Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh

Last update - Sunday, July 15, 2012, 13:33 By Panu Höglund

An druncaireacht ag marú mhuintir na Fionlainne

Ní raibh muintir na Fionlainne saor ó pheaca na druncaireachta riamh ach tá cuma scanrúil ar fad ar an nuacht is déanaí a chuala muid i leith na gcúrsaí seo. Nó tá an oiread níos mó de mhná ag fáil bháis roimh ré de dheasca na ngalar alcólbhainteach ná mar a bhí scór bliain ó shin. San am chéanna, níl na mná in aon chóngar do staitisticí na bhfear go fóill.
Tríd is tríd, tá fadhb an alcólachais ag dul chun cearmansaíochta ar fad ar an bhFionlainn, ionas go bhfuil córas eacnamaíochta na tíre féin i mbaol ag an dochar a dhéanas an druncaireacht don olltáirgeacht náisiúnta.
Foireann taighdeoirí ó Ollscoil Oirthear na Fionlainne a tháinig ar an gconclúid seo, agus iad barúlach gur leis an Rúis is cosúla atá an Fhionlainn inniu ó thaobh na druncaireachta de. Ní féidir linn dul in aon chomparáid leis an tSualainn a thuilleadh, cé go bhfuil cultúr céanna na biotáille boirbe i réim sa tír eile sin. Tá eipidéim na ngalar biotáille níos measa, i gceantair áirithe i gcathracha móra san Fhionlainn, ná i gCathair Pheadair féin, an mhórchathair is cóngaraí sa Rúis.
Cathain a chuaigh an druncaireacht a fhad seo chun donais? Nuair a bhí mé féin i mo dhéagóir, bhí na Fionlannaigh ag ól ceart go leor, ach san am chéanna bhí a fhios ag cách nach raibh muid leath chomh craosach ar an mbiotáille agus muintir na dtíortha i nDeisceart na hEorpa. B’fhíor go raibh fadhbanna ann le linn na bhféilte poiblí, agus na meisceoirí ag rith damhsa sna sráideanna nó ag beochan bruíne sa bhaile, ach ní raibh mórán ólacháin ann le linn na laethanta oibre.
I dtús na nóchaidí, áfach, d’éirigh sé coitianta sna meáin chumarsáide a bheith ag áitiú nach raibh maith ar bith i nósanna biotáille na Fionlainne agus gur chóir dúinn aithris a dhéanamh ar an dóigh a n-ólann na hIodálaigh agus na Francaigh a gcuid fíona. Ba é ba toradh dó seo gur choinnigh na Fionlannaigh a gcuid sean-drochnósanna – an babhta ólacháin le teacht an deireadh seachtaine – agus gur ghlac siad san am chéanna stíl na Meánmhara, an tsíorshúimíneacht laethúil, sa bhreis orthu.
An féidir a dhath a dhéanamh le maolú ar an bhfadhb seo? Ar an drochuair, dealraíonn sé nach féidir. Tá íomhá an alcóil i bhfad rómhaith san Fhionlainn. Bítear ag trácht ar na “glúinte fliucha” (fliuch le biotáille) i ndiaidh cheannairc óige na seascaidí. Chuir an cheannairc sin an-bhéim, san Fhionlainn, ar chomh tábhachtach a bhí sé go mbeadh na daoine óga i dteideal biotáille a ól agus tobac a chaitheamh mar a theastaigh uathu. Ní raibh aon duine ag tabhairt aird ar cheart na ndaoine óga blianta a bhforbartha a chaitheamh gan a sláinte a chur ó mhaith i dtús a saoil leis na nimheanna seo. Shamhlaigh na daoine an ólstaonaireacht le coimeádachas reiligiúnach na laethanta a bhí, agus meallacacht chollaí ag baint leis an alcól.
Tá a lán inbharúla, fiú, gur cineál onóir é neamhshuim a dhéanamh de na srianta sin i ndiúnas ar an dlí.

Aistritheoir agus teangeolaí é Panu Petteri Höglund a d’fhoghlaim Gearmáinis, Polainnis agus Rúisis in Ollscoil Åbo Akademi san Fhionlainn.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links