Gluaiseachtaí teanga taobh amuigh den Eoraip
Iad siúd in Éirinn nach síleann mórán den Ghaeilge is minic a chluinfeá ag áitiú iad nach féidir leis an lucht inimirce bun ná barr a dhéanamh de ghluaiseacht athbheochana na teanga. Creideann siad, is dealraitheach, go mbíonn muintir na dtíortha sa fhorbairt domhan chomh beo bocht, chomh síorstiúgtha leis an ocras is nach mbíonn ar a n-aire ach conas bia a fháil le maireachtáil go dtí an chéad lá eile, agus go bhfuil meon praiticiúil acu ar chúrsaí na teanga. Le fírinne, áfach, tá teacht ar ghluaiseachtaí teanga ar fud an domhain, sna tíortha bochta freisin.
Maidir leis an Afraic, ní féidir linn dearmad a dhéanamh d’ainm Suleiman Kante. Rugadh sa Ghuine é, agus ba í an teanga Manding a bhí ó dhúchas aige. Ceann de na canúintí Maindéacha í a labhraítear go forleathan in iarthar na hAfraice, agus iad chomh cosúil le chéile is gur féidir le lucht a labhartha aon teanga liteartha amháin a úsáid.
Nuair a bhí Kante ag fás aníos, áfach, ní raibh meas an mhadra ag na daoine léannta ar na teangacha seo i réigiún a labhartha féin, agus iad siúd a raibh teanga Mhaindéach ó dhúchas acu ba tábhachtaí leo teangacha móra an Iarthair a fhoghlaim, nó fiú Araibis an Chórain. Muslamach a bhí in Kante féin, agus é eolach ar an gCóran sa bhunteanga (le fírinne bhí ‘madrasa’, nó scoil léitheoireachta Córain, aige féin).
Bhí Kante brónach buartha faoi thodhchaí na dteangacha Maindéacha, agus sa deireadh thiar d’oibrigh sé amach a aibítir agus a chaighdeán féin do na teangacha seo – N’Ko a thugtar ar an gcóras seo, focal a chiallaíos ‘deir mé’ sna teangacha seo. Inniu, is gluaiseacht bhíogúil chultúrtha san Afraic thiar iad lucht saothraithe N’Ko, agus maidir le Suleiman Kante féin, is fiú é a mholadh go hard mar dhuine de laochra móra na hAfraice. An obair a chuir sé i gcrích bheadh teangeolaithe oilte féin ag braiteoireacht roimh a leithéid a ghlacadh orthu.
Bíonn cúrsaí teanga cinniúnach taobh amuigh den Eoraip freisin. Bhí an-ról acu i dtroid na Banglaidéise (roimhe Phacastáin Thoir) ar son a neamhspleáchais. Barrúil go leor is tír í an Phacastáin nach bhfuil ach céatadán beag dá daonra ag labhairt a teanga oifigiúil ó dhúchas. Is í an Urdais í, ach tá a lán teangacha eile le cloisteáil cois na dtinteán Pacastánach. Teangacha Ind-Eorpacha a bhformhór: an Phuinseáibis mar shampla, an Phaistis, nó an Bhalúicis. Is dócha go raibh a lán daoine breá sásta leis an Urdais mar fhrancbhéarla – teanga comhchumarsáide – do na treibheanna go léir sa Phacastáin Thiar. Mar sin, má bhí trioblóidí teanga ansin ní raibh siad chomh dona is go stróicfidís an tír as a chéile. Bhí cuma eile ar an scéal sa Phacastáin Thoir, nó is í an Bheangáilis gnáthurlabhra an phobail ansin.
Bhí muintir an Oirthir míshásta leis nach raibh stádas oifigiúil, agus tháinig gluaiseacht teanga ar an bhfód i dtús na gcaogaidí le tuilleadh aitheantais a bhaint amach don Bheangáilis. Teanga sheanbhunaithe chultúrtha í an Bheangáilis agus í ar theangacha móra an domhain ó thaobh líon na gcainteoirí de, agus mar sin ní díol iontais é go raibh mic léinn na Pacastáine Thoir, ach go háirithe, fonnmhar chun cath a chur ar son na teanga.
Ar an 21 Feabhra 1952, rinne na mic léinn agóid mhór phoiblí ag éileamh a cirt don Bheangáilis, agus fuair a lán acu bás nuair a chuir na póilíní an léirsiú faoi chois le lámh láidir. Inniu bítear ag ceiliúradh teangacha an domhain ar an 21 Feabhra, Lá na Teanga Dúchais, i ndilchuimhne orthu siúd a maraíodh ar an lá sin.
Tá fáil ar ghluaiseachtaí teanga in áiteanna eile sa chearn sin den domhan, ar ndóigh. Tugtar ‘Crioslach na Hiondúise’ ar Lár-Thuaisceart na hIndia toisc go bhfuil Hiondúis nó leaganacha gaolmhara teanga á labhairt go forleathan ansin. Áfach, má bhogaimid soir trasna an tuaiscirt, beidh an teanga ag dul chun cosúlachta leis an mBeangáilis de réir a chéile, agus a lán teangacha ansin atá idir eatarthu. I stát Bhiohár, mar shampla, is iad na teangacha úd Maithili, Bhojpuri, agus Magahi, is mó a labhraítear, agus iad go léir cosúil go maith le chéile, ionas gur minic a thugtar Bioháiris orthu in éineacht.
Tá a dtraidisiún liteartha féin ag na teangacha seo, ag an teanga Maithili ach go háirithe. Ach nuair a bhain an India amach a neamhspleáchas, níor tugadh stádas oifigiúil do na teangacha áitiúla i stát Bhiohár féin, ach don Hiondúis, nó ba é tuiscint na n-údarás nach raibh i gceist leis an mBioháiris ach canúint de chuid na Hiondúise. Ní raibh lucht labhartha na teanga Maithili sásta leis seo, agus mar sin tháinig gluaiseacht teanga ar an bhfód le stádas oifigiúil a bhaint amach dá dteanga dhúchais sa stát. Inniu, glactar leis gur teanga oifigiúil i stát Bhiohár í, ach is í an Hiondúis is mó a chleachtar in obair an rialtais réigiúnda i gcónaí. D’fhéadfá a rá go bhfuil an stádas céanna ag an teanga Maithili i mBiohár agus atá ag an nGaeilge in Éirinn, is é sin stádas na teanga ‘sinseartha’, cé go bhfuil sé ó dhúchas ag tríocha milliún duine.
Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair.