Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh

Last update - Sunday, July 1, 2012, 14:29 By Panu Höglund

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh


Fiche bliain ó shin chroith an chéad mhórthonn chiníochais saol polaitíochta na Fionlainne. San am sin, ba é an t-iarphóilín Sulo Aittoniemi a bhí i gceannas ar na bolscairí ciníochais, agus é ina bhall de Pháirtí Tuaithe na Fionlainne, nó SMP, réamhtheachtaire Pháirtí Fíor-Fhionlannach an lae inniu.
Fear garbh gairgeach a bhí in Aittoniemi a raibh greann ropánta aige, agus é in ann racht gáire a bhaint as a lucht éisteachta lá ar bith. Iad siúd a bhí ag cur in aghaidh an chiníochais san am sin, bhí siad in umar an éadóchais ar fad ag Aittoniemi chomh sciliúil is a bhí sé ag giúmaráil na meán cumarsáide agus na cosmhuintire araon.
Sa deireadh, áfach, chuaigh an sracadh as Aittoniemi beagnach thar aon oíche amháin. Nuair a thosaigh sé ag áitiú ar na daoine bheith chomh doicheallach roimh na heachtrannaigh is go rachadh míchlú na Fionlainne ar fud an domhain, thréig an greann agus tháinig an náire ina leaba. Nuair a tháinig an crú ar an tairne níor theastaigh ó na Fionlannaigh a leithéid de mhíchlú a bheith orthu. Chaill Aittoniemi a chuid tacaíochta agus fágadh ina fho-nóta in annála na staire é.
Mar is dual do na polaiteoirí féin sula rachaidh siad le polaitíocht, bhí sé de theist ar Aittoniemi gur fear ionraic dobhreabtha a bhí ann, ar dtús. Chuala muintir na Fionlainne an chéad iomrá air nuair a bhí sé ina phóilín ag fiosrú scannal breabaireachta “Noppa” - scannal a raibh baint aige leis an ngnólacht forbartha tithíochta úd “Noppa” i gcathair Tampere, an chathair is mó in Iarthar na Fionlainne.
Fuair Aittoniemi an sac sula raibh an fiosrú críochnaithe, agus is é an chiall a bhain a lán de na daoine as an scéal seo go raibh sé tar éis an iomarca a fháil amach, ionas gur theastaigh ón scothaicme an faobhar a bhaint de. Bhí an-mhuinín ag na daoine as nuair a chuaigh sé le polaitíocht, ach ní raibh sé i bhfad ag cur amú an chaipitil pholaitiúil seo. An fear arbh ionann é agus ionchollú na cneastachta, ní raibh ann sa deireadh ach fear béalscaoilte gan béasaíocht.
Dealraíonn go bhfuil deireadh ag teacht le ré na dtuathghríosóirí nua ciníochais i bpolaitíocht na Fionlainne freisin, díreach mar a tharla d’Aittoniemi lena linn. Na bolscairí atá ag rith damhsa i saol polaitiúil na tíre le cúig bliana anuas, tá siad ag cailleadh a ngreama.
An blagadóir Jussi Halla-aho, a bhí ar duine de na polaiteoirí ba mhó a fuair vótaí in olltoghcháin na bliana 2011, tá lucht a leanúna féin ag éirí mífhoighneach leis inniu. Sna sálaí ag an anord eacnamaíoch san Aontas Eorpach, tháinig an tEorasceipteachas i leaba an chiníochais i bpáirtí na bhFíor-Fhionlannach féin. Bliain ó shin, bhí Halla-aho ina ‘mháistir’ ag a chuid cúlaistíní agus iad ag tabhairt íde bhéil d’aon duine a mbeadh de cheann dána ann locht ar bith a fháil ar Halla-aho. Anois, áfach, tá siad ag cáineadh an ‘mháistir’ nach bhfuil dearcadh sách Eorasceipteach aige.

Aistritheoir agus teangeolaí é Panu Petteri Höglund a d’fhoghlaim Gearmáinis, Polainnis agus Rúisis in Ollscoil Åbo Akademi san Fhionlainn.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links