Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An Outside View/Léargas Taobh Amuigh

Last update - Sunday, January 15, 2012, 02:13 By Metro Éireann

Iriseoir agus staraí Gearmánach é Guido Knopp, a d’fhoilsigh sraith fhada leabhar faoi ghnéithe conspóideacha de stair a thíre don ghnáthléitheoir. Is é an leabhar is deireanaí a tháinig óna pheann ná Das Weltreich der Deutschen, is é sin, Reich Domhanda na nGearmánach. Caitheann an saothar seo súil ar an gcoilíneachas Gearmánach, nach cuimhin lena lán inniu. Chaill an Ghearmáin a cuid coilíneachtaí i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Mar sin, nuair a thosaigh tréimhse na gcogaí saoirse sa Tríú Domhan, ní raibh coilíneachtaí Gearmánacha ann a thuilleadh. Agus le firinne, ní raibh mórán acu riamh.

Níor tháinig an Ghearmáin, mar aon ríocht amháin, ar an bhfód ach sa dara leath den naoú haois déag. Ar feadh na gcéadta bliain, ní raibh ann ach cíor thuathail de mhionphrionsachtaí, agus iad suite go tiubh in aice le chéile: má rug an ghaoth greim ar do hata i gceann acu, chaithfeá dul thar theorainn cheithre stát eile sula gceapfá arís é, agus ansin níor mhór duit dola a íoc le lucht custaim na stát sin go léir le do hata a thabhairt leat abhaile. Bhí cineál scáthstát ann, mar atá, Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh, ach i ndiaidh na Meánaoise, chaill an scáthstát seo a chumhacht de réir a chéile, agus ní raibh sé in ann fórsaí sluaíochta a ghléasadh le coilíneachtaí a chur ar bun thar lear.
Nuair a bhí an Ghearmáin aontaithe, bhí an chuid ba mhó den domhan roinnte idir na cumhachtaí coilíneacha eile cheana féin. Níor shealbhaigh an Ghearmáin a cuid coilíneachtaí ar chúiseanna eacnamúla, ach ar chúiseanna náisiúnachais: theastaigh ó na Gearmánaigh a thaispeáint go raibh siad in ann páirt a ghlacadh i gcluiche na mórchumhachtaí chomh maith le duine.
Ba é iardheisceart na hAfraice ba mhó a tharraing súil na nGearmánach - an chearn den ilchríocht ar a dtugaimid an Namaib inniu. Ba é Adolf Lüderitz, mórthrádálaí tobac, a chuir tús le coilíniú Gearmánach na mbólaí seo sa bhliain 1883, nuair a chuir sé a ghníomhaire Heinrich Vogelsang go dtí an Afraic le tailte a cheannach ó na bundúchasaigh.
San am sin, bhí polasaí eachtrach na Gearmáine á stiúradh ag an bPrionsa Otto von Bismarck. Fear cúramach coimeádach a bhí ann nach raibh suim ná suiméad aige in eachtraí coilíneacha, agus é buartha faoi thrioblóidí leis na cumhachtaí Eorpacha eile san Afraic. Ní raibh sé róbharúlach go mbeadh mórán airgid sna coilíneachtaí, ach an oiread. Mar sin, ní raibh polasaí coilíneachais dá chuid féin aige, ach sa deireadh thiar ní raibh sé in ann cur in aghaidh na ndíograiseoirí príobháideacha coilíneachais, cosúil le Lüderitz. Thoiligh sé Iardheisceart na hAfraice a chur faoi choimirce na Gearmáine mar Deutsch-Südwestafrika - An Afraic Thiar Theas Ghearmánach.
Bhí dhá chineál daoine ina gcónaí sa tír roimh theacht na nGearmánach: iad siúd a labhraíodh teangacha den fhine Khoisan, teangacha a bhfuil smeach-chonsain iontu; agus iad siúd a labhraíodh teangacha Bantúcha - teangacha a bhfuil gaol acu leis an Svahaílis, francbhéarla mór na hAfraice Thoir. Ba iad lucht labhartha na dteangacha Khoisan na fíor-bhundúchasaigh, nó níor shocraigh na Bantúigh síos i nDeisceart na hAfraice ach ón gceathrú haois déag ar aghaidh. Is follasach go ndearna na Gearmánaigh a ndóthain leis na dreamanna eitneacha éagsúla a shaighdeadh faoi chéile, ionas nach bhféadfaidís cur le chéile in aghaidh na gcoilíneach.
Ceann de na dreamanna Bantúcha ab ea na Herero. Feirmeoirí agus lucht beostoic ab ea iad, agus caidreamh réasúnta cairdiúil acu leis na Gearmánaigh ar dtús. I rith na mblianta, áfach, chuaigh an caidreamh sin ó mhaith, nó bhí a seanslí bheatha ag meath ar na Herero, agus éag mór ag siúl ar a gcuid bó. Mar sin, ní raibh de rogha ag a lán acu ach dul ar lorg oibre i bhfeirmeacha na bplandóirí Gearmánacha. Ní raibh siad sásta leis an bpá ná leis an drochíde a d’fhaigheadh siad ó na plandóirí, agus sa deireadh thiar thall, i dtús na bliana 1904, chuaigh siad chun ceannairce ar na Gearmánaigh.
I dtús an chogaidh, mharaigh na Herero a lán feirmeoirí. D’inis na nuachtáin Ghearmánacha scéalta gáifeacha uafáis faoin ródach a chuaigh ar na sibhialtaigh Ghearmánacha. Is deacair a rá an raibh mórán craicinn ar na scéalta. Ní raibh plean ceart cogaidh ag na Herero, agus ní raibh siad in ann mórán eile a dhéanamh ach feirmeoirí a imeaglú is a mharú. Ón taobh eile de, deir Knopp go raibh cuid de na scéalta ba mhó uafáis bréagach go hiomlán.
Má rinne na Herero iarracht plandóirí geala a scanrú, níor tharraing siad ach na seantithe anuas orthu ar an mbealach sin. Bhí siad in ann cur ar a son féin, ó bhí siad eolach ar an tír-raon, agus mná céile na gcuradh á saighdeadh is á spreagadh chun troda sa champa cogaidh. Bhí aithne mhaith ag gobharnóir na nGearmánach, Theodor Leutwein, ar Samuel Maharero, ceannasaí na Herero. agus é ag iarraidh dul i gcomhchainteanna síochána leisean. Ba é barúil Leutwein go mbeadh na Herero agus na Gearmánaigh ag teastáil ó chéile i ndiaidh an éirí amach féin, nó bhí gá leis an dá dhream le heacnamaíocht na coilíneachta a choinneáil ag imeacht.
Sa Ghearmáin féin, áfach, shíl a lán, agus iad ag léamh na scéalta uafáis, nach raibh sa lucht ceannairce ach murdaróirí ar an daoraí, agus chuir siad i leith Leutwein go raibh sé róbháúil leis na 'Kaffen' - na Gormaigh. Chaill Leutwein an cheannasaíocht chogaidh agus tháinig an Leífteanant-Ghinearál Lothar von Trotha ina áit. Fear brúidiúil a bhí in von Trotha nach raibh ciall aige don taidhleoireacht, agus ba é a thuairim i leith mhuintir na hAfraice gur chóir iad a choinneáil faoi smacht le lámh láidir. Na hoifigigh airm a raibh taithí acu ar an Afraic, ní raibh muinín acu as von Trotha, agus iad inbharúla nach raibh ann ach gaisceoir. Ar an taobh eile de, bhí cuid mhór de na plandóirí i bhfearg mhór leis na Herero, agus díoltas ag teastáil uathu. Bhí siadsan breá sásta le ceapachán von Trotha.
Sa deireadh, chuir trúpaí von Trotha an-chath ar na Herero ag Waterberg i lár na hAfraice Thiar Theas. Bhí iomlán na Herero cruinnithe ansin, agus a gcuid beostoic acu ansin chomh maith. Bhí súil ag von Trotha le bua furasta, ach is éard a tharla ná go ndeachaigh a chuid saighdiúirí i bhfostú ar fad le mionscirmiscí leis na Herero. Sa deireadh, d’iompaigh von Trotha an cogadh ina chinedhíothú. D’eisigh sé ordú na Herero a mharú scun scan gan phríosúnach a dhéanamh d’aon duine acu, agus rinne na Herero iarracht cúlú go dtí an Bheachuanlann (inniu: an Bhotsuáin), coilíneacht de chuid na Breataine Móire ina raibh tearmann geallta dóibh. Fuair cuid mhór acu bás i bhfásach Kalahari agus iad ar a seachnadh ó na trúpaí Gearmánacha.
Tháinig Samuel Maharero, ceannasaí cogaidh na Herero, slán ó na Gearmánaigh sa Bheachuanlann. An chuid ba mhó de na Herero nach bhfuair bás san fhásach, murar lámhach trúpaí von Trotha iad, d’imtheorannaigh na Gearmánaigh i gcampaí géibhinn iad.
Sna sálaí ag an gcogadh seo, tháinig cuma nua ghránna ar shaol na hAfraice Thiar Theas. Ní raibh gá ag na plandóirí geala caidreamh a choinneáil leis na taoisigh dhúchasacha le tuilleadh tailte a cheannach. Mar sin, ba dóigh leo go raibh siad i dteideal a rogha rud a dhéanamh leis na hoibrithe feirme, agus ba mhinic a bheiridís ar an bhfuip le “ceacht a mhúineadh” do dhuine den lucht oibre.
D’athraigh an eacnamaíocht san Afraic Thiar Theas freisin. Sa bhliain 1908, thángthas ar dhiamaint sa choilíneacht, agus thonn sirtheoirí isteach ó gach taobh. Bhí rialtas na Gearmáine míshásta le ruathar seo na ndiamant, agus choisc siad an tsirtheoireacht phríobháideach i limistéar na ndiamant. D’fhág an rialtas an tsirtheoireacht agus an mhianadóireacht faoi ghnólacht mór amháin, Deutsche Diamantengesellschaft, nó Gnólacht Diamant na Gearmáine.
Tháinig borradh mór ar eacnamaíocht na coilíneachta faoi thionchar na ndiamant, ach is léir nár bhain na bundúchasaigh mórán leasa as: thosaigh na Gearmánaigh ag tabhairt vacsaíne dóibh, ach ní raibh cead isteach acu in otharlanna na nGeal. An dóigh a rabhthas ag caitheamh leis na bundúchasaigh, ní raibh sé ródhifriúil leis an apairtéid, an córas cinedheighilte a thabhaigh náire shaolta don Afraic Theas ní ba deireanaí.
Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, mhairseáil Arm na hAfraice Theas isteach san Afraic Thiar Theas Ghearmánach. Ba é sin ba deireadh do choilíneachas na Gearmáine sa taobh seo den Afraic, nó d’aithin na trúpaí Gearmánacha ar an toirt go raibh na hionsaitheoirí ní ba lionmhaire, agus iad gléasta i bhfad ní b’fhearr.
Amach ón Afraic Thiar Theas caitheann Guido Knopp súil ar an Afraic Thoir Ghearmánach - áit a bhfuil an Tansáin inniu - agus ar an Nua-Ghiné agus na hoileáin taobh thiar di, nach dtugadh na Gearmánaigh, go bunúsach, ach “Südseeinseln”, Oileáin na Mara Theas, orthu. Bhí coilíneacht amháin eile ag na Gearmánaigh san Afraic féin, an Tógólann in Iarthar na hAfraice, ach ní luaitear í i leabhar Knopp.
Cé nár mhair coilíneachas na Gearmáine san Afraic Thiar Theas ach tríocha bliain, tá a lorg le haithint ar an Namaib inniu féin. Labhraítear Gearmáinis sa tír i gcónaí, agus d’fheicfeá logainmneacha agus sráidainmneacha in áiteanna sa Namaib. Tagann nuachtáin Ghearmáinise i gcló, agus na páistí Gearmánacha ag freastal ar scoileanna dá gcuid féin. Scéal eile é go bhfuil rialtas na Namaibe ag iarraidh an Béarla a chur chun cinn mar theanga comhchumarsáide do chách, ós rud é gurbh í teanga na troda ar son na saoirse í. Go praiticiúil, áfach, bíonn an Ghearmáinis oifigiúil sna cathracha ina gcluintear go fairsing í.
Molaim leabhar Knopp d’aon duine a bhfuil Gearmáinis mheasartha aige agus é fiosrach faoin tréimhse seo sa stair. Tugann an leabhar eolas cuimsitheach faoin saol a bhí ag na Gearmánaigh sna coilíneachtaí agus faoin tionchar a bhí acu ar na bundúchasaigh. Is léir go gcuireann Knopp an coilíneachas Afracánach i gcoimhthéacs fairsing na staire, agus é ag tagairt don ról a bhí ag an gcoilíneachas agus ag ciníochas an choilíneachais i bhforbairt an Naitsíochais ní ba deireanaí.

Tá Panu Höglund scríbhneoir Fionlannach ar líne agus aistritheoir



Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links