Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An lámh cheilte a mhúnlaíonn eachtraí an domhain

Last update - Thursday, July 2, 2009, 15:53 By Gearóid Ó Colmáin

Tá sé fíordheacair a thuiscint céard a tharla san Iaráin cúpla seachtaine o shin. Dearfá go bhfuil sé ‘fíordheacair’ dá ndéanfá tagairt don gcaidreamh tioblóideach idir an Iaráin agus an domhan Iartharach ó tháinig Khomeini i gcumhacht i 1979 agus an cur isteach seasta na Stát Aonaithe agus na Breataine go háirithe ar pholaitíocht inmheánach na tíre.

Is miotas mór é go bhfuil mean cumarsáide saor againne san Eoraip. Is mean cumarsáide corparáideach, lúitéiseach ata i gceist don chuid is mó. Cuir i gcás, cé mhéad cláir faisnéise a chonaic tú san RTÉ nó BBC faoi stair an CIA mar shampla, agus na coup d’état frithdhaonlathach i ndiaidh coup d’état a rinne siad ar fud an domhain ó buníodh é i 1947?
Nuair a chuir an CIA agus an tseirbhís rúnda na Breataine Mohammad Mossadegh, uach-tarán daonlathach, as cumh-acht sa coup d’etat i 1953 (Operation Ajax), ní raibh aon iriseoirí sa domhan iartharach a rá go mbfhéidir go mbeadh an CIA thaobh thiar de, cé go raibh fhios acu céard a bhí ag tarlú.
Ag an am sin, bhí na meáin cumarsáide ar fud na Stát Aontaithe ag leathnú bolscaireacht i gcoinne an tAontais Sovéidigh. Toisc go raibh Mossadegh ag iarriadh ola na tíre, an chomhlacht British-Persian petroleum, a náisiúnú ionas go mbeadh an acmhainn nádúrtha sin i seilbh an phobail, bhí sé ina ‘chummanach’. 
Bhí láithreacht na Breataine an lag san Iaráin ó Réabhlóid Bunreachtúil i 1906. Mar gheall ar sin, ní raibh aon rogha acu ach glaoch a chur ar Na Stáit Aontaithe chun cabhair a fháil on CIA chun deireadh a chur ar Mhoss-adegh.
Ba chomoibríocht fhíoréirimúil í Operation Ajax. Bhain an CIA usáid as gach grúpa sa tír a bhí i gcoinne rialtais de Mhossadegh chun ciréibeacha a ghríosú. Fuair roinnt mullánna breab ón CIA chun a lucht leanúna a ghríosú. Chun eagla a chur ar na sluaite de dhaoine chráifeacha a bhí ag léirsiú sna sráideanna, chuir an CIA  grúpaí de ghníomhaithe ar na sráideanna chomh maith agus iad ag déanamh aithris ar chumannaigh! “Deireadh le Islam” an mana a bhí acu.
Sa deireadh d’imigh Mossadegh thar lear agus chuir an CIA an Shah ar ais. Sheol Washington Norman Schwarzkoph (sinsearch) chun SAVAK an tseirbhís rúnda cruálach a bhunú.
Cé go bhfuilim i bhfabhar na léirseoirí san Iaráin, táim in amhras faoi iontaofacht na meán cumarsáide anseo.  Níl ach ionadaithe bréagacha iad do pholaitaíocht an nua-liobrálachais don chuid is mó. Cuireann siad an bréag amach i gcónaí go bhfuil An Eoraip agus Na Stáit Aontaithe ag iarraidh ‘daonlathas’ agus ‘ saoirse’ a chothú ar fud an domhain; a mhalairt ar fad atá fíor! Mar sin, ní léiríonn siad choiche an lámh cheilte a mhúnlaíonn eachtraí an domhain.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links