An t-ionsaí ar an leabharlann
Cúpla mí ó shin tháinig leabhar nua i gcló san Fhionlainn – leabhar nua faisnéise faoi ghrúpaí radacacha na heite deise sa tír. Polaiteoirí gníomhacha de chuid Chomhaontas na hEite Clé (Vasemmistoliitto) iad beirt den triúr údar, rud a chiallaíos go bhfuil a lán daoine ann agus iad ag cur amhrais sa leabhar mar fhoinse eolais ar chúiseanna polaitiúla. Mar sin féin fuair an saothar ardmholadh ó shaineolaithe neamh-Shóisial-acha féin. Cé nár aontaigh siad le gach tátal a bhain na húdair as a gcuid sonraí, bhí na léirmheastóirí breá sásta leis an eolas agus leis na fíricí sa leabhar.
Maidir le radacaigh na heite deise féin chuaigh siadsan ar an daoraí ar fad, ó bhí a gcuid cogar mogar curtha os comhair an tsaoil mhóir anois. Ar dtús ní raibh siad in ann aon aisfhreagra ceart a thabhairt ar an leabhar – focail ghránna agus mionna móra ba mhó a bhí ag teacht uathu. Tá an chuma ar an scéal gur athraigh na cúrsaí ó bhonn anois. Nuair a bhí an leabhar á chardáil ag cruinniú i leabharlann an bhardais i Jyväskylä, cathair ollscoile i lár na Fionlainne, d’ionsaigh triúr nó ceathrar d’fhir óga an áit agus iad ag beartú sciana móra.
Bhí na póilíní an-mhall ag teacht cé gur cuireadh fios orthu ar an toirt. Na maoir a bhí ag cosaint lucht an chruinnithe, sádh duine acu go dona, ach nuair a tháinig chun solais go raibh smachtín teileascópach ar iompar ag maor amháin – arm nach raibh ceadúnas dlí aige dó – is é an casadh a chuir na póilíní agus na meáin chumarsáide ar an scéal gur dhá dhream difriúla antoisceacha a bhí ann agus iad ag cur troda ar a chéile.
Mar sin is léir gur éirigh le radacaigh na heite clé beart bolscaireachta a imirt ar an náisiún ar fad. Níor aithin gnáthléitheoir na nuachtán ruathar na leabharlainne mar bhagairt ar a shlándáil féin, ach mar rud nach mbaineann dó ar aon nós.
Is léir nár fhoghlaim na póilíní ná na meáin go fóill chomh dainséarach atá gluaiseachtaí antoisceacha na heite deise inniu, cé go bhfuil bliain go leith imithe cheana ón lá a rinne Anders Behring Breivik a gníomh coiriúil féin san Iorua. Ach ar ndóigh, leis na scórtha bliain anuas ní raibh i radacaigh den chineál seo san Fhionlainn ach ábhar gáire. Fiche bliain ó shin rinne fear óg acu iarracht eitleán a fhuadach, ach ó nach raibh arm tine ar bith ar iompar leis, bhí sé i muinín “fhéachaint hiopnóiseach-mhaighnéadach” a shúl cinn le captaen an eitleáin a chur faoi smacht. Níor éirigh leis, ar ndóigh, ach muintir na Fionlainne a chur sna trithí gáire, agus inniu féin, is é an seanscéilín magaidh sa tír gurb í an starógacht “hiopnóiseach-mhaighnéadach” an t-aon ghléas cogaidh a bhíos ag an eite dheas antoisceach. D’imigh sin, faraor, agus tháinig seo.
Tá an chosúlacht ar an scéal gurb iad Gluaiseacht Frithbheartaíochta na Fion-lainne (Suomen Vastarinta-liike) a rinne an ruathar. Dream iad a bhfuil teist áirithe sceimhlitheoireachta orthu cheana féin. Ba é seo an chéad uair a sháigh siad aon duine le scian; cúpla bliain ó shin, áfach, steall duine acu deoirghás ar pharáid hómaighnéasach i Heilsincí, príomhchathair na Fionlainne. Tá sé sábháilte a rá gur gluaiseacht nua-Naitsíoch atá i gceist, agus is ar éigean a shéanas siad é ar a gcuid leathanach Idirlín. Murab ionann agus an chuid is mó de ghluaiseachtaí antoisceacha na heite deise san Fhionlainn inniu, is frith-Ghiúdaigh iad lucht na ‘Frithbheartaíochta’ freisin, rud a thaispeánas go bhfuil siad go mór mór faoi thionchar a gcuid comhghuaillithe sna tíortha coimhthíocha, nó níl mórán traidisiúin ag an bhfrith-Ghiúdachas san Fhionlainn.
An caidreamh a bhíos ag an nGluaiseacht Frithbhear-taíochta le dreamanna eile na heite deise antoiscí, ní bhíonn sé cairdiúil i gcónaí. Maidir le páirtí na bhFíor-Fhionlannach (Perussuomalaiset), páirtí radacach náisiúnaíoch a bhfuil suíochán acu i bparlaimint na Fionlainne, is é an dearcadh ‘oifigiúil’ atá ag an bhFrithbheartaíocht orthu siúd ná gur tréatúirí agus fealltóirí iad siúd. Ón taobh eile de, áfach, tá cuid de na Fíor-Fhionlannaigh sásta spallaíocht a dhéanamh leis an bhFrithbheartaíocht. Cé go mbíonn an cathaoirleach, Timo Soini, ag áitiú ó am go ham nach gceadaíonn sé ciníochas ná fuathidé-eolaíochtaí eile sa pháirtí, is deacair creidiúint a thabhairt dó, nó go praiticiúil níl sa pháirtí sin aige a thuilleadh ach zú d’arrachtaigh na polaitíochta, agus cead caidrimh ag na harrachtaigh seo leis na sceimhlitheoirí nach dtugann aitheantas ar bith do rialtas an dlí.
Gaeilgeoir ón bhFionlainn é Panu Höglund agus é ag cur Gaeilge ar chúpla saothar Béarla faoi lathair.