Advertising | Metro Eireann | Top News | Contact Us
Governor Uduaghan awarded the 2013 International Outstanding Leadership Award  •   South African Ambassador to leave  •   Roddy's back with his new exclusive "Brown-Eyed Boy"  •  
Print E-mail

An ‘Ku Klux Klan’ i bpolaitíocht na Fionlainn

Last update - Wednesday, August 1, 2012, 15:28 By Panu Höglund

An ‘Ku Klux Klan’ i bpolaitíocht na Fionlainn


Shílfeá go mbeadh an saol socair suaimhneach go maith i bpolaitíocht na Fionlainne féin i lár an tsamhraidh, agus teachtaí ár bparlaiminte ar saoire, ach ní mar a shíltear a bhítear. Mar is gnách is iad na Fíor-Fhionlannaigh, tuath-ghríosóirí na tíre, a tharraing an callán is deireanaí. Bhuaigh an páirtí an t-olltoghchán le frásaí fuatha agus ciníochais, ach anois, tá ceist an euro i lár an aonaigh, agus an sean-Eoraisceipteach Timo Soini, cathaoirleach an pháirtí, ag baint leasa as an suíomh seo.
Cuireadh lucht an chiníochais i leataobh dá réir, rud nach dtaitníonn le gach duine acu. Mar sin, bíonn daoine acu ag iarraidh súil na ndaoine a tharraingt orthu féin le ráitis gharbha fhrith-Ioslamacha nó fhrith-Afracánacha. Ba é an Teachta Parlaiminte James Hirvisaari ba chúis leis an scannal deireanach, agus é ag déanamh glanaithris ar smaointeoireacht Anders Behring Breivik. Go bunúsach chuir sé ”lucht leanúna an ilchultúrachais” (is é sin, gach uile dhuine nach dtagann le dearcadh ciníoch a pháirtí féin) i gcomparáid le róbait nach féidir dul chun réasúin leo, agus é ag fógairt go bhfuil ”cogadh á chur” cheana féin.
Le fírinne bhí Hirvisaari ar an té ba mhó a mbeifeá ag súil lena leithéid uaidh, fiú i measc na bparlaiminteach Fíor-Fhionlannach. Tamall ó shin, thabhaigh sé dintiúirí an chiníochaí le blagmhír faoin teideal ‘Kikkarapäälle kuonoon’ – ‘Brisigí pus an chinn chataigh’. Is dócha gur féidir teachtaireacht na blagmhíre a aithint ar an gcinnlíne féin.
Is deacair gan guth Breivik a chluinstin taobh amuigh d’fhocail Hirvisaari. Rith comparáid eile leis an iriseoir Fionlannach de phór na hArgaintíne, Enrique Tessieri: rinne seisean staidéar ar bholscaireacht David Duke, príomhidé-eolaí Ku Klux Klan sna Stáit Aontaithe, agus ar ráiteas Hirvisaari in aice le chéile, agus tháinig sé ar an gconclúid go rachadh sé rite le haon duine iad a aithint thar a chéile ó thaobh na foclaíochta agus na smaointí de.
San Iorua féin chuaigh ionsaí sceimhlitheoireachta Bhreivik chomh domhain i gcion ar an tsochaí go léir is nach raibh lucht na heite deise radacaí féin in ann neamhshuim a dhéanamh den athrú atmaisféir. Is iomaí duine acu a tháinig ar mhalairt barúil agus an gheit a bhain na himeachtaí as. Mar a dúirt príomh-aire na hIorua Jens Stoltenberg, chuaigh an daonlathas i dtreise sa tír agus theip ar Bhreivik glanoscartha a chuid cuspóirí polaitiúla a chur i gcrích.
Scéal eile ab ea scéal na Fionlainne, ar ndóigh. Cé go raibh blagadóirí aonair, cosúil leis an staraí cogaidh Jussi Jalonen, ag obair go dian dásachtach leis an mbaint a bhí ag faicsean ciníochais na bhFíor-Fhionlannach le gréasáin idirnáisiúnta an ‘fhrith-jioháid’ a nochtadh don tsaol mhór, bhí lucht na nuachtán fíorleisciúil ag seachadadh na bhfíricí seo dá gcuid léitheoirí. Mar sin, ní raibh diospóireacht cheart phoiblí ann riamh faoi choinscleo na heite deise antoiscí i saol polaitiúil na Fionlainne ná faoin nasc a bhí ag an dream seo le Breivik.

Aistritheoir agus teangeolaí é Panu Petteri Höglund a d’fhoghlaim Gearmáinis, Polainnis agus Rúisis in Ollscoil Åbo Akademi san Fhionlainn.


Latest News:
Latest Video News:
Photo News:
Pool:
Kerry drinking and driving
How do you feel about the Kerry County Councillor\'s recent passing of legislation to allow a limited amount of drinking and driving?
0%
I agree with the passing, it is acceptable
100%
I disagree with the passing, it is too dangerous
0%
I don\'t have a strong opinion either way
Quick Links