Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh

Last update - Wednesday, August 15, 2012, 12:00 By Panu Höglund

Tír-raon na dteangacha san Afraic

Lá de na laethanta seo chuir duine óg macánta an cheist orm, cén cineál teanga a bhí i gceist leis an “Afraicis”. Ar dtús shíl mé gurbh í an Afracáinis a bhí mo dhuine a mhaíomh, is é sin, an leagan simplithe den Ollainnis atá ó dhúchas ag cuid mhór de na daoine geala agus na ‘daiteacháin’ san Afraic Theas. De réir a chéile, áfach, tháinig sé chun solais go raibh an duine bocht suite siúráilte go raibh aon teanga amháin ann agus í á labhairt ar fud na hAfraice, mar theanga dhúchais. Mar is eol dúinn, ní fhéadfadh an créatúr seo bheith níos mó as cosán.
Is dócha gurb í an Afraic an mhór-roinn is líonmhaire teangacha. Cé go bhfuil sé deacair a rá céard is teanga ann agus céard is canúint ann. Bíonn slabhraí fada canúintí ann ina bhfuil caint na ndaoine ag athrú go mall ó bhaile go baile, ach nuair a thiocfas tú go bun an tslabhra, gheobhaidh tú amach nach féidir leat an chanúint áitiúil a thuiscint a thuilleadh, cé gur shíl tú ar dtús go raibh an teanga sin agat. Ar ndóigh, bíonn slabhraí canúintí den chineál seo coitianta go maith taobh amuigh den Afraic freisin. Is iomaí cainteoir Gaeilge ó Chiarraí a d’áiteodh ort nach dtig leis bun ná barr a dhéanamh de chaint mhuintir Mhachaire Rabhartaigh.
Is iad na teangacha Afráiseacha is mó a labhraítear i dTuaisceart na hAfraice. Is í an Araibis an ceann is tábhachtaí acu, ar ndóigh, ach is iomaí cineál canúint di a d’fhorbair faoi bhrú na dteangacha áitiúla eile, go háirithe na Beirbrise. Sa chuid den domhan Arabach ar a dtugtar Maghreb, is é sin iarthuaisceart na hAfraice, bíonn na canúintí áitiúla Araibise breac le hiasachtaí ón bhFraincis.
Teangacha Afráiseacha iad an tSómáilis agus an Amairis freisin. Is í an Amairis an teanga is tábhachtaí san Aetóip. Seanteanga chultúrtha í a bhfuil gaol réasúnta dlúth aici leis an Araibis, cé gur teanga ar leith í. Tá a haibítir féin aici freisin. Maidir leis an tSómáilis, is teanga Afráiseach í freisin cé go mbaineann sí le brainse eile den fhine teangacha seo seachas an Araibis agus an Amairis. Tá teangacha gaolmhara le cloisteáil san Aetóip, go háirithe an teanga Oromoo nó Oromiffa. Is féidir go bhfuil níos mó den Oromoo ná den Amairis á labhairt mar theanga dhúchais san Aetóip, cé gurb í an Amairis an teanga sheanbhunaithe chultúrtha.
Is í an Bheirbris, nó leaganacha éagsúla di, an teanga ba réidhe a chloisfeá ag muintir an tSahára. Arís, is deacair a rá cé acu grúpa canúintí nó grúpa teangacha gaolmhara atá i gceist leis an mBeirbris.
I ndeisceart agus in oirthear na hAfraice, is iad na teangacha Bantúcha an grúpa is mó. Is iad na haicmí gramadúla a thabhaigh a gclú do na teangacha seo: mar shampla, is í an réimír m- a sheasanns d’aicme na ndaoine sa Svaihílis, agus mar sin, is é is brí leis an bhfocal “mzee” ná “seanfhear”, ach is í an réimír u- a chuirtear roimh an tamhan le hairí theibí a impleachtú, agus mar sin, ciallaíonn an focal “uzee” – “seanaois”. Bíonn a lán réimíreanna éagsúla “aicmiúcháin” den chineál seo coitianta sna teangacha Bantúcha.
Na cinn is faide theas de na teangacha Bantúcha, na cinn a labhraítear san Afraic Theas, baineann siad úsáid as na smeach-chonsain. Ba í Miriam Makeba ba mhó a chuir na smeach-chonsain seo in aithne do mhuintir na hEorpa leis an amhrán ar ar thug sí “Click Song” – seanamhrán tíre óna bólaí dúchais a bhí ann. Le fírinne fuair an Chóisis – teanga dhúchais Makeba – na consain seo ar iasacht ó na teangacha Khoisan, arb iad teangacha fíordhúchasacha Dheisceart na hAfraice iad.
Maidir leis na teangacha is tábhachtaí in Iarthar na hAfraice, ar nós Yoruba, Igbo, Wolof, agus na teangacha Mande, creidtear go bhfuil lúb éigin ghaoil acu leis na teangacha Bantúcha agus gur baill iad den fhine mhór teangacha ar a dtugtar na teangacha Niger-Congo.
Rinne Solomana Kante, an teangeolaí is mó le rá dár rugadh san Afraic riamh, iarracht le caighdeán scríofa agus aibítir dhúchasach, N’Ko, a fhorbairt do na teangacha (nó na canúintí) Mande go léir, ach mar is minic a tharla san Afraic, fágadh an iarracht bhundúchasach seo i leataobh faoi bhrú na dteangacha Eorpacha go léir. Duine féinteagasctha a bhí in Kante a chuaigh i ngleic le tasc a chuirfeadh amhras agus eagla ar a lán teangeolaithe oilte. Ar an drochuair, níor chuala ach an corrdhuine taobh amuigh den tSeineagáil, den Ghaimbia agus den Ghuine iomrá ar éacht an fhir éirimiúil seo.
seo le Breivik.

Aistritheoir agus teangeolaí é Panu Petteri Höglund a d’fhoghlaim Gearmáinis, Polainnis agus Rúisis in Ollscoil Åbo Akademi san Fhionlainn.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links