10:39 By Panu Höglund

Ceann de na scéalta nuachta ba mhó a tháinig aniar aduaidh orainn le déanaí is ea an tráchtas teangeolaíochta a d’fhoilsigh an scoláire óg Jani Koskinen – nó ‘Koskiin’, mar a litríos sé a shloinne ar chlúdach an tsaothair – i gcanúint Oirthear na Fionlainne.

Tá sé ina ábhar buartha ag a lán sa tír go bhfuil an Béarla ag fáil an lámh in uachtair ar an bhFionlainnis i gcúrsaí eolaíochta, nó is é an dearcadh a bhíos ag a lán de lucht na heacnamaíochta agus na hinnealtóireachta gurb é an Béarla teanga cheart na heolaíochta agus na hidirnáisiúntachta. Mar sin tá Koskinen ag snámh in aghaidh na heasa ar fad agus é ag dul chun cearmansaíochta ar fhorlámhas an Bhéarla agus na Fionlainnise Caighdeánaí san am chéanna leis an mbeart réabhlóideach a rinne sé.

Ba é ab ábhar do thráchtas Koskinen ná tionchar na Sáimise, seanteanga na Laplainne i dTuaisceart na Fionlainne, ar an tSean-Lochlainnis. Tá gaol ag an tSáimis leis an bhFionlainnis ach is beag an lúb ghaoil atá ann: ní féidir leis an bhFionlannach bun ná barr a dhéanamh den tSáimis amach ó na focail nua iasachta ón bhFionlainnis, agus le fírinne ní haon teanga amháin í an tSáimis féin ó thaobh na hintuigtheachta de.

Sáimis Thuaidh a thugtar ar an teanga a labhraíos triúr as gach ceathrar de na Sámaigh, ach san Fhionlainn féin tá dhá chaighdeán scríofa eile in úsáid ag na Sámaigh sa bhreis ar an tSáimis Thuaidh. Ceann acu siúd is ea an tSáimis ‘Scoltach’, teanga na Sámach a raibh teagmháil díreach acu leis na Rúisigh fadó, ionas go bhfuair siad a gcreideamh agus a lán focal ón Rúis, agus thairis sin tá Sáimis Inari ann, teanga na ‘Sámach Foraoiseach’ nach raibh ina bhfánaithe ná ina dtréadaithe réinfhianna riamh. An chuid is mó de na Sámaigh Fhoraoiseacha chuaigh siad leis an bhFionlainnis fadó, agus inniu, is Fionlannaigh go smior iad sliocht a sleachta. Tá an tseanteanga ag trí chéad duine i gcónaí timpeall ar Loch Inari i dtuaisceart na Fionlainne.

Tá a cuid canúintí ag an bhFionlainnis cosúil le gach teanga, agus is í an difríocht idir an tIarthar agus an tOirthear an scoilt is tábhachtaí i gcanúineolaíocht na Fionlainnise. Ar dtús, ba í Fionlainnis an Iarthair ba bhun leis an teanga scríofa, ach sa naoú haois déag chuir na hintleachtóirí suim sa náisiúnachas rómánsúil, agus dá réir sin thuig siad tábhacht an bhéaloidis don litríocht. Dá thoradh sin chuaigh Elias Lönnrot go dti an tOirthear ar lorg dánta agus scéalta, agus ansin chuir sé i dtoll le chéile Kalevala, eipic mhiotaseolaíoch na Fionlainne. Thairis sin, d’fhoilsigh sé Kanteletar, ar bailiúchán de dhánta liriciúla ó bhéal an phobail é. Chuaigh teanga Oirthearach na saothar seo go domhain i bhfeidhm ar an gcineál Fionlainnise a scríobhtaí is a léití, agus mar sin, is comhleá cothrom as canúintí an Iarthair agus an Oirthir í an Fhionlainnis a scríobhtar inniu.

Deir Koskinen go bhfuil na canúintí curtha i leataobh i saol na Fionlainne inniu. Bítear sásta leabhair a chur i gcló i gcanúintí, ach ansin féin is leabhair ghrinn a bhformhór. Theastaigh uaidhsean a thaispeáint go bhfuil sé indéanta teangacha mionlaigh nó canúintí réigiúnacha a úsáid san eolaíocht agus i gcoimhthéacsanna dáiríre eile.

Is é an ceacht atá le foghlaim uaidh nach bhfuil fabhta inmheánach sna teangacha sin féin a choiscfeadh ort iad a úsáid i dtráchtais léannta. Má tá an teanga agat is féidir leat gach sórt rudaí a chur in iúl inti, agus sin a bhfuil de.

 

Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links